Cé go raibh Nicola Sturgeon faoi bhrú le tamall agus éidreoir áirithe le tabhairt faoi deara i bpolaitíocht na hAlban, tháinig an cinneadh go n-éireodh sí as oifig aniar aduaidh ar an saol mór.
Bhí scéal an trasinscneachais ina chonspóid mhór ar ndóigh, agus thug an reachtaíocht a thug sí isteach i dtaobh féinaithint inscneach uirlis argóna dóibh siúd atá naimhdeach don SNP is don neamhspleáchas.
Go deimhin bhí a lán san SNP nach raibh róchompordach leis an reachtaíocht chéanna agus is cosúil nach bhfuil vótóirí na hAlban róthógtha léi ach an oiread.
Ghlac rialtas Westminster leis an deis an reachtaíocht a chur ar ceal ar an tuiscint go mbeadh cuid mhaith de mhuintir na hAlban ag aontú leo faoin ábhar.
Ach ar ndóigh, is é an rud a rinne dochar do Sturgeon ná cás an fhir a ciontaíodh in éigniú mná ach a d’fhógair ina dhiaidh gur bean é féin. Cuireadh go príosún na mban ar dtús é mar gheall gur aithin sé féin faoin dlí gur bean é, agus bhí sé ina raic láithreach.
Ba chiotaí fós an chuma a bhí ar an scéal nuair a cuireadh go príosún na bhfear ansin é agus Sturgeon ag diúltú a rá cé acu bean nó fear a bhí ann.
Ag deireadh thiar ámh níorbh é sin an rud ba thábhachtaí faoin eachtra. Ní cosúil go mbeadh aon tionchar fadtéarmach ag an scéal ar chúrsaí polaitíochta.
Le tamall, ámh, tá an chuma ar rialtas an SNP go bhfuil siad gan treoir agus gan aon phlean acu don todhchaí. Níl ag éirí go hiontach leo maidir le cúrsaí sláinte, mar shampla, ach ní léir ach an oiread go bhfuil plean fiúntach oibrithe amach acu leis an neamhspleáchas a chur chun cinn.
Tá na páirtithe Sasanacha in Westminster ag diúltú reifreann eile a cheadú ar son neamhspleáchas na hAlban, ag tabhairt droim láimhe don argóint go bhfuil an scéal athraithe go bunúsach mar gheall ar an mBreatimeacht. Tá Páirtí an Lucht Oibre, faoi cheannas Keir Starmer, chomh diúltach céanna faoi reifreann, níos diúltaí b’fhéidir ná na Tóraithe féin.
Bhí sampla na Catalóine ag Sturgeon freisin. Rith siadsan reifreann a bhí, de réir dhlí na Spáinne, mídhleathach, agus is beag tacaíocht a fuair na Catalónaigh go hidirnáisiúnta, ná ón Aontas Eorpach ach an oiread.
Bhí Sturgeon ag iarraidh a rá gur cheart reifreann faoin neamhspleáchas a dhéanamh den chéad olltoghchán seo chugainn sa mBreatain, ach cén mhaith sin mura mbeadh Westminster sásta é sin a aithint?
Tá Sturgeon ina céad-aire le hocht mbliana, ach bhí sé socraithe ag a réamhtheachtaí Alex Salmond go dtiocfadh sí i gcomharbacht air – cé go raibh easaontas eatarthu níos deireanaí. Nuair a cúisíodh Salmond in ionsaithe gnéasacha bhí sí cúramach gan seasamh leis. Fuarthas neamhchiontach sa deireadh é ach mheas seisean gur thréig Sturgeon agus an páirtí é.
Anois níl aon chinnteacht faoi cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Sturgeon, nó cén plean oibre a bheidh aige nó aici.
Agus sin é an scéal mór: cén chaoi le neamhspleáchas a chur chun cinn? Iad siúd a chreideann gur cheart sampla na hÉireann a leanacht agus an lámh láidir a úsáid, is dream fíorbheag fíor-imeallach iad.
Ach in ainneoin na ndeacrachtaí is an easpa cinnteachta faoin modh oibre, is í an cheist bhunreachtúil i gcónaí atá i gcroílár na polaitíochta in Albain, agus móramh i gcónaí i measc an aosa óig ar son an neamhspleáchais.
Tá na páirtithe aontachtacha ag súil leas a bhaint as deacrachtaí an SNP faoi láthair leis an taoide a chasadh i gcoinne an pháirtí.
Tá Starmer ag súil go mór leis sin, mar mura dtarlóidh sé, tá seans maith ann nach mbeadh an Lucht Oibre in ann rialtas a chur le chéile in Westminster gan rannpháirtíocht an SNP. Agus bheadh siadsan ag cur praghas an neamhspleáchais air sin nó ar a laghad ag éileamh céimeanna cinnte i dtreo an neamhspleáchais.
Is léir go bhfuil smaoineamh úr ag teastáil, agus ceapaim gurb é an tuiscint sin a spreag Sturgeon le héirí as níos mó ná aon scéal eile.
Chabhródh Albain neamhspleách linne freisin, go háirithe dá bhfanfadh an dá thír amach as club lucht an rachmais, an tAontas Eorpach. Tá a lán in Albain, ó chúlra lucht oibre, atá ar son an neamhspleáchais ach nach bhfuil dílis d’Eoraip lucht an rachmais.
Cibé ar bith, beidh tionchar mór ag scéal na hAlban ar pholaitíocht na hÉireann, thuaidh agus theas.
Mar a deirtear: coinnigh súil ar an spás seo.
Fág freagra ar 'Céard atá i ndán do neamhspleáchas na hAlban anois?'