Ceannasaí nuachta RTÉ le hiarraidh os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge chun ciorruithe Nuacht TG4 a phlé

Dheimhnigh Cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, go raibh sé chun ‘cuireadh láithreach’ a thabhairt do RTÉ teacht os a gcomhair chun cur chuige an stáisiúin i leith na Gaeilge a phlé

Ceannasaí nuachta RTÉ le hiarraidh os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge chun ciorruithe Nuacht TG4 a phlé

Tá sé i gceist ag Coiste Oireachtais cás na nuachta Gaeilge a phlé le bainisteoirí sinsearacha ó RTÉ an mhí seo chugainn.

Agus cuireadh á thabhairt do RTÉ teacht os comhair an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh sé “an-tábhachach go dtiocfadh Jon Williams [ceannasaí nuachta RTÉ] os comhair an Choiste Oireachtais chun léargas cruinn a thabhairt dúinn ar an gcaiteachas atá á dhéanamh ar nuacht na Gaeilge i gcomparáid leis an nuacht Bhéarla”.

Dheimhnigh Cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, do Tuairisc.ie go raibh Jon Williams le bheith luaite sa chuireadh a thabharfar do RTÉ teacht os a gcomhair.

“Beidh mé ag scríobh chucu agus ag tabhairt cuireadh dóibh láithreach,” a dúirt Ó Snodaigh.

Thug Ó Snodaigh le fios chomh maith go bhfuil sé i gceist aige na ciorruithe atá á ndéanamh ag RTÉ ar an tseirbhís Ghaeilge a phlé nuair a thiocfaidh Aire na Meán Catherine Martin agus ionadaithe ó Údarás Craolacháin na hÉireann os comhair an choiste an tseachtain seo.

Tuigtear go mbeidh Dee Forbes, Ard-Stiúrthóir RTÉ, ar dhuine díobh siúd a dtabharfar cuireadh di chomh maith. Meastar go mbeidh mí an Mheithimh ann sula mbeidh deis ag Coiste Gaeilge an Oireachtais lucht bainistíochta RTÉ a thabhairt os a chomhair.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go raibh sé “ait” nach raibh RTÉ sásta aon fhigiúirí a chur ar fáil do Tuairisc.ie mar thacaíocht le maíomh a gceannasaí nuachta, Jon Williams, go bhfuil méadú tagtha ar an gcaiteachas a dhéantar ar nuacht teilifíse na Gaeilge le ceithre bliana anuas.

Dúirt Jon Williams le déanaí gurb amhlaidh gur laghdaíodh buiséad nuacht an Bhéarla gach bliain le roinnt blianta anuas agus gur mhéadaigh an caiteachas ar an nuacht Ghaeilge sa tréimhse chéanna.

Dhiúltaigh RTÉ eolas a chur ar fáil do Tuairisc.ie faoin gcaiteachas a rinneadh ar nuacht na Gaeilge i gcomparáid le nuacht an Bhéarla le ceithre bliana anuas, áfach.

“Tá sé ait go mbeadh siad ag rá go bhfuil gach rud i gceart agus go bhfuil ardú ag teacht ar an maoiniú ach ba chóir go mbeadh siad in ann é sin a chruthú.

“Ba chóir dóibh, ar a laghad, na doiciméid atá acu á chruthú sin a roinnt leis an bpobal i gcoitinne mar is airgead an phobail atá i gceist. Chruthódh sé an-tapa an bhfuil an ceart acu maidir le hardú infheistíochta ar nuacht i nGaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh.

Bhí cruinnithe roimhe seo ag Ó Snodaigh agus ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee le Jon Williams agus Joe Reddington, ceann feadhna Nuacht TG4/RTÉ, chun plé a dhéanamh faoi na ciorruithe ar Nuacht TG4 a fógraíodh an mhí seo caite. Dúirt Clifford-Lee go raibh an Taoiseach “an-bhuartha” faoin scéal nuair a phléigh sí leis é.

Tá díospóireacht ar siúl le tamall faoina laghad cúrsaí reatha a bhíonn ar fáil i nGaeilge.

Dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, dúirt Alan Esslemont, ar Nuacht TG4 go raibh sé “dochreidte” nár craoladh ar an stáisiún ó bunaíodh é aon tsraith a bhí bunaithe ar an iriseoireacht iniúchta.

Lena chois sin mhaígh ceannasaí stáisiún Bhaile na hAbhann gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in iriseoireacht na Gaeilge.

Thug suirbhé nua le fios go raibh an pobal “ag éileamh a thuilleadh” thar mar atá á fháil acu ó Nuacht TG4.

Dúradh sa suirbhé, a rinne OÉ, Gaillimh i gcomhar le TG4 faoi iriseoireacht na Gaeilge, go rabhthas ag súil le seirbhís nuachta níos cuimsithí agus níos mó ábhar ó Nuacht TG4 thar mar atá á fháil acu. Seirbhís ‘níos mó agus níos leithne’ atá ag teastáil, a dúradh.

Fág freagra ar 'Ceannasaí nuachta RTÉ le hiarraidh os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge chun ciorruithe Nuacht TG4 a phlé'