Ceannasaí nua á lorg ag COGG agus Muireann Ní Mhóráin ag éirí as tar éis 20 bliain

Tá nach mór 20 bliain caite ag Muireann Ní Mhóráin le COGG agus í ina ceann feadhna ar an eagraíocht ó bunaíodh í in 2002

Ceannasaí nua á lorg ag COGG agus Muireann Ní Mhóráin ag éirí as tar éis 20 bliain

Tá folúntas fógartha do phost an Phríomhfheidhmeannaigh sa Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus Muireann Ní Mhóráin ag éirí as.

Tá nach mór 20 bliain caite ag Muireann Ní Mhóráin le COGG agus í ina ceann feadhna ar an eagraíocht ó bunaíodh í in 2002.

Thug sí tréimhse trí bliana ag obair leis an gcigireacht sa Roinn Oideachais roimhe sin tar éis di 20 bliain a chaitheamh ag teagasc in iarbhunscoil.

Deireadh ré a bheidh ann do COGG nuair a éireoidh Muireann Ní Mhóráin as agus lorg mór fágtha ar earnáil an ghaeloideachais aici le beagnach 20 bliain anuas.

Cé go bhfuil easnaimh i gcónaí ar an soláthar téacsleabhar agus áiseanna Gaeilge do ranganna scoile aithnítear go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí ó leagadh an cúram ar COGG. Chomh maith le soláthar áiseanna teagaisc agus téacsleabhar tá breis is 100 píosa taighde déanta ag an eagraíocht ó 2002 i leith. Tá an eagraíocht lárnach chomh maith i gcur i bhfeidhm an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht agus i soláthar áiseanna don pholasaí sin.

Soláthar téacsleabhar agus acmhainní do mhúineadh trí Ghaeilge agus comhairle a chur ar an Aire Oideachais faoi cur chun cinn an oideachais Ghaeilge an dá phríomhfhreagracht atá ar COGG agus a bheidh ar chomharba Mhuireann Ní Mhóráin.

Buiséad €2.753m atá ag COGG don bhliain 2021. Conradh cúig bliana a bheidh ag an bPríomhfheidmeannach nua agus idir €90,000 agus €112,000 atá luaite leis an bhfolúntas.

Mí Feabhra seo chugainn a bheidh Muireann Ní Mhóráin ag dul ar scor ó COGG.

Fág freagra ar 'Ceannasaí nua á lorg ag COGG agus Muireann Ní Mhóráin ag éirí as tar éis 20 bliain'

  • Séamus Caomhánach

    Maith thú,a Mhuireann!
    Rinne tú éacht!
    Go n-éirí go geal leat sa todhchaí!

  • Ré Ó Laighléis

    Tá éacht i ndiaidh éachta déanta ag Muireann le 20 bliain anuas, agus constaicí iomadúla na hearnála sáraithe aici san am sin. Laoch mná, a áireofar amach anseo i measc an dornáin bhig a bhfuil idir chroí agus anam tugtha aici don teanga agus don oideachas. Dá dhonacht é staid na teanga i láthair na huaire, cá mbeimís gan í! In imeacht scór bliain féin, tá stádas agus oidhreacht COGG tógtha aici go céimitheach cumasach, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na heagrais is tábhachtaí agus is éifeachtaí, ní hamháin i saol na Gaeilge agus an oideachais, ach i saol na tíre seo. Fathach Gaeil ag dul ar scor. Táimid uile faoi do chomaoin, a Mhuireann. Fad saoil agat.
    Ré Ó Laighléis

  • Niamh de Burca

    Obair na gcapall déanta agat, a Mhuireann…glac sos anois!

  • Muireann

    Míle buíochas as bhur mbeannachtaí agus focail chaoine. In am ligint do ghlúin eile, nó do ghlúin eile eile, an lóchrann a ghlacadh i gceann 3 mhí
    Ní bheadh a bhfuil bainte amach ag COGG tárlaithe gan obair dhílis,fhuinniúil na foirne dhílis. Ag súil go leanfaidh siad orthu ag tacú leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus teagasc na Gaeilge. Mo bhuíochas leo.

  • Naomhán MacAibhléis

    Comhghairdeas a Mhuireann! Éacht oibre déanta agat ar son na cúise. Go n-éirí leat sa chéad caibidéal eile.

  • Muireann Ní Mhóráin

    Míle buíochas le gach duine a sheol teachtaireachtaí dea-mhéine. Ní duine mé a bhacann leis na ‘meáin’ mar nach mian liom plé leo siúd atá i gcoinne gach a bhaineann le mo theanga dhúchais ach is deas teachtaireachtaí molta a léamh.
    Seoladh ar a laghad 50 cárta Gaeilge chugam, iad uile do dhuine ag dul ar scor, iad uile i nGaeilge agus gan aon dhá cheann mar a chéile. Tá an Ghaeilge beo ainneoin na Roinne Oideachais!