Céard a d’fhoghlaim muid ó dhea-dheireadh seachtaine na gcúigí?

Cé nár thug siad uile taispeántais iontacha uathu, níor chaill aon ceann de na cúigí an deireadh seachtaine seo caite agus beidh siad sásta gur thugadar leo na pointí.

Felix Jones scores his sides second try 21/2/2015
Felix Jones ag aimsiú úid do na Muimhnigh roimh dheireadh an chluiche i gcoinne Scarlets. Pictiúr: INPHO/Camerasport/Simon King

Tá foireann Foley ag taispeáint sean-láidreacht na Muimhnigh

Bhí cúige Mumhan 12 phointe chun deiridh le níos lú deich nóiméad fágtha in aghaidh Scarlets. Tá Parc Y Scarlets fágtha ag na Muimhnigh gan tada acu le dhá bhliain anuas agus bhreathnaigh sé go gcríochnódh an cluiche seo ar an gcaoi céanna go dtí gur thaispeáin foireann Anthony Foley cuid den spiorad a bhí mar chomhartha sóirt ar imirt na Mumhan ar feadh blianta fada.

Ba spreagadh dóibh é nuair a cuireadh George Earle den pháirc don deich nóiméad deireanach agus thrasnaigh Felix Jones an líne úid go luath ina dhiaidh sin chun an bhearna a laghdú go seacht bpointe. Choinnigh na Muimhnigh orthu ag lorg an scóir dheireanaigh agus fuair siad luach a saaothair nuair a d’éalaigh JJ Hanrahan leis isteach faoi na postaí agus an t-am caite.

an iomaíocht fíorghéar d’áit sa bhabhtaí leathcheannais sa tsraith i mbliana agus beidh Foley thar a bheith sásta leis an díograis a thaispeáin a fhoireann.

Imreoir Chonnacht, Craig Ronaldson, ag aimsiú an chéad úd do Chonnacht in aghaidh na Dragons. Pictiúr: INPHO/CameraSport/Ian Cook
Imreoir Chonnacht, Craig Ronaldson, ag aimsiú an chéad úd dá fhoireann in aghaidh na Dragons. Pictiúr: INPHO/CameraSport/Ian Cook

Tá Connachta ar an mbóthar ceart arís

Rinne na Connachtaigh beagnach gach rud a bhí ag teastáil uathu a dhéanamh. Tar éis dhá chluiche in aghaidh a chéile a chailliúint, tháinig siad ar ais go láidir. Cé nár aimsigh siad an pointe bónais, beidh Pat Lam sásta leis an toradh agus an chuma ar an scéal go bhfuil an fhoireann ar an mbóthar ceart arís.

Bhí torthaí eile na deireadh seachtaine beagnach chomh tábhachtach céanna do Chonnachta.

‘Sea, ní hiad na Muimhnigh amháin a bheidh sásta gur tháinig siad ar ais chun a gcluiche a chothromú, mar is iad na Scarlets is mó atá san iomaíocht le Connachta don séú háit sa tsraith agus an áit dheireanach i gCorn na Curaidh an séasúr seo chugainn.

Foireann eile atá ag iarraidh an spota sin a bhaint amach ná Dún Éideann, ach chlis siadsan i gcoinne Chúige Uladh, foireann eile a mbeidh Cúige Chonnacht buíoch díobh.

Cian Healy supported by Jimmy Gopperth, Sean Cronin and Ben Marshall 20/2/2015
Bhí Cian Healy páirteach sa chluiche i gcoinne Zebre agus é ag teacht chuige féin tar éis gortú. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá cúiseanna imní ag Cúige Laighean in ainneoin a mbua

Is cúis imní é cinnte d’fhoireann ar nós Cúige Laighean nuair nach bhfuil siad in ann ach trí phointe a aimsiú i 40 nóiméad i gcoinne Zebre, go háirithe sa bhaile. Ach sin go díreach a tharla d’fhoireann Matt O’Connor sa chéad leath an Aoine seo caite.

amháin gurb iad Zebre an fhoireann is measa sa tsraith ach bhí siad ar leathchois chomh maith mar gheall ar ghortaithe agus imreoirí atá fós gafa le foireann na hIodáile. Tá an oiread mí-eagair ar Zebre gur éirigh an príomhchóitseálaí agus an stiúrthóir rugbaí as an lá tar éis an chluiche.

Ina ainneoin seo uile, bhí na hIodálaithe chun cinn 3-8 ag an mbriseadh agus ní raibh aon teacht aniar i ndán do Chúige Laigean nó gur chuir O’Connor níos mó imreoirí idirnáisiúnta chun páirce sa dara leath. Bhí orthu fanacht go dtí an imirt dheireanach sa chluiche chun an pointe bónais a shocrú, Sean Cronin ag aimsiú an ceathrú húd.

Ruan Pienaar kicks a conversion 20/2/2015
Ruan Pienaar ag aimsiú cuid de na 15 phointe a fuair sé sa bhua i gcoinne Dhún Éideann an Aoine seo caite. Pictiúr: INPHO/Presseye/Ian MacNicol

Tá Ruan Pienaar ar dhuine de na himreoirí is fearr sa chomórtas

gur chríochnaigh Cúige Uladh le 13 imreoirí ar an bpáirc, bhí bua i nDún Éideann acu, a bhuíochas do shárthaispeántas ó Ruan Pienaar. I gcluiche a chríochnaigh 17-20, d’aimsigh fear na hAfraice Theas 15 phointe.

Chomh maith le húd a fháil sa chéad leath, níor chuir Pienaar aon iarracht amú lena bhróg, é ag aimsiú dhá chic pionóis agus na pointí breise tar éis an dá úd a fuair na hUltaigh. Ar an taobh eile, chuir leathchúlaí Dhún Éideann, Tom Heathcote, sé cinn den deich n-iarracht a bhí aige amú.

Tá Cúige Uladh anois sa dara háit sa tsraith le cúnamh Pienaar, ceann de na himreoirí is fearr sa chomórtas, agus beidh siad ag iarraidh céim eile chun cinn a thabhairt roimh deireadh an tséasúir.

Fág freagra ar 'Céard a d’fhoghlaim muid ó dhea-dheireadh seachtaine na gcúigí?'