Ceap magaidh agus ceap náire an tslí a gcaitear le clubanna CLG

Sí an fhírinne gur beag coiste contae de chuid CLG sa tír a bhfuil beart á dhéanamh de réir a mbriathair acu agus a thugann an t-ómós atá tuillte acu dá gclubanna agus dá gcuid imreoirí

Ceap magaidh agus ceap náire an tslí a gcaitear le clubanna CLG

Donal Cooney (Naomh Tomás) agus Jack Forde (Cumann Liam Uí Mhaoilíosa). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ar an 6ú lá d’Aibreán seo caite a tarraingíodh an laisc ba thúisce ar an sliotar i gCraobh Shinsir Iománaíochta na Gaillimhe 2019. Idir A agus B imríodh 76 cluiche sa gcomórtas inar facthas dhá bhabhta críochnaithe sular gaireadh sos ag deireadh na míosa sin ar mhaithe leis na hullmhúcháin do Chorn Mhic Cárthaigh.

Ainneoin seansanna na Gaillimhe air siúd a bheith imithe le sruth ón am ar bhuaigh Áth Cliath orthu ar Pháirc Parnell ar an 15 Meitheamh níor deineadh aon imirt i gcraobh an chontae féin arís go dtáinig lár mhí Lúnasa.

Dé Domhnaigh seo caite bhailigh ionann is 7,000 duine isteach i bPáirc an Phiarsaigh áit ar bádh iad agus áit ar phréachadar ag breathnú ar chluiche ceannais an chomórtais agus báireoirí Naomh Tomás agus Liam Uí Mhaoilíosa ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh spórt a oireann do thriomach an tsamhraidh a imirt ar pháirc a raibh a lorg féin fágtha uirthi ag an aimsir atá faighte againn.

Ceap magaidh agus ceap náire a leithéid, ach ná creid ar feadh soicind gur ar Ghaillimh amháin atá an milleán le dul.

Sí an fhírinne gur beag coiste contae de chuid CLG sa tír a bhfuil beart á dhéanamh de réir a mbriathair acu agus a thugann an t-ómós atá tuillte acu dá gclubanna agus dá gcuid imreoirí.

Tuigim gur dóigh go bhfuil sibh bréan ag éisteacht liom ar an bpápaireacht seo ach d’fhág leathuair an chloig taighde a rinne mé le seachtain nach bhfuil mé in ann scaoileadh leis an gceist.

Dhá bhliain ó shin ag Comhdháil Bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael, vótáil 91% de na teachtaí a bhí i láthair ar son rúin a chuir Ardchomhairle na heagraíochta chun cinn a d’iarr go mbeadh Cluichí Ceannais Sinsearacha na hÉireann imeartha sula mbeadh mí Lúnasa caite. “D’fhágfadh sin go mbeadh níos mó ama ar fhéilire CLG le cluichí clubanna a imirt,” a dúirt aguisín a bhí leis.

Tugann sracfhéachaint sciobtha ar Chraobhchomórtais Idirchontae na bliana seo le fios nach bhfuil sin tarlaithe agus go deimhin i gcásanna áirithe gur amhlaidh a imríodh cluichí ceannais contae níos deireanaí i mbliana ná a imríodh iad 3 bliana ó shin nuair ba i mí Mheán an Fhómhair a thagadh deireadh leis na Craobhacha Náisiúnta.

I gcás na Gaillimhe féin cé go ndeachaigh siad chomh fada le Cluiche Leathcheannais na hÉireann in 2016 bhí craobh shinsir an chontae críochnaithe mí níos túisce ná a bhí sé i mbliana.

Ba é a gcliseadh in aghaidh Chiarraí (i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha) ar an 15 Meitheamh seo caite an imirt dheireanach a rinne iománaithe Uíbh Fhailí i gCraobh Iománaíochta 2019. Níor imríodh cluiche ceannais a gcontae féin go dtáinig an 20 Deireadh Fómhair – an t-am céanna ar imríodh é trí bliana ó shin.

D’fhág iománaithe an Chláir slán ag Craobh na hÉireann 2019 an deireadh seachtaine céanna le hUíbh Fhailí – arís bhí lár Dheireadh Fómhair linn nuair a bhuaigh Droichead Abhann Ó gCearnaigh ar an gCreatlach i mbabhta ceannais an chontae.

Tugann sracfhéachaint sciobtha ar chontaetha eile a buaileadh luath go maith sa gCraobh – Laois, Áth Cliath agus Aontroim mar shampla – le fios nár imríodh a gcluichí ceannais siúd aon bhlas níos túisce i mbliana ná a deineadh san am atá caite.

Is éagóir chomh mór céanna ar chlubanna na bearnaí móra seo atá tagtha isteach in imirt na gcraobhacha contae. Fearacht na Gaillimhe imríodh an chéad bhabhta de Chraobh Iomána Thiobraid Árann 2019 ar an gcéad deireadh seachtaine de mhí an Aibreáin. Bhí mí Dheireadh Fómhair linn sular imríodh an chéad bhabhta eile.

Tuigim gurb iad éachtaí an 30 báireoir contae ba chúis leis, ach cá bhfágann sin an 400 iománaí sinsir club eile i dTiobraid Árann, ná go deimhin lucht a leanta.

Tá an scéal céanna le haithris timpeall na tíre faoi pheileadóirí agus faoina gcuid clubanna. Faoi Fhéile Pádraig seo caite a cuireadh tús le Craobh Shinsir Peile Chorcaí agus leanadh den imirt go dtáinig lár na míosa dár gcionn. Leagadh as ansin. Oiread agus aon chic craoibhe amháin níor tarraingíodh ar an liathróid i mí an Mheithimh ná i mí Iúil agus bhí coicís de mhí Lúnasa caite sular thosaigh an iomaíocht athuair.

Níl sampla níos fearr a léiríonn an scéal ná imirt Naomh Abán Bhaile Bhuirne i gCraobh Idirmheánach Peile an chontae sin i mbliana. Ar an 14 Aibreán a d’imir siad a gcéad chluiche nuair a bhuaigh Béal Átha an Ghaorthaidh orthu. Níor imir siad sa gcraobh arís go dtáinig an 9 Lúnasa nuair d’fhág a gcliseadh in aghaidh Áth Trasna a gcuid imeartha déanta.

I nDún na nGall níos tosaíodh ar an gCraobh beag ná mór go dtáinig mí Dheireadh Fómhair, ceithre seachtaine tar éis do Mhaigh Eo iad a chur as an iomaíocht ar Chorn Mhig Uidhir. D’fhág athimirtí go mba ar oíche Chéadaoin a socraíodh cérbh iad curaidh an chontae.

Bhí Cill Dara, Muineachán, an Dún agus Ard Mhacha buailte i gCraobh na hÉireann faoin am a dtáinig deireadh an Mheithimh seo caite. Ní raibh cluiche ceannais na gclubanna sinsir ar bun níos túisce i gceachtar acu siúd i mbliana ná a bhí sé in 2016 ach an oiread.

Fág freagra ar 'Ceap magaidh agus ceap náire an tslí a gcaitear le clubanna CLG'