Céard a tharlódh dá suífeadh beirt chailíní ar an R336 i gConamara? 

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Níor mhiste don úrscéalaí tabhairt faoi ghearrscéal ó am go chéile ar mhaithe le sásamh, ugach agus uainíocht aigne

Céard a tharlódh dá suífeadh beirt chailíní ar an R336 i gConamara? 

Tá gearrscéal scríofa agam!

Ach a Alex, a deir tú, an gá duit scéal mór a dhéanamh faoi sin? Nach gearrscéalaí thú?

Bhuel, is dócha go bhfuil sé sin fíor. Ach níor scríobh mé gearrscéal le nach mór trí bliana anuas. Bhí mé chomh gafa sin le húrscéal atá idir lámha agam nach raibh am i mo sceideal scríbhneoireachta, ná spás i m’aigne, do thogra liteartha ar bith eile, dá ghiorracht é. Ach ansin, lá breá amháin, tháinig íomhá isteach i mo cheann a spreag scéal beag simplí.

Céard a tharlódh dá suífeadh beirt chailíní sna déaga ar an R336, príomhbhóthar Chois Fharraige, d’fhonn an trácht a stopadh agus aird a tharraingt ar an athrú aeráide? Shuigh mé féin síos ag mo dheasc, chuir peann le páipéar, agus cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, bhí freagra na ceiste sin agam. Rinne mé eagarthóireacht ar an scéal an lá dár gcionn, agus bhí idir ionadh agus lúcháir orm. An bhféadfadh sé dáiríre go raibh saothar liteartha críochnaithe os mo chomhair?

Is dócha nach dtuigfidh ach an té a thabharfadh faoi úrscéal an pléisiúr a bhaineann le gearrscéal a scríobh. Bíonn scríbhneoirí i gcónaí in amhras faoina gcumas féin, fiú scríbhneoirí seanbhunaithe. Léim sa dorchadas a bhíonn i dtogra liteartha ar bith; ní barántas saothar a bheith foilsithe agat go n-éireoidh leis an gcéad iarracht eile.

Tá dhá chúis ann, dar liom, nár mhiste don úrscéalaí tabhairt faoi ghearrscéal ó am go chéile.

Sa chéad dul síos, tá an aigne ar nós ithreach. Caithfear uainíocht a dhéanamh ar na barra nó ídeofar í.

Sa dara dul síos, tabharfaidh an sásamh a bhaineann le gearrscéal a chríochnú – sásamh a bhíonn níos mó fós, ar ndóigh, má fhoilsítear é – ugach don úrscéalaí coinneáil air ag streachailt le pé togra fada a bhíonn idir lámha aige.

Fág freagra ar 'Céard a tharlódh dá suífeadh beirt chailíní ar an R336 i gConamara? '