Céard atá i ndán don eite chlé más rialtas den eite dheis atá romhainn?

Gan na ceardchumainn tá an eite chlé lagaithe as cuimse

Céard atá i ndán don eite chlé más rialtas den eite dheis atá romhainn?

Tá gach cosúlacht ann anois go ndéanfaidh Fianna Fáil agus Fine Gael socrú le chéile le rialtas a chur ar bun, in éineacht leis na Glasaigh más féidir, nó leis na neamhspleáigh sin a thagann a bhfuil mianach Fhianna Fáil nó Fine Gael iontu.

Ní bheidh sé éasca an beart sin a chur trí Ardfheis Fhianna Fáil agus is cosúil go bhfuil Fine Gael ag baint taitnimh go fóill as daoine a bheith atá ag sodar ina ndiaidh. Mar sin féin tá an dá pháirtí meáite ar gan ligean do rialtas de chuid na heite clé teacht i gcumhacht.

Chun a leithéid a bhaint amach bheadh sé riachtanach go staonfadh ceann den dá pháirtí sin, agus is léir nach ndéanfaidh ceachtar acu a leithéid.

Déanfar a lán cainte faoi dhearcadh nua a bheith ag Fianna Fáil agus Fine Gael, ach is deacair a shamhlú go mbeadh siad sásta nó in ann briseadh leis an nós tús áite a thabhairt do earnáil phríobháideach agus do mhianta eacnamaíochta lucht an rachmais.

Cá bhfágfaidh an scéal sin na páirtithe ar an eite chlé, nó iad siúd a vótáil ar son athrú ó bhun ar pholasaithe an stáit?

Le fada an lá bhíodh caint ardnósach sna meáin faoi ‘pholaitíocht na hEorpa’ ina raibh deighilt shoiléir idir an eite dheis agus an eite chlé ann. Bhuel, sin í an pholaitíocht atá abhus againn anois.

Ach an mbeadh tionchar níos mó agus níos eagraithe ag an eite chlé dá dtiocfaidís le chéile?

Cinnte, ní hionann na tosaíochtaí atá acu ar fad, go háirithe maidir le hathaontú na tíre agus oidhreacht chogadh na saoirse. Creidimse gur difríochtaí iad sin atá tábhachtach do na páirtithe féin seachas do na vótóirí.

Bíodh is nach bhféadfadh na páirtithe go léir ar an eite chlé teacht le chéile mar aonad, ní hionann sin is a rá nach bhféadfaidís comhoibriú go gníomhach le chéile.

Ach cé hiad an eite chlé? Go traidisiúnta ba iad sin na páirtithe a labhair, nó a thug le fios gur labhair siad, thar ceann an lucht oibre. An féidir a rá gur páirtí ar an eite chlé é Páirtí an Lucht Oibre, tar éis dóibh loiceadh chomh mór agus chomh hoscailte sin ar an aicme oibre nuair a bhí siad i rialtas?

Sea, tá nasc acu i gcónaí, más ar éigean féin é, leis na ceardchumainn, agus le SIPTU go háirithe, ach tá siad ag diúltú glan aon bhaint a bheith acu le comhghuaillíocht den eite chlé nó leis an iarracht le rialtas de chuid na heite clé faoi cheannas Shinn Féin a chur ar bun.

Agus na Glasaigh? Páirtí meánaicmeach den chuid is mó iad gan dabht, ach páirtí iad freisin atá ag iarraidh athrú bunúsach a chur i bhfeidhm ar an gcaoi a ndéantar cúrsaí eacnamaíochta a bhainistiú i bhfianaise ghéarchéim na haeráide. Mura páirtí ar an eite chlé féin iad, tá seans gur páirtí iad a sheasfadh leis an athrú bunúsach atá ag teastáil ó an-chuid vótóirí.

Má tá freasúra aontaithe ar an eite chlé le cruthú, caithfidh sé a bheith oscailte do chuile pháirtí atá ag iarraidh briseadh le polasaithe an rachmais atá ag Fianna Fáil is Fine Gael. Áirítear orthu sin – Páirtí an Lucht Oibre, Comhaontas Glas, Sinn Féin, na Daonlathaigh Shóisialta, Neart le Chéile, Pobal Seachas Brabús is neamhspleáigh eile den eite chlé.

Ach ní hiad na páirtithe amháin a chruthóidh aontas ar an eite chlé. Is iad na ceardchumainn a bhunaigh Páirtí an Lucht Oibre an chéad lá riamh, ach tá na ceardchumainn is eagraíochtaí an lucht saothair imeallaithe ar fad anois ón bpolaitíocht. Más fúinn eite chlé fhorásach a bheith againn, caithfear iarracht a dhéanamh na ceardchumainn a thabhairt ar bord. Chomh maith leis na heagraíochtaí pobail, is na heagraíochtaí sin ar fad a bhíonn ag díriú ar shainsprioc ar leith.

Ó tharla gurb é Sinn Féin an páirtí is mó go mór ar an eite chlé, is orthusan atá an dualgas a bheith chun tosaigh san iarracht seo. D’fhéadfaidís forógra a chur os comhair na bpáirtithe, na gceardchumann is na n-eagraíochtaí pobail maidir le réimsí éagsúla gnímh – tithíocht (plean cuimsitheach le tithíocht shóisialta a thógáil), sláinte (plean le leapacha a chur ar fáil agus cúram príomhúil a mhaoiniú), forbairt tuaithe, cúrsaí iompair is cúrsaí aeráide.

Dá bhféadfaidís teacht ar aontú faoi straitéis den chineál seo bheadh an eite chlé ábalta dul i mbun troda agus bheadh deis mhaith acu an dóchas sin a bhí ag na vótóirí, go gcuirfí athrú i bhfeidhm, a choinneáil beo is a threisiú is a chothú go forleathan.

Tiocfaidh ceisteanna deacra chun tosaigh cinnte. Cén chaoi, mar shampla, a dtabharfar faoi athaontú na tíre? Ní mór tosú ar an ullmhúchán dó sin chomh luath agus is féidir.

Beidh gá freisin le scrúdú ionraic ciallmhar a dhéanamh ar chaidreamh na hÉireann leis an Aontas Eorpach, mar ag deireadh thiar ní mór an cheist a chur, an féidir linn dul chun cinn a dhéanamh maidir le sochaí shóisialach a chruthú má tá muid srianta ag rialacha an AE atá ansin le stop a chur le hiarrachtaí den chineál sin. Níl ort ach féachaint ar Chonradh Maastricht agus an Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach.

Agus thar aon rud eile, caithfidh ceist na Gaeilge a bheith lárnach in aon chomhaontú a dhéanfaí ar an eite chlé agus caithfear deireadh a chur go deo leis an nós ár dteanga a bhrú ar an imeall nó neamhaird ar fad a thabhairt orainne, pobal a labhartha.

Fág freagra ar 'Céard atá i ndán don eite chlé más rialtas den eite dheis atá romhainn?'