‘Céard a rinne tú san ionad cúraim lae inniu?’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: tráth den saol, ‘Céard a rinne tú ar scoil inniu’ an cheist a bhíodh ag máthair ár gcolúnaí air. Tá na róil malartaithe anois…

‘Céard a rinne tú san ionad cúraim lae inniu?’

Níl aon chuimhne ar leith agam ar mo chéad lá ar scoil. Ach is iomaí cuimhne atá agam ar mo mháthair a bheith ár dtabhairt chun na scoile ar a rothar – mo dheartháir óg sa suíochán tosaigh, mise sa suíochán cúil – agus ar mo mháthair ag feitheamh linn ag geataí na scoile ag deireadh an lae chun muid a thabhairt abhaile.

Níl aon pháistí agam féin, agus dá bharr sin níl aon taithí agam ar an bpléisiúr nó ar an bpian a bhaineann leis an gcéad lá ar scoil ó dhearcadh an tuismitheora.

Ach – fiú más go digiteach féin é – fuair mé blaiseadh de an lá cheana nuair a chuaigh mo mháthair, atá 76 bliana d’aois agus a bhfuil galar Alzheimer uirthi le roinnt mhaith blianta anuas, chuig ionad cúraim lae den chéad uair.

Bhí mé neirbhíseach. Thar a bheith neirbhíseach. An dtiocfadh veain an ionaid chúraim lae ag an am a bhí beartaithe? An mbeadh mo mháthair sásta dul isteach sa veain? An gcuimhneodh sí an teach a chur faoi ghlas? An gcaillfeadh sí a cuid eochracha i rith an lae? Agus, thar aon rud eile, an dtaitneodh an áit léi agus an réiteodh sí leis na seanóirí eile ann? Tá na daoine san ionad cúraim lae ar fad sa bhád céanna – galar Alzheimer orthu go léir – ach níor bhean mhór chainte a bhí i mo mháthair riamh agus fiú sula ndearna an galar dochar dá cumas í féin a chur in iúl ní bhíodh rud ar bith níos deacra uirthi ná comhrá a dhéanamh le strainséirí in aghaidh a tola.

Mar bharr ar an donas, toisc mise a bheith i mo chónaí i gcrios ama éagsúil, tharlódh sé seo ar fad nuair a bheinnse i mo chodladh. Bhí chuile shórt mínithe agam féin agus ag mo dheartháir óg di i bhfísghlaonna agus san fhíorshaol ach fós féin mhothaigh mé ciontach nach raibh muid in ann í a thabhairt chuig geataí an ionaid chúraim lae muid féin.

Ach chuaigh gach rud i gceart. Tháinig an veain in am, chuir mo mháthair an teach faoi ghlas, níor chaill sí a cuid eochracha, agus nuair a chuir mé físghlaoch uirthi go gairid tar éis di teacht abhaile, ba í an chéad cheist a bhí aici orm ná: cén uair a mbeidh mé ag dul chuig an áit iontach sin arís?

‘Arú amárach,’ a dúirt mé. Faoi láthair, níl spás san ionad cúraim lae do mo mháthair ach ar an Luan agus ar an gCéadaoin.

Mar a bheadh tuismitheoir ceart ionam, ‘céard a rinne tú san ionad cúraim lae inniu?’ an cheist a bhí ar mo bheola-sa, ach ar ndóigh ní hionann scoil agus ionad cúraim lae d’othair Alzheimer. Bhí dearmad déanta aici cheana féin.

Ach le linn dom a bheith ag caint le mo mháthair ar mo ghuthán póca, tháinig ríomhphost ón ionad cúraim lae isteach ar an ríomhaire glúine. Bhí nasc ann chuig suíomh ar a raibh grianghraif crochta suas, agus bhí mé in ann iad sin a thaispeáint do mo mháthair ach an ceamara ar mo ghuthán póca a mhalartú thart.

‘Tá mé díreach tar éis teacht ar ais ón áit sin!’ a dúirt sí.

I gceann de na grianghraif, bhí sí féin le feiceáil agus féar tirim á chartadh go dtí na beithígh aici i mbara rotha. Is ea, feirm atá san ionad cúraim lae: tá beithígh ann, caoirigh, lachain, tithe gloine, agus tá loch, coill agus dumhcha gainimh in aice láimhe. Feirm chúraim’ atá san áit, coincheap nua atá tar éis teacht chun cinn san Ísiltír (mar a bhfuil cónaí ar mo mham) le roinnt blianta anuas.

Tá buanchónaí ar an bhfeirm ag 27 duine a bhfuil galar Alzheimer orthu, agus lá breá éigin amach anseo, nuair a bheidh sí ag barr an liosta feithimh, beidh mo mháthair ina measc. Níl a fhios aici féin go fóill – ní fiú imní a chur uirthi ag an bpointe seo nuair a d’fhéadfadh bliain nó dhó a bheith ann fós sula mbeidh sí ag bogadh isteach. Ach is iontach an rud go mbeidh sí in ann dul i dtaithí ar an áit de réir a chéile.

Fág freagra ar '‘Céard a rinne tú san ionad cúraim lae inniu?’'