Ceannasaí TG4 Alan Esslemont i measc 3,000 duine ar bronnadh saoránacht na hÉireann orthu

Deir Alan Esslemont, atá ina chónaí in Éirinn le 35 bliain anuas, gur údar mór mórtais dó gur saoránach de chuid na tíre seo anois é

Ceannasaí TG4 Alan Esslemont i measc 3,000 duine ar bronnadh saoránacht na hÉireann orthu

Bhí Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont i measc an 3,000 duine ar bronnadh saoránacht na hÉireann orthu ag searmanais speisialta a  bhí ar siúl i gCill Airne an tseachtain seo.

As Albain ó dhúchas d’Alan Esslemont atá ina chónaí in Éirinn le blianta fada.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt Esslemont, a bhfuil cónaí air i gCinn Mhara i gCamas i nGaeltacht Chonamara, gur údar mór mórtais dó gur saoránach de chuid na hÉireann go hoifigiúil anois é.

“Bhí mé an-bhródúil gur éirigh liom a bheith i mo shaoránach Éireannach tar éis beagnach 35 bliain a bheith i mo chónaí anseo. Is as Maigh Eo mo bhean agus is sa nGaeltacht a tógadh an cúigear clainne atá againn.  Chomh maith le bheith i m’Éireannach anois, beidh mé fós i m’Eorpach.  Tá sé sin tábhachtach dom mar dhuine a chaith os cionn dhá bhliain sa bhFrainc agus san Eilvéis sular tháinig mé anseo.”

Trí Ghaeilge a bhain Esslemont saoránacht na hÉireann amach.

“Trí Ghaeilge a rinne mé an próiseas ar fad – na foirmeacha agus an comhfhreagras –  agus bhí an bhean ón Roinn Dlí agus Cirt a bhí ag plé liom an-lách ar fad.  Inné i gCill Airne bhí searmanas álainn leis an Aire Paschal Donohoe [ar bhain a bhean féin saoránacht amach] agus an Breitheamh Bryan McMahon agus rinne mé an ‘dearbhú dílseachta’ agus an ‘gealltanas’ i nGaeilge.  Labhair Bryan McMahon faoi thábhacht na Gaeilge ach ní dóigh liom gur cheap sé go raibh mórán sa seomra a thuigfeadh í!” arsa Ard-Stiúrthóir  TG4 le Tuairisc.ie.

Ghlac daoine ó bhreis is 120 tír páirt i searmanais na bliana seo.

Cuireadh tús leis na searmanais saoránachta do dhaoine a n-éiríonn leo saoránacht na hÉireann a bhaint amach seacht mbliana ó shin.

Ceapadh Alan Esslemont ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 in 2016. D’oibrigh an tAlbanach le TG4 ó thréimhse a bhunaithe go dtí gur fhág sé an stáisiún chun dul ag obair le BBC Alba nuair a athcheapadh Pól Ó Gallchóir ina cheannaire ar an stáisiún Gaeilge in 2008.

Cé gur thug sé ocht mbliana ag obair le BBC Alba, níor bhog sé féin ná a chlann riamh ó Ghaeltacht Chonamara.

Fág freagra ar 'Ceannasaí TG4 Alan Esslemont i measc 3,000 duine ar bronnadh saoránacht na hÉireann orthu'

  • Lillis Ó Laoire

    Comhghairdeas le hAlan!