Céard ba cheart súil a choinneáil amach dó le linn an deireadh seachtaine mór spóirt

Super Bowl 50, tús Chomórtas na Sé Náisiún agus cluichí tábhachta sraithe sa pheil agus i bPríomhroinn Shasana. Neart ábhar cainte againn roimh an deireadh seachtaine

Bainisteoir na Shasana, Eddie Jones. INPHO/Andrew Fosker
Bainisteoir na Shasana, Eddie Jones. INPHO/Andrew Fosker

Ré nua le tosú i Sasana agus sa Fhrainc

go bhfuil aird phobal na tíre seo ar chluiche na hÉireann in aghaidh na Breataine Bige ar an Domhnach, is fiú súil a choinneáil ar chluichí an tSathairn chomh maith, go háirithe agus beirt bhainisteoirí nua ag cur tús lena n-aistir.

Is i bPáras a chuirfear tús le réimeas Guy Noves mar bhainisteoir na Fraince. Aithnítear go bhfuil Noves ar dhuine de na bainisteoirí is rathúla a bhí ann riamh i gcomórtas na gclubanna san Eoraip agus an Heineken Cup buaite ceithre huaire aige le Toulouse. Agus a sáith ag daoine den stíl chosantach, fhisiciúil a bhí mar chur chuige ag Philippe Saint André, tá geallta ag Noves go bhfillfidh an Fhrainc ar an stíl ionsaitheach ba dhual dóibh riamh.

Murab ionann agus Noves, is léir go bhfuil Eddie Jones chun cloí leis an bhfisiciúlacht a bhí mar thréith ag foirne Shasana i gcónaí agus Dylan Hartley ainmnithe mar chaptaen aige. Ba é an meon a bhí ag Stuart Lancaster ná fanacht glan ar imreoirí a chaillfeadh an chloigeann ar an bpáirc. Agus Hartley, fear a bhfuil breis agus bliain caite aige ar fionraí roghnaithe ag Jones mar chaptaen, is léir go bhfuil an bainisteoir nua ag iarraidh athmhúscailt a dhéanamh ar chuid den nimh a bhíodh in imirt na Sasanach.

amhras ann faoin mbeirt bhainisteoirí i gcónaí, go háirithe Noves. Meastar go bhfuil a chuid modhanna oibre seanfhaiseanta faoin tráth seo agus gur ródhéanach a bronnadh an deis seo air. Tá deis aige freagra a thabhairt ar lucht a cháinte an deireadh seachtaine seo.

Bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice. INPHO/Lorraine O’Sullivan
Bainisteoir Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice. INPHO/Lorraine O’Sullivan

Níl aon chúis scanraidh fós, ach bheadh sé go deas bua a fháil an deireadh seachtaine seo

Rachaidh Ros Comáin chomh fada le Cill Airne an Domhnach sa chluiche is suimiúla a imreofar i Roinn 1 an deireadh seachtaine seo. An tseachtain seo caite, bhí Ros Comáin ag imirt a gcéad chluiche sa phríomhroinn le 13 bliain anuas, ach chlis orthu in aghaidh Mhuineacháin sa nóiméad deireanach agus sciobadh uathu dhá phointe thábhachtacha sraithe dá bharr.

Ba é an easpa taithí ar chluichí crua mar seo an rud is mó a chuir as do Ros Comáin ach ma tá obair le déanamh acusan, is cinnte gur féidir an rud céanna a rá faoi fhoireann Éamoinn Fitzmaurice.

Lagthaispeántas a thug Ciarraí uathu bPáirc an Chrócaigh an Satharn seo caite. Cé nach raibh ach sé chúilín de bhearna idir iad féin agus Baile Átha Cliath, rinne an fhoireann bhaile praiseach den iliomad deiseanna ar chúil a bhí acu.

go bhfuil sé róluath a rá cé hiad na foirne atá i mbaol ísliú céime a fháil i mbliana, breathnaíonn sé gurb iad An Dún, ar thug Dún na nGall greadadh dóibh an tseachtain seo caite, agus Maigh Eo, a bhfuil scata imreoirí in easnamh orthu agus Baile Átha Cliath rompu an deireadh seachtaine seo, is mó atá i mbaol. Beidh pé foireann a chailleann i gCill Airne Dé Domhnaigh sa chás céanna leo.

Ceathrúchúlaí na Denver Broncos, Peyton Manning.
Ceathrúchúlaí na Denver Broncos, Peyton Manning.

An éireoidh le Peyton an fód a sheasamh in aghaidh na n-ógánach?

“This might be my last rodeo.” Sin a bhí le rá ag Peyton Manning le Bill Belichick tar éis do Manning agus na Denver Broncos an ceann is fearr a fháil ar na New England Patriots coicís ó shin. Chinntigh an bua sin áit do na Broncos sa Super Bowl, atá ar siúl Dé Domhnaigh, agus an chuma ar chúrsaí nach bhfeicfear go deo arís Peyton Manning ag imirt ag an leibhéal seo.

Áirítear Manning ar cheann de na ceathrúchúlaithe is fearr a bhí riamh ann san NFL ach ní raibh rudaí chomh bog sin aige le cúpla bliain anuas. Bhí ar tí éirí as nuair a bhí ar dul faoi scian arís mar gheall ar dhroch-ghortú muiníl. Cé gur tháinig sé chuige féin agus gur shroich sé an Super Bowl i 2014, thit an tóin as a fhoireann sa chluiche sin in aghaidh na Seattle Seahawks.

Tá Russell Wilson, a bhí mar cheathrúchúlaí ag na Seahawks an lá sin agus é 25 bliain d’aois, ar dhuine de na ceathrúchúlaithe is óige a bhuaigh an Super Bowl riamh. An Domhnach seo, is é Cam Newton, atá 26 bliain d’aois, a bheidh mar cheathrúchúlaí na Panthers. Tá Manning agus Newton an-éagsúil óna chéile agus baineann Newton le glúin imreoirí óga aclaí atá compordach leis an stíl imeartha atá á chleachtadh faoi láthair. Feicfimid ar an Domhnach an bhfuil speach sa seanfhear fós.

Fág freagra ar 'Céard ba cheart súil a choinneáil amach dó le linn an deireadh seachtaine mór spóirt'