Cén fáth gur baineadh den aer le gairid an fógra teilifíse seo…?

Tá dlíthe á gcur i bhfeidhm ag rialtas fíorchoimeádach na Polainne a chuireann srian le saoirse na meán, saoirse an duine agus le smacht na Cúirte Bunreachtúla ar an rialtas. Agus ní féidir leis an Aontas Eorpach mórán a dhéanamh faoi

Baineadh den aer le gairid an fógra teilifíse seo de chuid Roinn Comhshaoil na Polainne, ina gcuirtear iachall ar mhuintir na tíre sin bruscar a scagadh.

An bhfeiceann tú an fhadhb?

An bhfuil an fhadhb aimsithe agat? Níl? Tabharfaidh mé an freagra duit, mar sin: duine aerach is ea é Maciej Nowak, an t-aisteoir a bhfuil páirt an tseanfhir aige san fhógra.

Bhí tacaíocht á tabhairt san fhógra teilifíse, le hairgead an stáit, d’idé-eolaíocht inscne.

Fan soicind. ‘Idé-eolaíocht inscne’?

Is ea, idé-eolaíocht inscne. Sin é a thugann eite dheis na Polainne ar rud ar bith nach bhfuil ‘díreach’ agus nach bhfuil glacadh leis ag an eaglais Caitliceach, atá fíorláidir sa tír. Agus tá an ghráin dhearg ag an bpáirtí PiS (Páirtí an Dlí agus an Chirt), a tháinig i gcumhacht i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite agus a bhfuil tromlach glan aige sa pharlaimint, ar an idé-eolaíocht inscne céanna.

Féach a raibh le rá ag an Aire Comhshaoil, Jan Szyszko, faoin gcinneadh an fógra teilifíse a bhaint den aer:

“Tá an Roinn Comhshaoil dírithe go láidir ar chosaint fhéiniúlacht na Polainne, luacha na Polainne agus ar na cúrsaí is tábhachtaí don Pholainn: cosaint an teaghlaigh agus ár bhféiniúlachta cultúrtha atá fite fuaite leis an oidhreacht Chríostaí.”

Gan trácht ar an athrá, nach gceapfadh duine gur chosaint na timpeallachta an chloch is mó ba cheart a bheith ar phaidrín na Roinne Comhshaoil?

Faraor, níl sa scéal faoin bhfógra teilifíse sin ach sampla amháin den ghreim scornaigh atá á fháisceadh ar shochaí na Polainne ag rialtas Pháirtí an Dlí agus an Chirt. Ó tháinig an páirtí i gcumhacht, tá dlí curtha i bhfeidhm a chuireann ar chumas an rialtais a ladar a chur isteach sna mórmheáin, rud a chuirfidh srian le saoirse an phreasa. D’éirigh mórphearsana éagsúla teilifíse as a bpost mar agóid i gcoinne an dlí nua. Lena chois sin, tá dlí eile á chur i bhfeidhm a dhéanfas athchóiriú ar an gCúirt Bunreachtúil; an toradh a d’fhéadfadh a bheith air sin ná nach mbeadh smacht a thuilleadh ag an gcúirt sin ar an rialtas.

Ní raibh tromlach chomh mór agus atá ag Páirtí an Dlí agus an Chirt i bparlaimint na Polainne faoi láthair ó tháinig deireadh leis an réimeas cumannach sa bhliain 1989. Ach ní hionann sin is a rá gur chaith gach uile Pholannach vóta don pháirtí fíorchoimeádach seo. Go deimhin, le seachtainí anuas, tá na scórtha míle Polannach ag tabhairt aghaidh ar na sráideanna chun a míshástacht leis an rialtas a chur in iúl.

Ní mó ná sásta atá an Eoraip faoin scéal ach an oiread. An mhí seo, chuir Coimisiún na hEorpa tús le staidéar oifigiúil féachaint an bhfuil bunphrionsabail an daonlathais á sárú ag dlíthe nua na Polainne.

Ach má dheimhnítear gur amhlaidh atá i ndáiríre, is baolach nach mbeidh an Eoraip in ann mórán a dhéanamh faoi. Nuair a tháinig an Pholainn agus tíortha eile in oirthear na hEorpa isteach san Aontas sa bhliain 2004, bhí ar na tíortha sin glacadh le bunphrionsabail áirithe – bunphrionsabail a d’fhéadfadh a bheith á sárú ag an bPolainn anois. An fhadhb, áfach, ná nár dearnadh aon socrú docht ag an am faoina ndéanfaí dá sáródh ballstát bunphrionsabail an Aontais.

Go teoiriciúil, is féidir cearta vótála a bhaint ó bhallstát a sháraíonn bunrialacha an Aontais. Ach chuige sin, chaithfeadh na ballstáit eile ar fad cinneadh a thógáil d’aon ghuth a leithéid de phionós a chur i bhfeidhm. Agus is deacair a shamhlú go dteastódh ó na ballstáit eile cinneadh achrannach den chineál sin a tharraingt sa mhullach orthu féin – go háirithe agus todhchaí an Aontais Eorpaigh i mbaol cheana féin de bharr ghéarchéim na dteifeach, dúshlán na sceimhlitheoireachta agus baol an Brexit.

Tá an chosúlacht ar an scéal, mar sin, go mbeidh ar fhreasúra na Polainne fanacht ar an gcéad toghchán eile. Idir an dá linn, áfach, ba cheart don Aontas Eorpach dianmhachnamh a dhéanamh faoin gcás seo agus na ceisteanna bunúsacha a eascraíonn as.

Fág freagra ar 'Cén fáth gur baineadh den aer le gairid an fógra teilifíse seo…?'

  • Glór Í Eo

    Nuair a bhíonn an lag trá eacnamaíochta istigh, bíonn na lucha faisisteacha ag rince. Ar ais ag na 30í linn agus coinnigh súil ar Herr Trumpallán i Meiriceá!