Ceapach na nglasraí á hathcheapadh

Le cúpla lá anuas tá ár gcolúnaí ag dul timpeall an gharraí agus cupán caife i lámh amháin aige agus an lámh eile faoina smig

Ceapach na nglasraí á hathcheapadh

Bhí comhairle mhaith ar sheanfhéilire garraíodóireachta a fágadh ar an mballa i gcró na n-uirlisí: ‘anois ag deireadh Mhí Lúnasa siúil timpeall do cheapach glasraí agus í i mbarr a háilleachta. Féach céard iad na rudaí ar mhaith leat a athrú agus déan pleananna don chéad bhliain eile.’

Gaois ag baint leis sin gan dabht, óir ní chuimhneoidh tú agus spád á cur sa talamh arís agat san earrach cá raibh gach rud curtha agat i mbliana, agus le cúpla lá anuas bím ag dul timpeall an gharraí agus cupán caife i lámh amháin agam agus an lámh eile faoi mo smig, ag machnamh.

An chéad rud a rinne mé ná téad a cheangal d’aon chraobhacha crainn agus tom nach bhfuil duilleoga orthu anois ag deireadh an tsamhraidh, le cur i gcuimhne dom go bhfuil siad marbh dáiríre agus le gearradh.

Ag caint orthu sin, sin é an t-athrú is mó a dhéanfaidh mé ar an gceapach glasraí an chéad bhliain eile: tá falla crann agus tom ar an taobh thuaidh den cheapach agus cé gur cuma le barra áirithe (an biatas agus an ruachán) a bheith sa leathscáth bhí stráice méadair ar an taobh thuaidh den cheapach nár éirigh le haon cheo ann: ródhorcha, agus róghar do na seilidí a bhíonn i bhfolach faoi na crainn agus na toim. Cosán a bheidh sa stráice sin an chéad bhliain eile, agus cé go mbeidh an cheapach glasraí níos lú dá bharr, éireoidh níos fearr leis na barra a chuirfidh mé agus beidh teacht níos fearr agam orthu agus mé ag tabhairt aire dóibh.

Agus sin rud eile a mbeidh orm cuimhneamh air an bhliain seo chugainn: níos mó spáis a fhágáil idir na barra iad féin; bhí mé ró-uaillmhianach i mbliana agus bhí na plandaí i mullach a chéile.

Rinne mé liosta ansin de na glasraí ar éirigh go maith leo i mbliana (an biatas, an meacan bán, an bhiabhóg, an cabáiste, na pónairí agus na trátaí), de na cinn ar theip orthu agus nárbh fhiú dom a chur arís (an brocailí, na cairéidí agus na hoinniúin) agus de na cinn a chonaic mé i gceapacha na gcomharsan agus ar mhaith liom triail a bhaint astu (lus na gréine agus cúcamair.)

Chuimhnigh mé ansin nárbh iad na seilidína féileacáin ba mhó a chuir as do mo cheapach glasraí i mbliana ach an ghaoth a bhíonn ag séideadh níos láidre ná mar a bhíodh sna bólaí seo de bharr athrú na haeráide, agus gur chóir dom fallaí a thógáil leis na craobhacha a ghearrfaidh mé de na crainn agus na toim; clúdóidh an t-eidhneán iad agus tabharfaidh siad cosaint do na barra an chéad bhliain eile.

Agus na smaointe sin á mbreacadh síos agam i leabhar nótaí rith cúpla togra eile liom: garraí bláthanna fiáine a dhéanamh den fhaiche féir, luibheanna leighis a fhás sa chúinne dearmadta úd… nach é an feall é go mbeidh fómhar agus geimhreadh fada ann sula mbeidh an t-earrach linn arís?

Fág freagra ar 'Ceapach na nglasraí á hathcheapadh'