Céard é an difríocht is mó idir gasúr agus duine fásta?

Tá lúcháir, ríméad agus gliondar ar an duine óg na laethanta seo

Céard é an difríocht is mó idir gasúr agus duine fásta?

Tá a fhios ag chuile dhuine go bhfuil difríochtaí móra idir daoine óga agus daoine fásta. Ach céard é an difríocht is mó atá eatarthu?

Tá na gasúir óga níos lú go fisiciúil ach ní hé sin an difríocht is mó. Ná ní hé an difríocht is mó go mbíonn na gasúir dúghafa le jócanna faoi bhromanna ná go bhfuil cumas scanrúil acu spúnóga móra siúcra a ithe amach as an mála gan titim i gcóma diaibéiteach.

Difríochtaí móra iad sin uilig gan amhras.

Ach an difríocht is mó uilig atá idir páistí agus daoine fásta ná an lúcháir, ríméad agus gliondar a bhuaileann an duine óg maidin lá seaca le hais an ghráin, gruaim agus briseadh croí a bhuaileann an duine fásta.

‘Mamaí! Éirigh, éirigh!’ a  bhéic an Babaí orm maidin an lá cheana agus méaracha fuachta ag sleamhnú isteach trí bhearnaí beaga an tí.

‘Fan go bhfeicfidh tú an sneachta,’ a deir sé agus é deargleicneach ag an bhfuacht théis a bheith amuigh ar chúl an tí.

‘Tá liathróid sneachta déanta agam,’ a deir sé agus chroch sé muigín a bhí lán le sioc suas faoi mo shrón. Thóg sé an inspioráid don mhuigín seaca óna chara sna naíonáin mhóra a raibh sé de chruthaitheacht ann an sioc ar na claíocha a scríobadh le chéile le spúnóg in iarracht liathróid sneachta a dhéanamh.

Thug mé sracfhéachaint síos sa muigín, ba gheall le m’éadan a sháigh isteach sa reoiteoir é an fuacht ag éirí aníos as agus é tosaithe ag leá. Bhí mé dúisithe go maith aige.

‘An bhfuil tú ag iarraidh troid liathróidí sneachta a bheith agat?’ a d’fhiafraigh sé díom ansin.

‘Ar ball, b’fhéidir,’ a deir mé ag guí go mbeadh chuile shórt leáite faoin am go dtiocfadh ‘ar ball’ is nach mbeadh orm an tráthnóna a chaitheamh ag scríobadh seaca de na ballaí le spúnóg.

D’oscail mé dallóga na fuinneoige. Chaithfinn géilleadh go raibh áilleacht inár dtimpeall. Ní raibh an tuairisc aimsire a bhí faighte agam ón mBabaí baileach cruinn, ní raibh aon sneachta ann ach bhí bratach seaca tite thar oíche is bhí an tsráid faoi shíocháin is suaimhneas. B’álainn an radharc é faoi sholas biorach an gheimhridh maidin seaca.

Is chuimhnigh mé ar ghuí an duine óig. Paidir a bhí agam féin tráth, ag guí, ag guí ag iarraidh sneachta. Ag iarraidh dúiseacht ar maidin is siúl amach an doras agus meall mór sneachta a bheith amach romhat.

‘An bhfaca tú an bullán seo?’ a deir an Babaí níos deireanaí agus muid amuigh.

‘Wow,’ a deir mé, ‘tá sé iontach.’ Bhí sé ag sleamhnú anonn is anall ar sclaig dhá throigh ar leithead a bhí reoite. Is maith iad na poill sna bóithre.

Bhí mé fhéin thall ar an gcosán agus lámh leagtha ar an gclaí agam le faitíos go dtitfinn is go mbrisfinn rud éicínt.

‘Tabhair seans domsa ar an mbullán!’ a deir an Cailín Mór Beag leis an mBabaí. ‘Tá tusa air le fada.’

Dhiúltaigh an Babaí corraí.

‘Ok mar sin,’ a deir sí agus í á socrú féin don ionsaí ar a scútar bándearg.

‘B’fhearr duit imeacht agus deis a thabhairt di,’ a mhol mé dhó.

‘Beidh mé alright,’ a deir sé.

‘Geronimo!’ a bhéic sí agus thosaigh ag scútáil ina threo agus í ag baint lasracha as an mbóthar.

Fág freagra ar 'Céard é an difríocht is mó idir gasúr agus duine fásta?'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-ghrinn ar fad :-)