Céard a bhí le foghlaim ó chluiche leathcheannais iomána na hÉireann?

Cén meas a thabharfaí ar réimeas Eamon O'Shea ar Thiobraid Árann, fadhbanna ag Gaillimh ar an taobhlíne agus cúpla ceacht eile ó shárchluiche an Domhnaigh seo caite

Bainisteoir Thiobraid Árann, Eamon O'Shea. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Bainisteoir Thiobraid Árann, Eamon O’Shea. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cén meas a thabharfá ar réimeas O’Shea?

Nuair a sheol Shane Maloney scór an bhua thar an trasnán inné, ní Hamháin gur chuir sé deireadh le séasúr na dTiobradach ach chuir sé deireadh chomh maith le réimeas Eamon O’Shea mar bhainisteoir chomh maith. Déanadh an cinneadh anuraidh go raibh Michael Ryan le teacht isteach, pé rud a tharlódh i mbliana.

Toisc go raibh sé mar chuid d’fhoireann bainsitíochta Liam Sheedy a bhuaigh Craobh na hÉireann i 2010, bhí daoine ag súil le gaiscí móra ó O’Shea ach, ar an gcéad fhéachaint, ní léir gur bhain sé an oiread sin amach. Chuir sé tús uafásach lena sheal mar bhainisteoir nuair a díbríodh Tiobraid Árann as an gcraobh ag tús mhí Iúil gan aon chluiche buaite acu agus cé gur bhuaigh sé Craobh na Mumhan i mbliana, ní raibh de bhuanna aige sa chúige in imeacht trí bliana ach an dá chluiche a bhuaigh a fhoireann i gcraobh na bliana seo.

Ar an lámh eile, seans go mbeadh léamh iomlán difriúil againn ar an scéal dá mbeadh sciorta den ádh anseo agus ansiúd aige. Sa chluiche ceannais a chríochnaigh ar comhscór anuraidh, chuaigh buille saor ‘Bubbles’ O’Dwyer milliméadar amú agus an t-am caite. Níos luaithe i 2014, chaill siad amach le pointe in am breise i gcluiche ceannais na sraithe i gcoinne Chill Chainnigh agus arís inné, chaill siad sárchoimhlint agus an bhearna is lú idir na foirne.

Anthony Cunningham i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Anthony Cunningham i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Gaillimh rómhall i mbun athruithe

Dá mbeadh an cluiche seo cailllte ag Gaillimh, seans maith go mbeadh fiosrúchán dian ar bun maidir le taicticí agus cur chuige Anthony Cunningham. Ba léir ón gcéad nóiméad go riabh  Séasmus Callanan ag déanamh scrios iomlán ar Pádraig Mannion agus thóg sé i bhfad rófhada ar Cunningham athrú a dhéanamh.

Chaith Mannion 55 nóiméad ag iarraidh ag faire Callanan ach níor ghlac sé ach 36 soicind ar dhaoine a fheiceáil go raibh deacrachtaí ag an nGaillimheach. Faoi thrí a rug Callanan ar an sliotar glan os cionn Mannion agus faoi thrí bháigh sé san eangach é.

Ar deireadh, bhog Cunningham John Hanbury isteach ar Callanan ach ní mórán de dhifríocht a rinne sé sin ach oiread agus le fírinne, is imreoir breise os comhair Callanan a bhí ag teastáil. Agus Brendan Maher ag imirt amuigh i lár na páirce, bhí Iarla Tannian ‘saor’ chun an ról sin a ghlacadh chuige féin ach níor tugadh an t-ordú dó.

Ní hé nach raibh sé seo uile feicthe cheana ag Cunningham ach an oiread. Rinne Callanan an rud ceannann céanna i nDurlas anuraidh nuair a fuair sé 3-8 chun na Gaillimhigh a dhíbirt as an gcraobh. Is é Ronan Burke bocht a bhí á mharcáil an lá sin agus arís níor thug Cunningham aon cabhair dó. Tá moladh tuillte ag Cunningham as ucht an dul chun cinn atá déanta ag na Gaillimhigh faoina cheannas ach is cinnte gur locht air an easpa gnímh seo ar an taobhlíne.

Tosach Thiobraid Árann Séamus Callanan ag lán ama. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Tosach Thiobraid Árann Séamus Callanan ag lán ama. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An taispeántas is fearr riamh ó imreoir ar fhoireann a chaill?

Mar a tharlaíonn sé, is minic moladh faighte ag imreoirí ó Ghaillimh as sárthaispeántais a thabhairt i gcluichí a chaill siad. Thuill Joe Cooney agus Padraig Kelly ardmholadh as na taispeántais a thug siad sin i gcluichí ceannais na hÉireann i 1990 agus 1993 faoi seach.

Tharla an rud céanna sa chluiche leathcheannais anuraidh nuair a bhuaigh Séamus Hickey gradam laoch na himeartha cé gur chaill Luimneach i gcoinne Chill Chainnigh.

Inné b’iad gaiscí Séamus Callanan an t-aon fáth go raibh amhras fós ann faoin toradh agus an cluiche ag druidim chun deiridh. Den 3-16 a scóráil Tiobraid Árann, tháinig 3-9 ó chamán Callanan agus ní bhfuair an cúigear tosaithe eile a thosaigh taobh le Callanan ach ceithre phointe ón imirt san iomlán.

Fiú gan Bonnar Maher agus Bubbles O’Dwyer i mbarr a maitheasa, bhí Callanan chomh maith sin nár éirigh le Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar na Tiobradaigh go dtí an nóiméad deireanach. Rinne an lántosach scrios ar aon fhear a rinne iarracht é a choinneáil socair agus dá mbeadh an spiorad céanna leirithe ag beirt nó triúr eile ó Thiobraid Árann, seans go mbeidís ag fáil faoi réir don chluiche ceannais.

Noel McGrath ag teacht isteach mar ionadaí ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Noel McGrath ag teacht isteach mar ionadaí ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Chuir filleadh Noel McGrath barr smaise ar chluiche den scoth

Fiú le linn cluiche a bhí chomh lán sin le teannas, d’aithin gach duine sa slua cé chomh speisialta is a bhí sé nuair a tháinig Noel McGrath isteach san imirt agus deich nóiméad fágtha. I mí Aibreáin, fógraíodh go raibh ailse ar thosach Thiobraid Árann agus go raibh sé le dul faoi scian.

Níos lú ná dhá mhí ina dhiaidh sin, bhí Imreoir Óg na Bliana 2009 ar ais ag traenáil le Tiobraid Árann agus tháinig sé isteach san imirt den chéad uair inné. Bheadh scríobhneoir script scannán sásta leis an méid a tharla ansin. Gan fágtha ach nóiméad, tháinig an sliotar chomh fada le McGrath ar an gcliathán agus chuir sé Tiobraid Árann chun cinn. Faraor do na Tiobradaigh, níor chloígh Gaillimh leis an script ach, mar sin féin, b’ábhar ceiliúrtha do chách filleadh McGrath.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó chluiche leathcheannais iomána na hÉireann?'