Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla le foilsiú an mhí seo chugainn

Tá sé bliana ann ó fógraíodh go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Léirigh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra míshástacht leis na ceannteidil a foilsíodh in 2014

Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla le foilsiú an mhí seo chugainn

Tá súil ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne go bhfoilseofar ceannteidil Bhille nua na dTeangacha Oifigiúla an mhí seo chugainn.

Sé bliana ó shin a fógraíodh go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Kyne nár fhoilsigh sé na ceannteidil roimhe seo toisc nach raibh an Bille “chomh láidir agus ba cheart dó a bheith” agus nach raibh polaiteoirí, an Coimisinéir [Teanga], agus grúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge” sásta leis na ceannteidil a foilsíodh trí bliana ó shin.

Dúirt Kyne ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh súil aige go bhfoilseofaí na ceannteidil leasaithe sa Bhealtaine agus go mbeadh an Bille “níos láidre” ná mar a bhí nuair a foilsíodh na ceannteidil den chéad uair in 2014.

Cuireadh moill ar fhoilsiú na gceannteideal, freisin, a dúirt sé, fad is a bhíothas ag fanacht ar cheapachán stiúrthóir nua na Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, agus ar cheapachán an Phríomhoifigigh nua sa Roinn chéanna. Ceapadh Aodhán Mac Cormaic agus Mícheál Ó Conaire sna poist sin ag deireadh na bliana seo caite.

Thug an tAire Stáit le fios go bhfuil an bheirt oifigeach sin de chuid a Roinne sa Bhreatain Bheag i láthair na huaire ag casadh le feidhmeannaigh rialtais na tíre sin chun ceist na scéimeanna, na gcaighdeán agus na rialachán a phlé ionas go bhféadfaí tabhairt faoi chóras níos éifeachtaí a chur ar bun in Éirinn.

Dúirt Kyne go bhfuil súil aige go bhfoilseofar na ceannteidil an mhí seo chugainn agus go gcuirfear an Bille nua os comhair an Choiste Oireachtais don Ghaeilge, a bhfuil an Taoiseach ina Chathaoirleach air, chun an Bille nua a phlé.

Léirigh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra míshástacht leis na ceannteidil a foilsíodh in 2014 toisc nár tugadh aird iontu ar mholtaí an Choimisinéara ná ar mholtaí an phobail i dtaobh na reachtaíochta nua. Measadh gurbh amhlaidh a bheadh lagú seachas neartú ar an Acht mar thoradh ar na ceannteidil.

Dar leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, nár fhreastail na ceannteidil “beag ná mór ar riachtanais ná éilimh phobal na Gaeilge agus gurbh é an rud is tábhachtaí anois ná go dtabharfaí reachtaíocht isteach a láidreodh cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta”.

Dúirt an Coimisinéir gur gá aghaidh a thabhairt sa Bhille nua ar cheist chóras na scéimeanna teanga agus gur chóir foráil dhíreach a bheith sa reachtaíocht nua a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag oibrithe poiblí atá ar dualgas sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht.

Bhí an teachtaireacht chéanna ag an gCoimisinéir Teanga agus é os comhair Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné agus sa tuarascáil speisialta a d’fhoilsigh a oifig an tseachtain seo.

Dúirt sé go bhfuil an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát “ar seachrán” agus “dulta i ndísc”.