Céard a bhí le foghlaim ó chluichí peile an deireadh seachtaine?

Bua stairiúil ag an Iarmhí in aghaidh a gcomharsan, cruachás pheileadóirí Chill Dara agus ceachtanna eile an deireadh seachtaine

Bainisteoir na hIarmhí, Tom Cribbin. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Bainisteoir na hIarmhí, Tom Cribbin. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Cirbbin agus an Iarmhí éirithe ó na mairbh

Dhá bhliain déag ó shin, chaill an Iarmhí amach ar sheans iontach a chomharsana a bhualadh den chéad uair sa chraobh nuair a chuir laoch an chontae, Dessie Dolan, cic saor 20m amú sa nóiméad deireanach agus na foirne ar comhscór. Nuair a tháinig an deis arís inne, thapaigh siad é.

Is éard a rinne an toradh seo níos iontaí fós ná an míeagar a bhí ar an bhfoireann cúpla mí ó shin. Ag deireadh na sraithe, tar éis dóibh ísliú céime a fháil don dara bhliain as a chéile, cháin bainisteoir na hIarmhí, Tom Cribbin, a chuid imreoirí go láidir sna meáin. Cé nár ainmnigh Cribbin aon imreoir ar leith, dúirt sé nach raibh na himreoirí móra le rá ag déanamh a ndíchill agus go raibh sé thar am acu an obair a chur isteach.

Meastar gurb é John Heslin ceann de na himreoirí nach raibh Cribbin sásta leis ach más ea, tá a fhreagra tugtha ag an tosach anois. Chríochnaigh Heslin le 0-9 sa bhua in aghaidh an Lú níos luaithe sa samhradh ach ba é taispeántas an lae inné, chomh maith le ceann Kieran Martin, a tharraing aird an phobail. D’aimsigh an bheirt acu 3-12 eatarthu chun cáiliú do chluiche ceannais Laighean den chéad uair ó bhuaigh siad é i 2004.

Emmet Bolton (Cill Dara) ag lán ama in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Emmet Bolton (Cill Dara) ag lán ama in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níos lú na seachtain ag Cill Dara chun iad féin a chur in eagar

Go hiondúil, thógfadh sé tamall ar fhoireann teacht ar ais ó ghreadadh 19 bpointe ach níl mórán ama ag Cill Dara le bheith ag déanamh imní faoi theip an lae inné, agus Uíbh Fhailí rompu ar an Tulach Mhór an Satharn seo chugainn. Féach go raibh sé seachtaine ag Tír Eoghain le fáil faoi réir dá gcluiche siadsan in aghaidh Luimnigh ar an Satharn seo, tar éis dóibh cailleadh in aghaidh Dhún na nGall i gcraobh Uladh ar 17 Bealtaine.

go raibh sé deacair é a aithint agus é ag labhairt i ndiaidh an chluiche, caithfidh go bhfuil bainisteoir Chill Dara, Jason Ryan, in ísle brí faoin seal atá caite aige i gceannas an chontae. Bhí siad i Roinn 1 sa tsraith nuair a thosaigh sé amach i 2013 ach beidh siad ag imirt i Roinn 3 an bhliain seo chugainn. Rinne Cill Dara dul chun cinn sna cluichí cáilithe anuraidh, sular chaill siad in aghaidh Mhuineacháin tar éis am breise i mbabhta 4, agus beidh iarracht den chineál céanna nó ceann níos fearr ag teastáil má Ryan chun a phost a choimeád in 2016.

Éamonn McGee (Dún na nGall) agus Eoin Bradley (Doire) ar an Satharn> Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton
Éamonn McGee (Dún na nGall) agus Eoin Bradley (Doire) ar an Satharn> Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton

Feabhas ag teastáil ó Dhún na nGall chun craobh Uladh a bhuachan

Cháiligh Dún na nGall dá gcúigiú cluiche ceannais craoibhe as a chéile ar an Satharn ach is iomaí taispeántas atá tugtha acu le linn an ama seo a bhí níb fhearr ná an ceann a chonaic muid inné. Agus Muineachán ag fanacht le castáil leo faoi cheann trí seachtaine, beidh a fhios ag Rory Gallagher agus a chuid himreoirí go mbeidh orthu a bheith i bhfad níos fearr má siad chun an corn Angla-Cheliteach a bhuachan arís.

Faoi dhó sa chluiche ar an Satharn, chuaigh Dún na nGall beagnach fiche nóiméad gan scóráil agus cé go ndearna siad a ndóthain sa deireadh, ní raibh sé chomh compordach agus a cheapfaí. Agus scata imreoirí breise acu thiar i measc a gcosaintóirí ag Doire, ní raibh na Conallaigh in ann teacht timpeall orthu. Bhí Michael Murphy, Colm McFadden, Patrick McBrearty agus Odhrán Mac Niallais uile ciúin go maith sna tosaithe agus cé nach mbeidh Muineachán díreach chomh cosantach céanna le Doire an chéad lá eile, ní foláir do na himreoirí sin ar fad feabhsú go mór.

Iarimeoir Loch Garman, Mattie Forde, agus bainisteoir an fhoireann, David Power. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Iarimeoir Loch Garman, Mattie Forde, agus bainisteoir an fhoireann, David Power. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tagann Loch Garman aniar aduaidh ar an Dún

raibh aon duine ag súil leis an toradh as Páirc Loch Garman ar an Satharn, farasbarr cúig phointe ag an bhfoireann baile ar an Dún. Is bua gan choinne amach agus amach a bhí ann, go háirithe nuair a smaoinítear gur i Roinn 4 den tsraith a imríonn Loch Garman a gcuid peile agus go mbeidh an Dún i Roinn 1 an bhliain seo chugainn.

Bhuaigh Loch Garman craobh peile sóisear Laighean agus i rith na seachtaine, dúirt bainisteoir na foirne sinsear, David Power, gur spreag an toradh sin a fhoireann, go háirithe mar go mbíonn na foirne ag traenáil le chéile. Toisc nach raibh fáil ag Power ar leithéidí de PJ Banville agus Daithí Waters i mbliana, is imreoirí óga den chuid is mó iad painéal Loch Garman agus cé go raibh mí-ádh orthu cailliúint in aghaidh na hIarmhí i gcraobh Laighean, bhí siad in uachtar den chuid is mó den chluiche ar an Satharn agus áit sa chéad bhabhta eile tuillte acu.

Imreoir na Mí, Brian Fenton. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Imreoir na Mí, Brian Fenton. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cúrsaí ag gabháil ó mhaoil go mullach don Mhí le tarraingt na mbabhtaí cáilithe

Déanadh an tarraingt do bhabhta cáilithe 2B den chraobh ar maidin agus coinníodh na trí fhoireann aduaidh, Doire, Tír Eoghain agus Ard Mhacha, óna chéile, iad uile ag teacht as le cluiche baile chomh maith.

Tar éis dóibh cliseadh go hiomlán in aghaidh na gcomharsan inné, ní bheidh cúrsaí pioc níos éasca do pheileadóirí na Mí sa chéad bhabhta eile agus iad ag tabhairt aghaidh ar Thír Eoghain ar an Ómaigh. Tá coicís ag Mick O’Dowd chun an taoide a chasadh ach níl mórán daoine a bheadh ag iarraidh an cúram sin a ghlacadh chucu féin.

Cluiche suimiúil eile ná an ceann idir Gaillimh agus Ard Mhacha. Bhí daoine ag súil go mbeadh na contaetha seo in ann an fód a sheasamh ina gcúigí féin i mbliana ach níor tharla sé. Seans go mbeidh buntáiste an bhaile cinniúnach sa chluiche seo. Is iad an fhoireann baile a bhuaigh na trí chluiche is déanaí idir na foirne seo, Ard Mhacha sa tsraith i 2013 agus Gaillimh sa tsraith anuraidh agus sa chraobh i 2013.

Tiobraid Árann v An Lú agus Doire v Loch Garman na cluichí eile agus imreofar iad uile ar Dé Sathairn, 11 Iúil.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó chluichí peile an deireadh seachtaine?'