Céard a d’fhoghlaim muid ó dhrochdheireadh seachtaine na gcúigí?

Chaill na cheithre cúige sa Bhreatain Bheag sa bhabhta is deireanaí den Pro12 díreach seachtain sula dtéann foireann na hÉireann chuig Cardiff

Ní mó ná sásta a bhí Pat Lam leis an maor taobhlíne Leighton Hodges ag an deireadh seachtaine. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Ní mó ná sásta a bhí Pat Lam leis an maor taobhlíne Leighton Hodges ag an deireadh seachtaine. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá fadhbanna ag na hÉireannaigh le réiteoirí an Pro12

Níl sé ach cúpla seachtain ó bhí Matt O’Connor ag tabhairt amach nach raibh aon TMO ar fáil i gcluiche na Laighneach i gcoinne na Dragons. An deireadh seachtaine seo, bhí ag clamhsán arís faoin TMO. Is é an gearán a bhí aige an uair seo ná go raibh Breatnach, Tim Hayes, ag feidhmiú mar TMO i gcluiche a raibh foireann Breatnach ag imirt ann.

Bhí fadhb ag bainisteoir Chonnacht le réiteoir ón mBreatain Bheag chomh maith ina gcluiche i gCardiff ar an Aoine. Tá gníomh smachtaithe á thabhairt i gcoinne Pat Lam mar gur cháin sé an maor taobhlíne, Leighton Hodges, tar éis do na Connachtaigh cailleadh sa nóiméad deireanach in aghaidh na Blues. Dúirt Lam go raibh cinneadh Hodges pionós a bhronnadh ar na Blues iomlán mícheart agus rinne sé tagairt d’eachtra eile a tharla le Hodges níos luaithe sa séasúr.

Nuair a dúradh le Hodges nach raibh cead aige páirceáil in áit áirithe den Sportsground, dúirt an réiteoir leis an maor páirceála go raibh sé chun seacht bpointe a bhronnadh i gcoinne na gConnachtach dá bharr sin. Cé go dtuigtear go raibh Hodges ag magadh, rinne Lam gearán faoin ráiteas mar sin féin.

Marius Mitrea ag bronnadh pionós eile i gcoinne na Muimhneach ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Ian Cook
Marius Mitrea ag bronnadh pionós eile i gcoinne na Muimhneach ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Ian Cook

Tá easpa smachta ag cur as do na Muimhnigh

Fear amháin nach raibh ag tabhairt amach faoin réiteoir ná Anthony Foley, cé go ndeachaigh an chuid is mó de chinntí Marius Mitrea ina aghaidh. Thug Mitrea ocht gcinn de phionóis i gcoinne na Mumhan sa chéad leath gan ceann amháin a bhronnadh orthu, ach cheap Foley go raibh an réiteoir ceart den chuid is mó.

Is é an easpa smachta is mó a chuir as do Foley, le Dave O’Callaghan á chur sa loca pionóis i rith an chéad leath. Agus an méid sin uile ag dul in aghaidh na Muimhneach, bhí siad 17-0 chun deiridh ar chlár na scór ag an mbriseadh agus ní raibh Ospreys i bhfoisceacht scread asail dóibh.

Níor scóráil foireann Foley go dtí an an 10 nóiméad deireanach nuair a d’aimsigh Donncha Ryan úd agus scóráil Keith Earls úd eile roimh an deireadh. Níorbh leor é.

Ní raibh cosantóir Uladh in ann Carl Meyer a stopadh agus é ag aimsiú úd eile do na Dragons ar dhrochdheireadh seachtaine d’fhoirne na hÉireann. Pictiúr: NPHO/Craig Thomas
Ní raibh cosantóir Uladh in ann Carl Meyer a stopadh agus é ag aimsiú úd eile do na Dragons ar dhrochdheireadh seachtaine d’fhoirne na hÉireann. Pictiúr: NPHO/Craig Thomas

Drochchomartha don deireadh seachtaine

Agus cluiche ollmhór i gCardiff ar na bacáin, is drochchomhartha é gur chaill gach ceann de na ceithre cúigí sa Bhreatain Bheag an deireadh seachtaine seo caite. Ba í an uair deireanach a chaill gach ceann de na cúigí sa bhabhta céanna ná mí na Nollag 2009. Mar a tharla sé, chaill trí cinn acu i gcoinne foirne Breathnacha an deireadh seachtaine sin.

Dar ndóigh, ní chiallaíonn sé sin go gclisfidh ar fhoireann Joe Schmidt sa Millennium Stadium ach is cinnte go dtabharfaidh sé muinín don slua baile. Ní féidir a rá, ach an oiread, nach mbeidh na himreoirí céanna páirteach i gcluiche na hÉireann; bhí dáréag imreoirí ó phainéal Joe Schmidt ar fáil ag na Laighnigh ar an Satharn.

 Is sa 88ú nóiméad a d’aimsigh Joaquin Tuculet an t-úd cinniúnach chun na Connachtaigh a bhualadh an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Craig Thomas
Is sa 88ú nóiméad a d’aimsigh Joaquin Tuculet an t-úd cinniúnach chun na Connachtaigh a bhualadh an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Craig Thomas

Croíthe na gConnachtach briste arís sa nóiméad deireanach arís

Faraor, chomh fada is a bhaineann sé le lucht leanta Chonnacht, maireann cluiche rugbaí 10 nóiméad níos faide ná cluichí peile agus iomána. Dá mbeadh na cluichí sa Sportsground chomh fada céanna leis na cinn a bhíonn i bPáirc an Phiarsaigh seans go gcáileoidh na Connachtaigh do Chorn na gCuradh gan stró. Tá seanchleachtadh anois acusan a bhíonn ag leanúint Chonnacht ar chrá croí, óir níl aon fhoireann eile sa rugbaí, ná i réimse an spóirt trí chéile, fiú, atá in ann an oiread sin dóchais a thabhairt dá lucht tacaíochta roimh chliseadh sa nóiméad deireanach.

Ní foláir go rabhadar in umar na haimléise ar fad ar fad an deireadh seachtaine seo sa chluiche i gcoinne Cardiff Blues. Is san ochtú nóiméad d’am breise a d’aimsigh na Blues an t-úd cinniúnach, iad ag slánú na bpointí breise chun bua d’aon phointe amháin, 18-17, a fháil.

Nuair a chas na foirne seo ar a chéile i nGaillimh ag tús mí Dheireadh Fómhair anuraidh, ba é an scéal ceannann céanna, a bheag nó a mhór, a bhí ann. Bhí na Connachtaigh chun cinn go dtí an 78 nóiméad nuair a d’aimsigh na Blues úd a thuill comhscór dóibh.

Gan iad ach trí phointe os cionn na Scarlets don spota deireanach i gCorn na gCuradh, d’fhéadfadh gur buillí marfacha iad na húid sin do na Connachtaigh.