Ceannlínte Suntasacha ó Olltoghchán na Breataine

Tá cuid mhór de na suíocháin líonta anois agus léargas le fáil ar an leagan amach a bheidh ar an chéad pharlaimint eile sa Bhreatain

David Cameron le bheith ina Phríomh-Aire arís.
David Cameron le bheith ina Phríomh-Aire arís.

Beidh David Cameron ar ais mar phríomhaire agus móramh glan (329 suíochán) á thuar do na Caomhaigh.

Rachaidh David Cameron go Pálás Buckingham níos deireanaí inniu le casadh le Banríon Shasana.

D’éirigh Nick Clegg, ceannaire na nDaonlathaithe Liobrálacha, as an gceannaireacht tar éis na dosaen suíochán a chailleadh.

Páirtí an Lucht Oibre scriosta in Albain, áit a mbeidh bua as cuimse ag Páirtí Náisiúnach na hAlban (SNP); beidh 56 as an 59 suíochán ansin ag páirtí Nicola Sturgeon.

Beidh laghdú ar líon iomlán na suíochán ag Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain ó 258 in olltoghchán 2010 go 233 anois a mheastar agus tá amhras faoi thodhchaí cheannaire an Pháirtí Ed Milliband.

bheidh ach ocht suíochán Daonlathaithe Liobrálacha (LibDem) agus gan aon amhras faoina gceannaireacht siúd; fógróidh Nick Clegg go bhfuil sé ag éirí as an bpost sin níos deireanaí inniu.

Tháinig méadú suntasach ar vóta UKIP san olltoghchán ach ní bheidh acu ach beirt fheisirí sa pharlaimint nua cé go n-aithnítear go mbeidh ról tábhachtach acu sa reifreann ar bhallraíocht na Breataine san Eoraip atá geallta ag an bPríomh-Aire David Cameron.

suíochán caillte san olltoghchán ag cuid de pholaiteoirí aitheanta na Breataine, ina measc Ed Balls (urlabhraí airgeadais an Lucht Oibre), George Galloway (Respect Party), Jim Murphy (ceannaire an Lucht Oibre in Albain) agus Charles Kennedy (iarcheannaire na nDaonlathaithe Liobrálacha).

Suíochán amháin a bheas ag an gComhaontas Glas sa pharlaimint nua.

bean 20 bliain d’aois tofa ina ball parlaiminte don SNP i dtoghcheantar Paisley agus Renfrewshire Theas. Is í Mhairi Black an feisire is óige ó bhí 1667 ann.

Feisire parlaiminte le Gaeilge Conor McGinn as deisceart Ard Mhacha tofa do Pháirtí an Lucht Oibre i dtoghcheantar St Helen’s North i Learpholl.

Pat McFadden (Pat Jimmy Den Rua) de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill athofa mar fheisire ag an Lucht Oibre in Wolverhampton Thoir Theas.

Aonghas Mac Néill ón SNP athofa i nGaeltacht na hAlban do thoghcheantar na n-Eileanan an Iar.

Fág freagra ar 'Ceannlínte Suntasacha ó Olltoghchán na Breataine'