Céard a bhí le foghlaim ó na cluichí ag an deireadh seachtaine?

Trua an réiteora, easpa faobhair na Gaillimhe agus na ceachtanna eile a d’fhoghlaim muid an deireadh seachtaine seo

An réiteoir Padraig O'Sullivan tar éis dó cúl Fhear Manach a cheadú ar an Domhnach. Pictiúr:INPHO/James Crombie
An réiteoir Padraig O’Sullivan tar éis dó cúl Fhear Manach a cheadú ar an Domhnach. Pictiúr:INPHO/James Crombie

Níl cead ag réiteoirí trua a bheith acu d’fhoireann

Cúpla seachtain ó shin, tharraing alt le Conor McCarthy san Irish Examiner achrann nuair a dúirt an t-údar go mbíodh foirne Chiarraí ag iarraidh dul i bhfeidhm ar réiteoirí agus iad ag déanamh plámáis leo. Is léir go bhfuil dul amú ar imreoirí Chiarraí mar tá bealach níos éasca ann, is cosúil, dul i bhfeidhm ar an réiteoir – sé sin ligean don bhfoireann eile greadadh a thabhairt duit!

Ar an Domhnach, bhí ocht bpointe ann ar deireadh idir Baile Átha Cliath agus Fear Manach ach bhí bua glan ag na hUltaigh fad is a bhain sé le ciceanna saora. Níor bhronn an réiteoir Padraig O’Sullivan ach ceithre chic saor ar fhoireann Jim Gavin ó thús deireadh an chluiche; 18 cic saor a bronnadh ar Fhear Manach. Tar éis go raibh an cluiche aontaobhach, is dochreidte an scéal é sin.

Bhí an claonadh seo i dtreo na foirne laige breá soiléir sa chéad chúl a d’aimsigh Fear Manach. Ní raibh aon amhras ann ach gur bhrúigh Seán Quigley cúl báire Bhaile Átha Cliath Stephen Cluxton thar an líne. Ní raibh an maor cúil é féin chun an ‘scór’ a chéadú go dtí go ndúirt O’Sullivan leis an brat glas a ardú. Anois, beidh daoine ann a déarfadh, ‘Cén difear a rinne sé?,’ ach mura bhfuil réiteoirí in ann cloí leis na rialacha nuair atá cluiche thart mar chomórtas, cén mhuinín a bheadh ag duine iontu nuair atá an crú ar an tairne?

Bainisteoir na Gaillimhe Kevin Walsh. Pictiúr:INPHO/Morgan Treacy
Bainisteoir na Gaillimhe Kevin Walsh. Pictiúr:INPHO/Morgan Treacy

Beagán faobhair ag teastáil ó na Gaillimhigh fós

Níl aon dabht ach gurbh iad an Ghaillimh an fhoireann is fearr sa chéad leath in aghaidh Dhún na nGall ar an Satharn. Bhí a gcuid tosaithe amuigh chun cinn ar an bhfreasúra agus dhealraigh sé go raibh níos mó fuinnimh iontu.

Is í an fhadhb is mó a bhí ann ná go raibh siad fós ar comhscór le buachaillí Rory Gallagher ag leath ama. Sa dara leath, is ar éigean a bhuaigh siad tada idir an dá líne 45m. Tá cumas na beirte i lár na páirce, Tom Flynn agus Fiontán Ó Curraoin, le feiceáil ach tá an beagán faobhair atá ag teastáil sa chuid sin den pháirc fós in easnamh.

ar na fir lár páirce amháin atá an locht, áfach. Seachas bheith ag breith ar an liathróid san aer, is á briseadh síos a bhíonn Flynn agus Ó Curraoin den cuid is mó den am ach, beagnach gach uair a d’éirigh leo é sin a dhéanamh ar an Satharn, is imreoir i ngeansaí buí a bhí ag fanacht leis, gan aon Ghailleamhach in aon ghaobhar dó.

córas imeartha nua tugtha isteach ag Kevin Walsh i mbliana ach má siad chun an chéad chéim eile a thabhairt, tá athrú meoin ag teastáil ó Ghaillimh chomh maith.

Colm Cooper ag scóráil cúl i gcoinne Chill Dara. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Colm Cooper ag scóráil cúl i gcoinne Chill Dara. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Cúltacaí Chiarraí ag fáil cleachtadh maith

An geimhreadh seo, ba í an cheist a bhí ar bhéala na ndaoine faoi Chiarraí cén chaoi a raibh Éamonn Fitzmaurice le háit a fháil do na réalta uile a bhí aige i measc na dtosaithe. Mar a tharla sé, ní raibh mórán d’fhadhb aige go dtí seo. Bhí na himreoirí aige cinnte ach ní raibh siad ar fad réidh mar gheall ar ghortuithe agus easpa traenála.

Nuair a bhain gortú do Kieran Donaghy roimh an gcluiche inné, thug sé seans do Colm Cooper a chumas diamhar a mheabhrú do chách agus thapaigh fear na gCrócach an deis le fonn. D’aimsigh Gooch 2-3 agus d’fhéadfadh níos mó a bheith aige dá mbeadh sé níos santaí i mbun seilbhe. Ceann de na himreoirí a bhain leas as flaithiúlacht Cooper ná Darran O’Sullivan, fear a bhuaigh Craobh na hÉireann mar chaptaen ach a bhí imeallach go maith le bliain anuas mar gheall ar gortuithe.

Rinne Tommy Walsh a chion sa chluiche chomh maith nuair a tháinig sé isteach. Roimh thús na himeartha inné bheifeá den tuairim gurbh é Stephen O’Brien a bheadh i mbaol a áit a chailliúint, ach bhí fear an Neidín ar fheabhas.

Is anois a rachaidh sé dian ar Fitzmaurice gach éinne a choimeád sásta. dóigh liom go gcloisfimid mórán gearáin uaidh.

Michael Murphy agus Finian Hanley ar an talamh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Michael Murphy agus Finian Hanley ar an talamh. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Ní féidir le Dún na nGall gorta scórála a bheith acu i ngach chluiche

fadhb le réiteach ag Rory Gallagher. I gcluiche ceannais Uladh, chuaigh Dún na nGall ón gcúigiú nóiméad go dtí an 33ú nóiméad gan scór a aimsiú. Ar an Satharn i gcoinne na Gaillimhe, bhí an scéal níos measa fós agus thug siad 30 nóiméad gan aon scór a fháil.

nach bhfuil siad ag cruthú seansanna ach an oiread. I gcoinne Mhuineacháin, chuir siad 15 d’iarrachtaí amú (14 iarracht a chuir siad amú i gcluiche an tSathairn seo caite). Faoin am gur chuir McBrearty a cheathrú hiarracht amú le fiche nóiméad fágtha, bhí a dhóthain feicthe ag Gallagher agus bhain sé amach fear Chill Chartha.

In aghaidh Mhaigh Eo an Satharn seo chugainn, chinnteodh imreoirí ar nós Cillian O’Connor agus Aidan O’Shea go ndíolfadh Dún na nGall praghas níos daoire as na botúin seo. Ní mór do na Conallaigh feabhas mór a dhéanamh má siad ag iarradh fanacht sa chraobh.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó na cluichí ag an deireadh seachtaine?'