Tá scríbhneoirí ann a choinníonn leabhar nótaí ar an gcófra le taobh na leapa d’fhonn brionglóidí a bhreacadh síos. Níl mise ar dhuine acu. An t-aon rud a theastaíonn uaimse a dhéanamh nuair a dhúisíonn brionglóid mé i lár na hoíche ná titim i mo chodladh arís. Lena chois sin, is annamh a bhíonn brionglóid agam a bhíonn bainteach le pé ábhar a bhíonn idir lámha agam ar pháipéar.
Ach an oíche cheana, dhúisigh mé i lár brionglóide a shíl mé a d’fhéadfadh a bheith úsáideach.
Sa bhrionglóid seo, tharla timpiste chairr ar bhóthar ciúin tuaithe i mo thír dhúchais, an Ísiltír. Níor thimpiste thromchúiseach a bhí inti. Rinneadh roinnt dochair do charr amháin, sean-Saab 900 ar dhath an fhíona, b’in an méid.
D’éirigh na tiománaithe, beirt fhear, amach as a gcarranna agus mhalartaigh siad ainmneacha agus seoltaí.
‘Pellemoer’ an sloinne a bhí ar úinéir an Saab.
‘Schollesen’ an sloinne a bhí ar úinéir an chairr eile (is baolach nach cuimhin liom cén déanamh, ach bhí sí liath.)
Tharraing na sloinnte sin m’aird. Ghlacfadh cainteoir Ísiltírise ar bith leo mar shloinnte Ísiltíreacha ar an bpointe boise – ach ní sloinnte Ísiltíreacha iad. Féadfaidh tú mionscrúdú a dhéanamh ar chlár daonra na hÍsiltíre ar fad (agus na Beilge agus Shuranam más maith leat) agus ní thiocfaidh tú ar oiread agus ‘Pellemoer’ agus ‘Schollesen’ amháin.
Is fiú ór iad ainmneacha agus sloinnte den chineál sin don scríbhneoir ficsin a bheadh buartha nach mbíonn a chuid ficsin ficseanúil a dhóthain agus go ndéanfadh sé leabhal nó clúmhilleadh ar dhuine éigin dá ainneoin féin.
Aisteach go leor, bhí rud éigin eile i gcoitinne ag sloinnte an bheirt tiománaithe. ‘Ó Néamhann’ an Ghaeilge a chuirfinn ar ‘Pellemoer’ agus ‘Mac na Leathóige’ a chuirfinn ar ‘Schollesen’. Néamhann, sin an stuif lonrach sin a bhíonn ar an taobh istigh de roinnt sliogán. Iasc grinnill í an leathóg atá an-choitianta sa Mhuir Thuaidh. Bhí dlúthbhaint ag an dá shloinne leis an bhfarraige.
An ardódh léitheoirí Gaeilge a gcuid malaí dá gcasfaí ‘Criostóir Ó Néamhann’ nó ‘Pól Mac na Leathóige’ orthu in úrscéal? B’fhéidir go n-ardódh agus b’fhéidir nach n-ardódh, ach níl dabht ar bith orm ach go n-aithneofaí gur sloinnte iad a d’fhéadfadh a bheith ina sloinnte Gaelacha. Tá ‘Mac na Mara’ agus ‘Mac Con Iomaire’ ann, tar éis an tsaoil.
Tá nótaí á mbreacadh síos agam de réir a chéile d’úrscéal nua, agus mar a tharlaíonn, saothar a bheadh ansin a bheadh lonnaithe san Ísiltír agus ina mbeadh orm a bheith fíorchúramach go mbeadh na carachtair ficseanúil a ndóthain. Rinne mé eisceacht, d’éirigh amach as mo leaba i lár na hoíche agus bhreac na sloinnte ‘Pellemoer’ agus ‘Schollesen’ síos sa leabhar nótaí a thosaigh mé don saothar sin roinnt míonna ó shin.
Cluain Sceach
Lean Ort!
Seathrún Mac Éin
Nílim cinnte go bhfuil an sloinne “Mac na Mara” ina shloinne ceart Gaelach go fóill. Tá “McNamara” ann, áfach, i measc sloinnte Éireann ach is Galldú é sin ar “Mac Con Mara”!