Céard a bheidh sa chéad cheannlíne eile faoin traenáil idirchontae?

Tá aithne agam féin ar imreoirí atá faoi bhrú ag bainisteoirí idirchontae dul ag traenáil leis an gcontae agus traenáil club ar siúl an oíche chéanna

Céard a bheidh sa chéad cheannlíne eile faoin traenáil idirchontae?

Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Níl aon stad leis an gconspóid idir club agus contae agus bhí mórán sna meáin fúithi arís an tseachtain seo. Bhí cúpla ceannlíne thar a bheith suimiúil ar na páipéir. Ceann amháin a dúirt (as Béarla), ‘Cuirfear cosc ar chathaoirligh na mbord contae mura gcloítear le dáta Covid do thraenáil idirchontae’.

De réir tuairiscí bhí cruinniú ar líne leis na cathaoirligh ag oifigigh ó Pháirc an Chrócaigh agus cuireadh in iúl dóibh go mbeidh siadsan freagrach má théann na foirne idirchontae ar ais ag traenáil roimh an 14 Meán Fómhair.

Tuairiscíodh freisin go bhfuil seans go gcaithfear amach aon chontae a sháróidh an cosc. Sin bagairt shoiléir, cheapfá.

Nuair a fógraíodh na dátaí do shéasúr CLG cúpla seachtain ó shin bhí na húdaráis i Páirc an Chrócaigh ag ceapadh nach dtabharfadh na boird chontae éagsúla cead do na foirne idirchontae dul ar ais ag traenáil mar nach mbeadh aon árachas acu.

Ach de réir mo chuid foinsí bhí cuid mhaith contaetha ag briseadh na rialacha agus ag traenáil go rúnda.

N’fheadar conas a dhéanfaidh CLG rialú ar an riail seo?

An gcríochnóidh an scéal os comhair cúirte éigin?

Chuir an GPA a ladhar isteach sa scéal agus iad ag moladh go bhféadfadh imreoirí dul ar ais leis an chontae nuair a bheadh séasúr a gclub críochnaithe. Ansin nuair a chualadar ráiteas CLG faoi chomh dáiríre a bhí siadsan faoin dáta (14 Meán Fómhair) a mbeadh cead ag foirne contae filleadh ar an traenáil, chuir siad ráiteas amach a dúirt go raibh an dualgas ar na boird chontae éagsúla fadhb na traenála a rialú.

Is é an t-iarimreoir agus Cathaoirleach Bhord Uíbh Fhailí, Michael Duignan a thuill an chéad cheannlíne eile agus na focail ‘mímhacánta’agus ‘cur i gcéill’ á n-úsáid aige agus é ag tabhairt faoi na “teachtaireachtaí measctha” a bhí ag teacht ó CLG agus an GPA. Bhí sé thar a bheith feargach leis na bainisteoirí contae atá ag cur brú ar imreoirí dul ar ais ag traenáil agus an easpa rialaithe agus treorach ón CLG agus an GPA.

Agus tá an ceart aige.

Tá aithne agam féin ar imreoirí atá faoi bhrú ag bainisteoirí idirchontae dul ag traenáil leis an gcontae agus traenáil club ar siúl an oíche chéanna.

Ansin chualamar caint chiallmhar ag teacht ón iarpheileadóir de chuid Ard Mhacha Oisín McConville agus é ag caint mar bhainisteoir ar chlub Inis Caoin i Muineachán. Thug sé le fios go raibh cúpla glaoch teileafóin faighte aige ó bhainisteoir peile chontae Mhuineacháin Séamus McEnaney agus é ag iarraidh go dtiocfaí ar chomhthuiscint faoi fhadhb na traenála. “Ba chéim chun tosaigh é sin,” a dúirt McConville.

Ach dúirt sé freisin go raibh a fhios aige go raibh traenáil idirchontae ar siúl ar fud na tíre.

Ansin cúpla lá ó shin bhí ceannlíne eile ann a dúirt go raibh soiléiriú á lorg ag na bainisteoirí idirchontae faoi cad go díreach atá ceadaithe.

Bhuel ní fada go bhfuair siad an freagra nuair a seoladh ríomhphost ón gceanncheathrú i bPáirc an Chrócaigh go dtí clubanna uile na tíre. Sa ríomhphost sin, moladh do na clubanna dul díreach i dteagmháil leis an gceanncheathrú má bhíonn fianaise acu faoi aon traenáil idirchontae atá coiscthe.

Sea, tá an lasair sa bharrach.

Táim ag súil leis an chéad cheannlíne eile.

Fág freagra ar 'Céard a bheidh sa chéad cheannlíne eile faoin traenáil idirchontae?'

  • Pol o Grifin

    Imreoiri chontaetha faoi bru mor o na tuairimi difriula ata ag teacht o na oifigi sa clg.