Céard ba cheart a bheith san airdeall air i gcluiche na hÉireann i gcoinne na Fraince?

Na Francaigh sa tóir ar Sexton, ionradh Éireannach á dhéanamh ar Cardiff, buntáiste na nÉireannach agus an cath fisiciúil

2015 Rugby World Cup Group D, Olympic Stadium, London, England 4/10/2015 Ireland vs Italy IrelandÕs Johnny Sexton and Tommy Bowe Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
©INPHO/James Crombie

Na Francaigh ag díriú ar Sexton

Anois agus a seal sa Fhrainc tagtha chun deiridh, is léir go bhfuil meáin na Fraince agus a chuid iar-chomhghleacaithe ag díriú níos mó ar lochtanna Johnny Sexton ná mar a bhí roimhe seo. I gceann de na nuachtáin an tseachtain seo, rinne siad comparáid idir Sexton agus Zlatan Ibrahimovic, imreoir sacair a bhfuil cáil air mar gheall ar a bheith ag titim amach lena chomhghleacaithe.

Tá seachtar ó Racing Metro, iarfhoireann Sexton, ar phainéal na Fraince do Chorn an Domhain, agus thapaigh cuid acu an deis labhairt ar lochtanna an leathchúlaí chomh maith. Dar le Eddy Ben Arous, bíonn Sexton mall ag fáil réidh leis an liathróid, tréith a mbeidh Ben Arous ag iarraidh teacht i dtír air inniu.

Ní minic a bheadh foirne ag díriú ar fhear atá aitheanta mar an t-imreoir is fearr atá ag na hÉireannaigh, ach tá sé anois mar dhúshlán ag Sexton freagra a thabhairt ar na Francaigh. Bhí sé ag streachailt, fearacht gach duine eile, i gcoinne na hIodáile an tseachtain seo caite ach má tá muid chun an Nua-Shéalainn a sheachaint sa chéad bhabhta eile, beidh taispeántas mór ag teastáil uainn ó Sexton.

2015 Rugby World Cup Group D, Millennium Stadium, Cardiff, Wales 19/9/2015 Ireland vs Canada Irish fans before the match Mandatory Credit ©INPHO/Billy Stickland
©INPHO/Billy Stickland

Cardiff ina chathair ghlas an lá seo

Agus an cluiche i gcoinne na hIodáile idir dhá cheann na meá an tseachtain seo caite, tharla rud aisteach i measc an tslua. Cé nach raibh ach trí phointe ag scaradh na bhfoirne agus Éire i mbaol, thosaigh ‘Mexican Wave’ in ardáin an Olympic Stadium.

Anois, agus a gcuid airgid féin caite acu ar thicéid, is féidir leis an slua a rogha rud a dhéanamh ach ní rud é a fheiceann tú go minic ó lucht tacaíochta na hÉireann, go háirithe nuair atá a bhfoireann i dtrioblóid ar an bpáirc.

Agus cluiche na deireadh seachtaine seo i gCardiff ag druidim linn, cathair a bhfuil cion ar leith ag a muintir ar an rugbaí, níor cheart go mbeadh an fhadhb chéanna ann má tá spreagadh ag teastáil ó imreoirí na hÉireann. Bheifeá ag súil go mbeadh buntáiste sách mór acu ó thaobh lucht leanúna, agus is beag rud mar sin nach cuidiú é i gcluiche tábhachtach cosúil leis an gceann seo.

Ireland Rugby Squad Training, Surrey Sports Park, Guilford, Surrey, England 30/9/2015 Head Coach Joe Schmidt Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
©INPHO/Dan Sheridan

An lámh láidir ag na hÉireannaigh?

Ní minic a théann foireann na hÉireann isteach i gcluiche i gcoinne na Fraince mar rogha na coitiantachta, ach sin é atá romhainn an deireadh seachtaine seo. Ó cuireadh Philippe Saint-André i bhfeighil ar an Fhrainc i 2012, tá seal tubaisteach caite aige i gceannas ar an bhfoireann.

Faoi cheannas Saint-André, níor chríochnaigh na Francaigh níos airde ná an ceathrú háit i gCraobh na Sé Náisiún. Sa cheithre chluiche a d’imir a chuid foirne i gcoinne na hÉireann, níl oiread agus ceann acu buaite ag ‘Les Bleus’. Chríochnaigh na foirne ar comhscór i 2012 agus 2013 agus, tá an dá chluiche atá imeartha eatarthu ó ceapadh Joe Schmidt buaite ag Éirinn.

Ní shin le rá, áfach nach mbeidh orainn a bheith aireach i gcoinne na Fraince; is foireann iad ar féidir leo taispeántas maith a thabhairt gan choinne, go háirithe i gCorn an Domhain. Ar a shon sin, caithfidh imreoirí na hÉireann muinín a bheith acu de bharr na dtorthaí idir na foirne le cúpla bliain anuas agus a chreidiúint gurb iad an foireann is láidre. Tá an spreagadh sin ag teastáil má tá siad ag iarraidh taispeántas ar nós cheann na seachtaine seo caite a sheachaint.

Ireland Rugby Squad Training, Celtic Manor Resort, Newport, Wales 7/10/2015 Peter O'Mahony Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
©INPHO/Dan Sheridan

Gheobhaidh neart an ceann is fearr ar scil sa cheann seo

Dar le Simon Zebo, is féidir le hÉirinn na Francaigh a bhualadh le scil agus fuadar má tá sé sin ag teastáil uathu ach, cé go bhfeilfeadh an stíl sin fear na Mumhan, is beag seans go bhfeicfimid cluiche oscailte tráthnóna.

Cé go mbeadh sé deacair againn a bheith chomh neamhéifeachtach agus muid ag dul chun cinn agus a bhí muid i gcoinne na hIodáile, níl tada feicthe againn ó Joe Schmidt a thabharfadh le fios go bhfuil sé chun treoir a thabhairt do na himreoirí rugbaí breá ionsaitheach a imirt an deireadh seachtaine seo.

Is coimhlintí géar, crua a bhí sna cluichí i gcoinne na Fraince, go háirithe le cúpla bliain anuas nuair a chuimhnítear ar leithéidí Mathieu Bastareaud (19 cloch) sna cúlaithe agus an prapa Uini Antonio (23 cloch) ar an bpáirc ag an Fhrainc.

Beidh áthas ar Tommy Bowe go bhfuil áit faighte an athuair aige ar fhoireann na hÉireann ach b’fhéidir nach bhfeicfidh sé go leor den liathróid inniu agus na foirne ag iarraidh an freasúra a chloí le neart seachas le luas.

Gach seans gurb é an deis is fearr a bheidh ag fear Mhuineacháin scóráil sa chluiche seo ná breith ar chic amach go dtí an cliathán ó Sexton.

Fág freagra ar 'Céard ba cheart a bheith san airdeall air i gcluiche na hÉireann i gcoinne na Fraince?'