Sos ag Scmmidt agus na cúigí ag dul sa ghleo arís

Ní móide gur féidir le Connacht aon phointe eile a ligean le sruth.

Joe Schmidt 20/5//2014
Joe Schmidt. Pictiúr: INPHO Billy-Stickland

Beidh géarghá ag Joe Schmidt leis an mbriseadh coicíse atá aige roimh chuairt fhoireann Shasana go dtí an Aviva seachtain ón Domhnach seo. Teastaíonn deis a thabhairt do na himreoirí  teacht chucu féin ón gcath fíochmhar a bhí acu leis na Francaigh an Satharn seo caite, rud nach bhfuil i ndán do Jamie Heaslip bocht! Beidh an t-am ag teastáil freisin le plean iomlán as an nua a chur i dtoll a chéile leis an sean-namhad a cheansú.

D’íoc Pascal Papé go daor as an ionsaí gránna agus meatach a rinne sé ar Heaslip, agus tréimhse deich seachtaine ar fionraí tugtha dó. Bhí sé tuillte aige, go háirid nuair nach mbeidh fáil ag foireann na hÉireann ar imeoir gheansaí a hocht go dtí deireadh an chomórtais seo, sin má bionn fáil air an t-am sin féin.  

Seans dá bhrí sin gurb é Jordie Murphy a bheas ag feidhmiú ar chúl na clibirte agus paca na hÉireann ag tabhairt faoi líne cúil thosaithe Shasana, líne atá ar cheann de haonaid is éifeachtaí ar domhan faoi láthair. Is cinnte freisin go mbeidh fáilte ag Jonny Sexton roimh an scíth.  Beidh deis cneasaithe aige don ghearradh a fuair sé sa mbualadh cloiginn le Mathieu Bastareaud.  Beidh tuilleadh faoin ullmhú don chluiche sin againn in alt na seachtaine seo chugainn ach idir an dá linn, tá na Cúigí ag imirt sa bPro 12 arís an deireadh seachtaine seo.

Níl aon dabht ach go gcuirfidh na Laighnigh rudaí ina gceart arís an Aoine seo, tar éis dóibh na maidí a ligean le sruth i gcoinne Casnewydd (an Port Nua) an Domhnach seo caite.  Is cúis mhór náire,  gan leathscéal ar bith é gur lig siad d’fhoireann a bhí 25 pointe taobh thiar díobh an ceann is fearr a fháil orthu. Mar bharr ar an mí-ádh bhí siad sa mbaile san RDS. Is in aghaidh Zebre agus iad sa mbaile aris san RDS a bheas Cúige Laighean don chluiche seo. Ní bheidh cluais ar bith le fáil acu má theipeann orthu Zebre, foireann atá ar íochtar an tábla, a chlaoi.

Fuair Cúige Chonnacht batráil freisin an Domhnach seo caite. Níor léirigh na Scarlets agus iad san sa mbaile sa mBreatain Beag trócaire ar bith – iad ag aimsiú ceithre úd agus pointe bónais ar fhir na Gaillimhe. Beidh ar Chúige Chonnacht an t-aistear céanna a dhéanamh arís an Satharn seo, le tabhairt faoin gCasnewydd céanna a bhuail Cúige Laighean.  Dúshlán mór eile é seo d’fhir Phat Lam; ní móide gur féidir leo aon phointe eile a ligean le sruth.

Sa mBreatain Bheag a bheas na Muimhnigh freisin, iad siúd ag súil go mbeidh siad in ann cur leis an mbua iontach a bhí ag foireann an-óg agus ar bheagán taithí ar na ‘Blues’ an Satharn seo caite. Ach mar a chonaic muid go minic sa gcomórtas seo, bíonn tionchar ollmhór ag buntáiste an bhaile ar an toradh.

As baile in Albain a bheas Cúige Uladh , iad i gcoinne Dhún Éadainn, foireann atá dhá phointe déag taobh thiar díobh ar an tábla. Mar sin féin, tá borradh mór faoi Dhún Éideann faoi láthair; bhí an bua acu sa trí chluiche deiridh sa gcomórtas seo, bua iontach (24 – 16) ar na hOspreys an deireadh seachtaine seo caite san áireamh. Ní mór do Chúige Uladh a bheith an-chúramach ar fad.

Fág freagra ar 'Sos ag Scmmidt agus na cúigí ag dul sa ghleo arís'