Céard é ‘overparenting’ a Mhamaí, agus cén Ghaeilge atá air?

Agus céard faoin tíogarmháthair, an chéachta sneachta, nó an greamachán?

Céard é ‘overparenting’ a Mhamaí, agus cén Ghaeilge atá air?

‘Ar chuala tú an focal ‘overparenting’ riamh, Mamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom an lá cheana. Bhí mé i mo shuí ag bord na cistine ag ól cupán tae agus ag cuimhneamh ar cheann eile a bheith agam.

Bhuel, is fíor go raibh mé ag ól tae, ach is éard a bhí ar bun agam dáiríre ná ag caint liom féin (ní raibh mé ag caint liom féin os ard, dála an scéil, níl mé imithe baileach chomh dona sin, fós).

Ag iarraidh spreagadh éicint a mhúscailt ionam féin a bhí mé, chun aghaidh a thabhairt ar na soithí agus ar ghlanadh an bhoird théis an dinnéir. Ní dhéanfainn cóitseálaí maith, sílim.

Nuair nár éirigh leis an óráid spreagúil inmheánach, shíl mé go mbainfinn iarracht as an ugach seachtrach. ‘Cupán amháin eile tae,’ a chuimhnigh mé, ‘agus buailfidh mé faoi ina dhiaidh sin, cinnte.’

‘Tá an focal ‘overparenting’ cloiste agam cheana,’ a d’fhreagair mé, agus imní orm go raibh mé ag siúl isteach sa tsáinn. Agus meas tú cén uair a d’athraigh an focal ‘tuismitheoir’ ó ainmfhocal go briathar?

Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘overparenting’ ar aon chaoi? Tuismitheoireacht thar barr? Róthuismitheoireacht? Thar-fóir-tuismitheoireacht?

‘Cár chuala tusa caint air?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘Níl a fhios a’m…’ a dúirt sí ar nós cuma liom. ‘Ar chlár éicint, is dóigh.’

‘Céard a chiallaíonn sé, ar aon chaoi?’ a d’fhiafraigh sí.

Thóg sé scaitheamh orm freagra a chur ina chéile. Ar ionann í  agus an tuismitheoir héileacaptair? Céard faoin tíogarmháthair, an chéachta sneachta, nó an greamachán?

‘Is dóigh,’ a deir mé, le barr críonnachta, ‘tuismitheoir a bheadh ag faire ar a gcuid páistí chuile nóiméad. Rud éicint mar sin atá i gceist leis, sílim.’

‘Ó!’ a deir sí agus an chuma uirthi go raibh freagra tugtha agam ar cheist rúnda eile a bhí aici féin nár chuir sí orm os ard.

‘Cén fáth a raibh tú ag iarraidh é sin a fháil amach?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘Fáth ar bith,’ a dúirt sí ar dtús, ansin stop sí ag caint ar feadh meandair. ‘Bhuel, tá mé a cheapadh go mb’fhéidir gurb in a bhíonn tusa agus Daidí a dhéanamh orainne.’

‘Ó!’ a dúirt mé, agus bainte siar asam. ‘An gceapfá dáiríre?’ a dúirt mé agus amhras ag teacht orm. Más tada é, cheap mé gur fothuismitheoireacht a bhí ar bun agam, tuismitheoireacht faoi bhun an phar.

Sa lá atá inniu ann, níl aon teorainn leis na téarmaí atá ann don ‘tuismitheoir’. Má bhíonn na páistí beaite, glan (nó sách glan) agus go mbíonn tú lách leo is grá agat dóibh is go bhfuil a fhios acu é sin, an leor sin? Nó an leor rud ar bith i ré seo na féinanailíse?

Céard faoin tuismitheoir atá sórt leath bealaigh, maith go leor (an rannóg ina bhfuilim féin, sílim)? Nó an róthuismitheoireacht agus fothuismitheoireacht, ar fad anois í?

Bheadh orm cupán tae eile a bheith agam agus mo mhachnamh a dhéanamh ar an gceist.

‘Tabharfaidh mise overparenting daoibh go gearr, mura mbeidh an lego seo bailithe,’ a deir Fear an Tí ag leathmhagadh, agus é tosaithe ar an nglanadh.

‘Sin é an sórt rud atá i gceist agam,’ a deir Beainín na Naíonáin Bheaga agus í ag gáire.

Fág freagra ar 'Céard é ‘overparenting’ a Mhamaí, agus cén Ghaeilge atá air?'