Deartháireacha Íosa Críost a bhí os comhair m’intinne le cúpla oíche anuas. Ag brionglóideach a bhí tú, arsa tusa? Ní hea go deimhin ach ag machnamh ar an ábhar atá i leabhar dar teideal The Other Side of the Judeo-Christian History a scríobh fear darb ainm Anton Sammut.
An cur síos atá inti ar dheartháireacha Chríost an chuid is suntasaí di b’fhéidir.
Níl amhras ar bith ar an údar seo faoi dheartháireacha nádúrtha a bheith ag Críost.
Ba é soiscéal Mharcais an soiscéal ba thúisce agus bheifeá ag súil dá réir sin go mbeadh tuiscint mhaith aigesean ar an gcineál duine a bhí i gCríost. Sea agus eolas barainneach faoina mhuintir. Scríobh Marcas an méid seo:
“Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc agus ghabh iontas mór dár chuala é: agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha? Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire, agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?”
Céard a cheap a mhuintir faoi Íosa nuair a thosaigh sé ag seanmóireacht ar fud na dúiche? Thug Marcas freagra ar an gceist sin freisin:
“Chuaigh sé isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe. Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d’fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: “As a mheabhair atá sé.”
Tamall ina dhiaidh sin tharla eachtra eile a thugann léargas breise ar an gcás. Seo mar a chuir Marcas síos ar sin:
“Ansin tháinig a mháthair agus a bhráithre, agus ina seasamh dóibh amuigh chuir siad scéala chuige ag glaoch air. Bhí slua ina suí timpeall air, agus dúirt siad leis: “Tá do mháthair agus do bhráithre amuigh do d’iarraidh.”
Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cé hiad mo mháthair agus mo bhráithre?” Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt sé: “Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre!” Óir duine ar bith a dhéanfaidh toil Dé, sin é mo bhráthair agus mo shiúr agus mo mháthair.”
Is cosúil gur ar a dheartháir Séamas is mó a bhí gean ag Críost. Fear an-chráifeach ba ea é siúd de réir gach tuairisce. Séamas Fíréanta a thugtaí air de bharr chomh cóir, ionraic, diaganta is a bhí sé.
Ní óladh sé fíon agus ní itheadh sé feoil. Dhéanadh sé a oiread paidreoireachta sa teampall gur dúradh faoi go raibh a chuid glúine chomh crua le glúine camaill sa deireadh.
Nuair a céasadh Críost ba é Séamas a tháinig i gceannas ar na Críostaithe. Ach ansin tháinig Naomh Pól an bealach. Níorbh fhada go raibh sé ina argóint idir é féin agus Séamas faoin treo a rachadh an creideamh nua.
Giúdach ba ea Críost ar theastaigh uaidh Dlí Mhaoise a choinneáil. Bhí an timpeallghearradh tábhachtach sa dlí sin.
Níor shásaigh sé seo Pól. Theastaigh uaidhsean na gintlithe a ligean isteach agus an Chríostaíocht a leathnú as éadan.
Eagraí den scoth ab ea Pól. Go deimhin d’fhéadfaí a rá gurbh eisean thar aon duine eile a chuir bonnchloch ó thaobh eagraíochta de faoin gCríostaíocht atá againn inniu.
Bhí amhras ar Phól faoi Shéamas i gcónaí agus b’fhacthas dó go raibh Naomh Peadar go mór faoi anáil Shéamais.
“Chuaigh mé suas go Iarúsailéim ag fiosrú Chéafas [Peadar],” a dúirt sé i gceann dá chuid litreacha. “Thug mé coicís ina theannta ach duine ar bith eile de na haspail ní fhaca mé ach amháin Séamas, bráthair an Tiarna.”
D’éirigh an argóint ní ba theasaí fós de réir a chéile mar dúirt Pól i litir eile:
“Nuair a tháinig Céafas [Peadar] go hAintíoch chuir mé ina choinne lena bhéal mar bhí sé san éagóir. Chaitheadh sé bia leis na gintlithe nó gur tháinig daoine áirithe de bhuíon Shéamais ar an láthair, ach an túisce a tháinig siadsan thosaigh sé ag cúbadh chuige agus ag fanacht amach ó na gintlithe le heagla roimh mhuintir an timpeallghearrtha.”
Le filleadh ar Shéamas Fíréanta tá sé an-soiléir nach raibh leisce ar bith ar scríobhaithe thús ré na Críostaíochta a rá gurbh é deartháir Chríost é. Ach ag Comhdháil Eifeasas sa mbliain 431 tosaíodh ag caint ar Mhuire, máthair Dé. Chaithfí an stair a chur i bhfeiliúint don teagasc sin feasta.
Míorúilt bheag aisti féin faoin leabhar seo gur i Máltais a scríobhadh i dtosach í. Chaithfeadh sé gur teanga í an Mháltais atá saothraithe go cumasach mar tá an leabhar breac ballach le téarmaí ársa agus nua-aimseartha.
Leabhar í ar chuma ar bith a rachadh chun tairbhe don Chríostaí creidmheach agus don aindiachaí amhrasach araon.
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Céard a cheap a mhuintir faoi Íosa nuair a thosaigh sé ag seanmóireacht ar fud na dúiche?’, http://www.tuairisc.ie, Dé Máirt, Iúil 21, 2020.
Tá sé fógartha minic go leor ag Seosamh Ó Cuaig gur aindiachaí is ea é. Cad chuige mar sin a oiread spéise a bheith i gcúrsaí creidimh aige? An ea nach dtuigeann sé go gcaithfidh treabhadh nó tiomáint, nach féidir dó a bheith ag iarraidh an dá thaobh a thabhairt i gcónaí leis? Tá cion fir déanta i gcaitheamh a shaoil ag Seosamh ar son na Gaeilge, agus ar son a cheantair féin mar ghníomhaire i scata eagraíochtaí, mar bhall d’Údarás na Gaeltachta, agus mar Chomhairleoir Contae. Ach mura bhfuil ann ach an saol seo, cén neart a bheidh ag Seosamh air, má thagann drochbhastard éigin tar éis do Sheosamh bás a fháil, agus na dea–ghníomhartha go léir atá déanta ag Seosamh a chur ó mhaith? Bhí freagra ag an bPápa Eoin Pól II ar an gcruacheist sin. An Pápa atá anois ann, Proinsias, d’ainmnigh sé Eoin Pól II ina naomh, Aibreán 27, 2014. Ba é freagra Eoin Pól II ar an gcruacheist: ‘na hoibreacha go léir, agus na gníomhartha ar fiú don duine iad, tabharfar slán iad,’ san Imlitir, Sollicitudo Rei Socialis (Nollaig 30, 1987) §31.
Is é Anton Sammut, ó Mhálta, údar The Other Side of the Judeo–Christian History (2011/2012), faoina theideal Béarla. Is léir an leabhar sin a bheith dulta i gcion go cumasach ar Sheosamh. Ach is údar é Sammut a bhfuil mianach an tsnaga bhric ann: glacann sé leis na codanna den Chríostaíocht, agus d’fhealsúnachtaí Oirthir Domhain, a thaitníonn leis, agus diúltaíonn do na codanna nach dtaitníonn leis. I dtaobh deartháireacha a bheith ag Íosa Críost, ní bheadh tromlach na scoláirí Bíobla ag réiteach le Sammut. Na sleachta as an mBíobla a thugann Seosamh féin, is é an focal ‘bráthair/bráithre’ a chuirtear ag obair iontu. Ciallaíonn ‘bráthair’ ‘deartháir’ sa Ghàidhlig –– bhí an dá chiall le ‘bráthair’ sa Ghaeilge siar amach, brother agus kinsman. Kinsman an t aistriúchán a thugann Fergus Kelly, scoláire Sean–Ghaeilge ar ‘bráthair’, i leabhar leis féin, A Guide to Early Irish Law (Baile Átha Cliath 2011) lch 313.
Is é an trua nár cheadaigh Seosamh saothar le scoláire mór Bíobla, mar atá Scott Hahn, sular thosaigh Seosamh ar oibriú an mhéarchláir. Ollamh le Diagacht an Bhíobla is ea Scott Hahn ar Ollscoil na bProinsiasach in Steubenville, Ohio, sna Stáit Aontaithe. Is é an tOllamh Hahn Eagarthóir Ginearálta Catholic Bible Dictionary (Doubleday Religion: Nua–Eabhrac 2009). Feicigí libh an iontráil ‘BROTHERS OF THE LORD’ [lch 128]. Ina mhinistir Cailvíneach a bhí Hahn sular iompaigh sé ina Chaitliceach. Bhí sé go láidir ar an tuairim tráth gurb é Ifreann atá i ndán do na Caitlicigh, agus ní stopadh Hahn ach ag iarraidh a chuid cairde Caitliceacha a iompú ina gCailvínigh. Ach nuair a thosaigh sé ar ghabháil don ardléann, agus nuair a d’fhoghlaim sé an Laidin, an Ghréigis, an Eabhrais, agus an Aramais, thosaigh sé ar a chuid Cailvíneachais a cheistiú. Eachtraíonn sé féin nár thuig sé Leabhar an Taispeánta [na hApacailipsise] i gceart riamh go dtí gur fhreastail sé, le teann fiosrachta, ar an chéad Aifreann aige –– am lóin, faoi mar a tharla sé. Tá Protastúnaigh bhunchreidmheacha ann arb é tuiscint Sammut atá acu ar dheartháireacha a bheith, nó gan a bheith, ag Íosa Críost. Ach formhór na gCríostaithe ar domhan, creideann siad gurb í an chiall atá le ‘bráthair duine’ sa Soiscéal ‘fear dá chine féin’.
Mar seo a ghabhann an iontráil sin in Catholic Bible Dictionary: ‘BRÁITHRE AN TIARNA –– Gaolta d’Íosa a luaitear go minic sa Tiomna Nua (Matha 12:46, 13:55; Marcas 3:31, 6:3; Lúcás 8:19; Eoin 2:12, 7:3, 20:17; Gníomhartha na nAspal 1:14, 1 Coraintigh 9:5; Galátaigh 1:19), agus ceathrar acu a aimnítear: Séamas, Iósaes nó Iósaf, Síomón, agus Iúdás (Matha 13:15; Marcas 6:3). An chiall fhairsing le ‘bráthair’ a oibrítear ar fud an Bhíobla, is í sin an chiall le ‘bráithre’ sna téacsanna sin. Is léir ar an Tiomna Nua, i dtaobh an cheathrair bráithre réamhráite, nach de chlann mhac Mhuire iad. Ní raibh deartháireacha ar bith ag Íosa Críost. Dá mbeadh, ní i gcúram deisceabail, Eoin, (Eoin 18:26) a d’fhágfadh Íosa Muire. Údar ar bith de chuid an Tiomna Nua, ní thugann sé riamh ‘clann mhac Mhuire’ ar bhráithre Íosa. De réir an tseanchais is seanda, ba iad na ‘bráithre’ clann mhac Iósaf ó phósadh roimhe sin. Ach is dóichí ná sin an ceart a bheith ag Naomh Iaróm, a áitíonn gurb iad na ‘bráithre’ col ceathracha Íosa; ar na Soiscéil dhifriúla a chur i gcomparáid le chéile, tá siad ag tacú go láidir leis an léamh sin. Is mic iad Séamas, agus Iósaes, le bean arbh ainm di Máire, bean a sheas le hais Mháthair Dé ag bun na Croiche (Matha 27:56; Marcas 15:40).’
Ba sa Ghréigis koine a scríobhadh an Tiomna Nua. Meascán ba ea í sin den Ghréigis liteartha agus de chanúintí Gréigise na gnáthmhuintire. Is é an focal adelphos [de réir an traslitrithe Laidine], an gnáthfhocal ar ‘deartháir’ sa Ghréigis sin. Níor leor focail aonair chun idirdhealú a dhéanamh ar na coincheapa seo san Eabhrais, ná san Aramais: ‘deartháir’, ‘col ceathair’, ‘leathdheartháir’, ‘leasdeartháir’, ‘uncail’, ‘nia’. Cuir i gcás, ‘col ceathair dom’, is é sin, ‘mac do bhráthair do m’athair’ san Eabhrais/san Aramais. Dhéantaí amach go dtí le déanaí gurbh í an Aramais teanga dhúchais Íosa Críost, ach tá sé á dhéanamh amach le tamall ag teangeolaithe ó Iosrael gurbh í an Eabhrais Mhisneách teanga dhúchais Íosa Críost –– canúint í seo d’Eabhrais an Bhíobla. Nuair a bhí Íosa ar an saol seo, bhí an Eabhrais á labhairt i gceantar na Gailíle, agus i gcomharsanacht an Teampaill in Iarúsailéim, abair, agus b’fhéidir gurbh in ceann de na cúiseanna a ndeachaigh Íosa i gcion ar sheanóirí an Teampaill, nuair a scaradh ó chéile é féin, agus Muire agus Iósaf, ar feadh tamaill, agus gan Íosa Críost ach 12 bhliain d’aois.
Cuireann sé siar ó thuaidh cuid de na Protastúnaigh bhunchreidmheacha a rá leo gur ina maighdean a bhí Muire riamh. Ach tá Protastúnaigh go leor ann a ghlacann gan cheist leis gur mar sin a bhí –– cuir i gcás, John Lennox, ó Ard Mhacha, Ollamh Emeritus le Matamaitic ar Ollscoil Oxford, agus diagaire. Is Airminiach é an tOllamh Lennox, is é sin le rá, Cailvíneach liobrálach, a ghlacann leis gur féidir do dhuine, a bheadh tráth ina fhíréan, a shlánú a chailleadh.
Sin iad na rudaí.
Seosamh Ó Cuaig
Tá a chreideamh féin ag Séamas agus tá mo chreideamh féin agamsa. Tá sé fánach a bheith ag súil go mbeadh muid ar aonintinn.