Céard a cheapfá den heart wood le taobh an cornflower white?

Galar gan náire é galar an ‘Fonn Feabhsúcháin Tí’, a deir ár gcolúnaí

Céard a cheapfá den heart wood le taobh an cornflower white?

Tá droch-chás den ‘Fonn Feabhsúcháin Tí Imithe ó Smacht’ ar mo chara. Murar chuala tú aon trácht cheana ar an ngalar fealltach seo, ’séard atá ann ná go dtosaíonn tú ag ceannach troscán nua, ag earcú dearthóirí, nó ag filleadh abhaile ón siopa agus ualach ‘swatches’ istigh faoi d’ascaill.

Beidh a fhios agat go bhfuil an galar ar do chomrádaí má thosaíonn sé nó sí ag cur ceisteanna ort faoin slám spotaí beaga péinte atá curtha ar an mballa aige nó aici. Ceisteanna ar nós, ‘Céard a cheapfá den heart wood le taobh an cornflower white? Nó, meas tú an fearr an misty mountain leis an urban obsession?’

Tá faitíos mór orm gur galar tógálach atá ann agus ní ghabhfaidh mé isteach sa teach chuici níos mór mura mbíonn púicín orm óir ceapaim gur trí na súile a tholgann tú é.

Is fánach an chaoi a dtosaíonn sé. D’imigh an solas san oigheann a bhí aici. Anois, déarfadh an té ciallmhar go bhféadfá bolgán nua a chur isteach ann is go mbeadh an fhadhb réitithe.

Ach bhí an seanoigheann ann le fada agus níl sé ag téamh i gceart níos mó agus bíonn ort téad a chur leis an doras lena choinneáil dúnta agus tagann deatach amach as an ngríoscán uair ar bith a ndéanfá iarracht úsáid a bhaint as. Shocraigh sí go raibh sé in am aici ceann nua a cheannach.

Ba cheart go mbeadh an fhadhb réitithe aige sin, ach nuair a tháinig an t-oigheann nua bhí sé beagán rómhór don spás a raibh sé ceaptha dul isteach ann.

In áit an t-oigheann a chur ar ais, dúirt sí léi féin go raibh cuma sórt caite ar na cófraí ar aon nós agus go raibh sé chomh maith céanna iad a athrú agus cinn nua a chur isteach.

An fhadhb a bhí ann ansin ná go raibh cuma sórt salach ar an lino nuair a bhí sé i gcomórtas leis na cófraí deasa nua agus, ar sí, ‘muise, agus mé ag plé leis seo bhí sé chomh maith agam tíleannna nua glan a chur síos.”

Sula raibh a fhios aici céard a bhí ag tarlú bhí na céadta euro caite aici ar chistineach nach raibh aon athrú uaidh, dáiríre. Seo sampla den ghalar ‘Fonn feabhsúcháin tí imithe ó smacht’.

‘Abair liom céard a tharla,’ a d’fhiafraigh sí díom. ‘Cén uair ar cheart dom stopadh? An raibh comhartha éicint ann nach bhfaca mé?’

Faraor, ní raibh mé in ann cabhrú léi. Ba mhaith liom a bheith in ann a rá go bhfuil a fhios agam faoi chúrsaí deartha tí, faoi cén sórt cuirtíní a théann le cén sórt cúisíní, nó faoi cén leagan amach ar cheart a bheith ar na pictiúir ar an mballa le go dtarraingeodh siad an seomra uilig le chéile, ach níl na scileanna sin agam.

Shamhlófá mar sin go mbeinn slán ó chontúirt an ghalair seo, ach is cosúil gur galar é an ‘fonn feabhsúcháin tí imithe ó smacht’ atá in ann duine ar bith a bhualadh mura mbíonn tú an-chúramach.

Tá an t-am seo den bhliain an-dona ar fad agus idir é sin agus an fliú Astrálach, níl a fhios agam an bhfuil sé sábháilte do chloigeann a chur amach an doras ar chor ar bith na laethanta seo.

Chuaigh mé fhéin an-ghar dhó an lá cheana nuair a shocraigh muid doirse na gcófraí sa gcistineach a phéinteáil. Tá siad deas glan anois ach feictear dom go bhfuil cuma beagáinín caite ar choirnéil an chuntair i gcomórtas leis na cófraí agus níor thug mé faoi deara cheana go raibh ruainne den éadach ar an tolg sórt stróicthe…

Fág freagra ar 'Céard a cheapfá den heart wood le taobh an cornflower white?'

  • Bart

    An iad na mná is túisce a tholgann an galar seo an dóigh leat?