Ceannasaí agus foireann ainmnithe d’Aonad nua Gaeltachta na Roinne Oideachais

Táthar ag súil go rachaidh an tAonad Gaeltachta i mbun oibre go luath chun an Polasaí Oideachais Gaeltachta a seoladh i gConamara anuraidh a chur i bhfeidhm

Ceannasaí agus foireann ainmnithe d’Aonad nua Gaeltachta na Roinne Oideachais

Is í an Dochtúir Treasa Kirk a bheidh ina ceannaire ar an Aonad nua Gaeltachta sa Roinn Oideachais, atá le dul i mbun oibre go luath leis an bPolasaí Oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Tá beirt Oifigeach eile ainmnithe ag an Roinn a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an pholasaí nua, an Príomhoifigeach Cúnta, Roisin McCauley agus an tArdoifigeach Feidhmiúcháin, Derek Hollingsworth.

Foireann de cheathrar a bheidh ag obair san Aonad nua agus tá an tOifigeach Cléireachais a bheidh lonnaithe ann fós le ceapadh ag an Roinn. Chomh maith leis an gceathrar foirne sin a bheidh buan, beidh roinnt cigirí i mbun oibre san Aonad ar bhonn páirtaimseartha.

Dheimhnigh urlabhraí na Roinne do Tuairisc.ie go raibh “cumas inniúlachta” sa Ghaeilge ag gach oifigeach a bheidh ag obair san Aonad agus gur “trí mheán na Gaeilge” a dhéanfaí an obair sin.

Deir an Roinn Oideachais go mbeidh an tAonad Gaeltachta “ag obair go dlúth” le rannáin agus oifigí éagsúla na Roinne chomh maith le heagraíochtaí seachtracha amhail Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus an Roinn Ealaíon Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta leis an bPolasaí a chur i bhfeidhm.

Thug an Roinn Oideachais le fios níos luaithe an mhí seo gur “in oifigí éagsúla de chuid na Roinne” a bheidh an tAonad lonnaithe seachas san oifig chéanna.

Dúradh ag cruinniú de choiste Oireachtais an mhí seo caite gur i mBaile Átha Luain agus i mBaile Átha Cliath a bheadh an tAonad lonnaithe. Nuair a chuaigh Tuairisc.ie i dteagmháil le hoifigí na Roinne Oideachais i mBaile Átha Luain trí seachtaine ó shin, ní raibh aon eolas ag an bhfáilteoir faoi Aonad Gaeltachta a bheith lonnaithe ansin.

Dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta inné go mbeadh “drochthionchar” ag aon mhoill i bhfeidhmiú an Pholasaí Oideachais Gaeltachta ar an bpróiseas pleanála teanga “ina iomláine” agus gur “gné ríthábhachtach” den phleanáil teanga a bheidh sa pholasaí nuair a chuirfear i bhfeidhm é.

Seoladh an Polasaí Oideachais Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Beidh ar aon bhunscoil atá ag iarraidh aitheantas mar scoil Ghaeltachta feasta staonadh ó theagasc an Bhéarla ar feadh an chéad dá bhliain scolaíochta agus polasaí lán-tumoideachais a chur i bhfeidhm.

Go dtí seo b’ionann scoil Ghaeltachta agus aon scoil a bhí lonnaithe i gceantar oifigiúil Gaeltachta, ach ní hamhlaidh a bheidh níos mó agus stádas Gaeltachta ag brath feasta ar chritéir theangeolaíochta seachas tíreolaíocht. Is é a bheidh i scoil Ghaeltachta ach a gcuirfear an polasaí i bhfeidhm “ná scoil a thiomnaíonn do na réimsí curaclaim agus na hábhair churaclaim uile a sholáthar trí mheán na Gaeilge” agus a oibríonn leis an bpobal trí mheán na Gaeilge.

Cuirfear an polasaí i bhfeidhm “de réir a chéile” ó Mheán Fómhair na bliana seo agus €1 milliún a bheidh ar fáil don obair sin an bhliain seo chugainn.

De réir an pholasaí, an chéad pholasaí dá leithéid ó bhunú an Stáit, ní hamháin go mbeidh ar an mbunscoil atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a bhaint amach an tréimhse lán-tumoideachas a chur i bhfeidhm, ach beidh orthu a chinntiú chomh maith gur i nGaeilge amháin a dhéanfar gnó na scoile ar fad.

Más faoi aon scoil Ghaeltachta atá ag teagasc trí Bhéarla faoi láthair aitheantas Gaeltachta a bhaint amach, beidh tréimhse cúig bliana aici chun a cur chuige a athrú agus na critéir éagsúla a shásamh.

Deirtear sa pholasaí go maíonn 78% de bhunscoileanna agus 68% d’iarbhunscoileanna Gaeltachta go mbíonn siad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ach de réir an pholasaí féin tá fianaise “starógach” ann go bhfuil cuid de na scoileanna sin “ag déanamh áibhéil”.

Deirtear chomh maith gur trí mheán an Bhéarla a oibríonn 54% de réamhscoileanna na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Ceannasaí agus foireann ainmnithe d’Aonad nua Gaeltachta na Roinne Oideachais'