Céard atá i gceist leis an reifreann faoin gcolscaradh?

Tá ár meon á lorg Dé hAoine faoi leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann…

Céard atá i gceist leis an reifreann faoin gcolscaradh?

An reachtaíocht mar atá…

Sa mbliain 1995 ghlac muintir na hÉireann le leasú ar an mbunreacht a cheadódh feasta do lánúin phósta iarratas a dhéanamh ar cholscaradh. Chaithfeadh an lánúin phósta a mbeadh colscaradh uathu a bheith  “ina gcónaí ar leithligh óna chéile”, ar feadh tréimhse ceithre bliana san iomlán le linn na gcúig bliana roimhe sin. Chaithfeadh nach mbeadh seans réasúnta ann go dtiocfadh siad ar chomhréiteach agus chaithfeadh socruithe cuí a bheith déanta d’aon pháistí a bhí ag an lánúin.

Tháinig an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996 i bhfeidhm in Éirinn ar an 17 Meitheamh 1996.

An reifreann…

Dé hAoine beag seo, an 24 Bealtaine 2019, tá reifreann eile againn chun ár meon a lorg faoi leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na hÉireann.

An chéad rud a bhfuil ár ndearcadh á iarraidh maidir leis ná an t-achar ama a bhíonn ann ó chliseann ar phósadh go dtí go gceadaítear iarratas ar cholscaradh sa gcúirt. Ceithre bliana atá ann faoi láthair. Is í an cheist sa reifreann, an mbeadh muid sásta an coinníoll ama sin a bhaint as an mbunreacht? An dara hábhar baineann sé le colscaradh a fuair lánúin thar lear. Lánúin ar ceadaíodh colscaradh dóibh ach nach n-aithnítear an colscaradh sin sa tír seo, tá cosc ar na daoine sin, faoin mbunreacht, pósadh arís fad is beo dá n-iarchéile.

Aithnítear colscaradh a fuarthas thar lear i gcásanna áirithe ach tá rialacha éagsúla i bhfeidhm ag brath ar an áit ar scaoileadh an pósadh. Táthar ag fiafraí dínn an mbeimis sásta go nglacfaí le colscaradh a ceadaíodh faoi dhlí sibhialta tír ar bith eile.

An cheist…

Cé go bhfuil dhá mholadh faoinár mbráid ar an Aoine, ní bheidh le freagairt againne ar an bpáipéar ballóide sa reifreann seo ach aon cheist amháin, an bhfuil tú sásta go ndéanfaí leasú ar an mbunreacht – ‘An bhfuil tú ag toiliú leis an togra chun an Bunreacht a leasú atá sa Bhille thíosluaite?’ (An Bille um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2016).

Más mian leat go n-athrófaí an bunreacht maidir leis an tréimhse ama roimh iarratas ar cholscaradh agus an colscaradh a ceadaíodh thar lear, cuir X le . Mura bhfuil tú ag iarraidh go n-athrófaí an bunreacht cuir X le Níl. Ó tharla nach bhfuil ach ceist amháin le freagairt ní féidir leat tuairim éagsúil a léiriú faoin dá ábhar.

Fág freagra ar 'Céard atá i gceist leis an reifreann faoin gcolscaradh?'

  • Nuala

    Toisc go bhfuil dhá mholadh ann ba cheart go mbeadh dhá cheist le freagairt. Níl cothrom na féinne ag baint leis an leagan amach.

  • Daonlathas faoi ionsaí

    Tá sé mícheart an dá cheist a cheangailt le chéile. Is straitéis frithdhaonlathach atá taobh thiar den reifrinn seo. D’fhéadfadh duine bheith glan in aghaidh ceann amháin agus ar son an cheann eile.

  • Séamas de Barra

    Freagra ó Shéamas de Barra, Cisteoir/Rúnaí ADFAM –– Comhghuaillíocht Cosanta an Teaghlaigh agus an Phósta
    POST BOX NO. 13010, Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath 14.

    Ach ar glacadh leis an gcolscaradh in 1995, tosaíodh ar an mbonn a bhaint ón bpósadh agus ón teaghlach. Méadú faoina cúig atá ar an gcomhchónaí gan pósadh abhus ó bhí 1996 ann. Is leanaí tabhartha inniu iad 35% de leanaí Phoblacht na hÉireann.
    Is é togra an Reifrinn mír [i] d’Airteagal 41.3.2° a aisghairm ar fad – mír faoin spás a chaitear fanacht roimh cholscaradh a fháil; agus reachtaíocht faoi aitheantas a thabhairt do cholscarthaí ó thar lear a fhágáil faoin Oireachtas, i bhfo-fho-alt nua, 41.3.3°. Dhéanfadh sé sin spior spear d’iarracht cheart ar na heasaontais phósta a réiteach.
    Tá sé cruthaithe ag Stáit de chuid na hEorpa gur fearr don gheilleagar na polasaithe ar son an phósta ná na polasaithe ar son an cholscartha.
    Is measa a chruthaíonn clann na lánúine colscartha – ní hamháin i gcúrsaí motháil agus caidreamh pearsanta, ach i gcúrsaí oideachais agus fostaíochta – ná a chruthaíonn clann na lánúine nach scarann ó chéile.
    Formhór na n-easaontas idir lánúin phósta, is ón teaghlach inar tógadh gach aon duine acu a eascraíonn siad.
    Tá cásanna ann arb é an t-idirscaradh, nó an neamhniú pósta féin, an freagra cuí orthu, ach is féidir formhór na n-easaontas eile a réiteach, na heasaontais ar ó theaghlach gach aon duine acu a eascraíonn siad.
    Tá lánúineacha go leor ann ar luath mar a thugann siad suas a gcuid iarrachtaí ar easaontais phósta a réiteach, mar go bhfuil sé curtha ina gceann gurb é is práinní ar fad sonas gach aon duine den lánúin a chinntiú láithreach.
    CUIMHNÍMIS AR NA LEANAÍ
    AGUS BÍODH MEAS AR AN bPÓSADH AGAINN
    VÓTÁLAIMIS NÍL SA REIFREANN AR AN gCOLSCARADH, DÉ hAOINE, BEALTAINE 24, 2019