Déanfar ballraíocht Bhord Fhoras na Gaeilge a phlé inniu ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) agus tréimhse trí bliana na mball reatha ar bhord na heagraíochta teanga istigh.
Thug urlabhraí ó Oifig an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire le fios do Tuairisc.ie tráthnóna inné go bpléifí ag cruinniú CATT atá ar siúl inniu ceist na gceapachán ar Bhord Fhoras na Gaeilge agus ar bhoird na n-eagraíochtaí eile trasteorann.
Inniu atá an cruinniú deireanach den Bhord atá faoi láthair ag Foras na Gaeilge, ach meastar go dtairgfear síneadh ama do bhaill reatha seachas ceapacháin nua a dhéanamh.
De réir na reachtaíochta faoinar bunaíodh Foras na Gaeilge, tá cead ag baill an Bhoird dhá théarma trí bliana a dhéanamh, agus is féidir tréimhse dhá bhliain a chur leis an dara téarma.
15 atá ar Bhord an Fhorais faoi láthair agus athcheapacháin atá i dtriúr acu sin; Cathaoirleach an Bhoird Liam Ó Maolmhíchíl, Leaschathaoirleach an Bhoird, Eoghan Mac Cormaic, agus an comhalta boird, Marcas Mac Ruairí.
Fág freagra ar 'Ceapacháin Bhord an Fhorais le plé ag CATT agus a gcruinniú deireanach ag an mbord inniu'