Céard a tharla don Choimisinéir Gaeilge agus don ‘ré úr’?

Liosta le háireamh iad na polasaithe nach ndearna Stormont aon dul chun cinn ina leith ó bunaíodh athuair an feidhmeannas

Céard a tharla don Choimisinéir Gaeilge agus don ‘ré úr’?

Gheall plean athbhunaithe Stormont ‘Ré Nua agus Cur Chuige Nua’ bliain agus an taca seo.

Theastaigh ón bpobal go ngabhfadh na polaiteoirí i mbun oibre go héifeachtach. Dúshlán mór do na páirtithe ab ea é muinín a chothú i measc an phobail go ndéanfadh siad an obair riaracháin/rialaithe glan ar an mífheidhmiú a bhí mar chomhartha sóirt ar Stormont sular theip air in 2017.

Tá torthaí an scrúdaithe chinn bhliana measctha. Chuir paindéim Covid-19 isteach ar an obair gan amhras ach liosta le háireamh iad na polasaithe nár deineadh dul chun cinn ina leith, cuid acu a bhfuil meirg orthu. Ina theannta sin is annamh a fheictear cur chuige nua. Tá a míshástacht curtha in iúl ag na mionpháirtithe go minic faoin gcaoi a gcaitheann an dá mhórpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, leo. 

Dé Luain, cothrom an lae ar athbhunaíodh an Feidhmeannas, bhí cruinniú fíorúil ag ionadaithe an dá rialtas agus páirtithe an Fheidhmeannais chun feidhmiú na n-institiúidí a mheas. Ghlac Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis agus baill den DUP, Sinn Féin, SDLP, UUP agus Alliance páirt sa chruinniú. 

Eisíodh ráiteas fíorleamh ina dhiaidh ag athdhearbhú go raibh na rannpháirtithe tiomanta don ngnó. 

Ní cheisteodh mórán an tiomantas ach ceist eile ar fad í an léamh atá acu go leithleach ar a ngnó. Ní cheapann éinne go gcanfaidh siad i gcomhcheol, ach má sé a gcuspóir fóint ar an bpobal ar fad tá comhpháirtíocht riachtanach.

Is minic a fhreagraíonn an Chéad-Aire, Arlene Foster ceisteanna leis an meabhrúchán gur Feidhmeannas CÚIG pháirtí atá ann. Ba é sin a míniú ar an bhfáth gur ghlac an DUP le srianta Covid a raibh cuid d’ionadaithe a páirtí míshásta leo. Is léir gur laincis é, dar léi, roinnt na cumhachta le ceithre pháirtí eile. Is fiú a thabhairt chun cuimhne, áfach, gurb iad an DUP agus Sinn Féin a d’éiligh go ngabhfadh na mionpháirtithe ar ais sa bhFeidhmeannas in ionad a bheith sa bhfreasúra mar a bhíodar nuair a thit Stormont in 2017.

Theastaigh an sciath chosanta uathu –nó ‘pludgharda’ mar a thugtar sa mBéarla air. Ba mhian leo a bheith in ann a rá go raibh na mionpháirtithe freagrach as cinntí chomh maith leosan ach ceacht searbh le foghlaim is ea é nach bhfuil na hairí sin – ón SDLP agus Alliance go háirithe – toilteanach cur suas le beag is fiú. Tá sé ráite cheana féin go mbeadh airí éirithe as murach an phaindéim.

Cuid bheag ach cuid bhunúsach den chur chuige nua a gealladh anuraidh ab ea iompar an dá mhórpháirtí sa bhFeidhmeannas i leith roinnt na cumhachta leis na mionpháirtithe. Níl an dul chun cinn ina leith sin thar mholadh beirte. 

Níor chuidigh easaontas idir an DUP agus Sinn Féin le héifeachtúlacht an Fheidhmeannais maidir leis an bpaindéim. Idir fhreastal an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill ar an tsochraid a d’eagraigh Sinn Féin do Bobby Storey agus an DUP ag baint leas as veto sa bhFeidhmeannas chun cosc a chur ar shrianta Covid-19, bhí an deighilt ag croí an Fheidhmeannais soiléir. 

Chinn an mheitheal anailíse Pivotal ina scrúdú cinn bhliana ar Stormont a foilsíodh seachtain ó shin nár mhór páirtnéireacht a chur in áit an easaontais. Ní oibreoidh comhrialtas gan comhoibriú, pleanáil fhadtéarmach agus comhghéilleadh, a deirtear sa tuarascáil. “Tá athrú cultúir riachtanach,” a dúradh.

Ní hé sin le rá nár comhlíonadh aon cheann de na haidhmeanna. Bhí práinn le hatheagar a dhéanamh ar an tseirbhís sláinte ach tháinig an phaindéim salach ar laghdú na liostaí feithimh agus athchóiriú an chórais. Foilsíodh straitéis agus ceapadh cosantóir don mheabhairshláinte áfach agus fuasclaíodh stailc na n-altraí.

Chuir an phaindéim cúrsaí oideachais as a riocht agus cé is moite don athbhreithniú ar an gcóras atá ar siúl níl athruithe déanta.

Níl plean fadtéarmach don eacnamaíocht ullmhaithe ná an Chomhairle Fhioscach neamhspleách a gealladh bunaithe ach an oiread. Tá raidhse fadhbanna breise san earnáil de bharr an Bhreatimeachta chomh maith leis an bpaindéim. Tá comhairliúchán ar siúl faoi straitéis chun a dhul i ngleic le hathrú aeráide agus tá tús curtha le hobair ullmhúcháin chun cúiteamh a íoc le roinnt d’íobartaigh na dTrioblóidí.

Tá an tseanfhadhb faoi oidhreacht na dTrioblóidí níos achrannaí anois ná ariamh. San earrach chaith an Státrúnaí Brandon Lewis i dtraipisí an scéim chomhaontaithe faoi fhiosruithe agus fírinne. Ní nach raibh faic déanta chun an comhaontú sin, Comhaontú Stormont House, a chur i gcrích ach bhí tacaíocht aige ó roinnt mhaith. Tá plean Lewis agus rialtas Boris Johnson bunaithe ar chosaint ó fhiosrú nó cúiseamh d’fhórsaí stáit, rud a bhain an bonn den bplean a raibh Westminster in ainm is a chur ar bhonn reachtúil taobh istigh de 100 lá ón 11 Eanáir 2020. Is faide uainn ná ariamh fuascailt agus freagraí.

Agus céard a tharla don Choimisinéir Gaeilge? Scéimeanna cearta teanga? Tacaíocht don Ultais? Dúradh san earrach go rabhthas i mbun na hoibre ach níl tada foilsithe.

Níl ach achar gearr leis na bearnaí seo go léir a líonadh. Níor mhór bailchríoch a chur ar an bpleanáil faoi Cháisc ar a dheireanaí chun go mbeadh glactha ag an Tionól leis na cinntí roimh dheireadh na bliana – meileann muilte Stormont go mall. Faoi cheann bliana beidh na polaiteoirí i mbun feachtais do thoghchán Tionóil 2022 agus ní dhéanfar tada ansin.

Is iad na míosa seo romhainn tráth na cinniúna don bhFeidhmeannas.

Fág freagra ar 'Céard a tharla don Choimisinéir Gaeilge agus don ‘ré úr’?'