Ceannas Átha Cliath agus Chiarraí, dúshlán Joyce, cumas na gcaitíní agus trírín na nDéiseach

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chuid de na scéalta is mó a bhí ann sa chéad bhabhta de na sraitheanna peile agus iomána

Ceannas Átha Cliath agus Chiarraí, dúshlán Joyce, cumas na gcaitíní agus trírín na nDéiseach

Dean Rock agus David Clifford. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ní thiocfaidh aon fhoireann gar d’Áth Cliath ná do Chiarraí i mbliana

Is iad peileadóirí Átha Cliath agus Chiarraí a chuir tús le bliain nua na peile oíche Dé Sathairn agus tá gach seans ann gurb iad an dá fhoireann chéanna a chuirfidh deireadh leis an séasúr i gcluiche ceannais na hÉireann.

Cé nach bhfuil againn ach mí Eanáir go fóill, bhí cluiche den scoth againn i bPáirc an Chrócaigh agus trócaire ar bith níor léirigh an dá fhoireann dá chéile.

B’fhéidir nach mbeidh caighdeán na himeartha acu chomh hard céanna i gcaitheamh na sraithe, óir nach bhfuil an naimhdeas céanna idir iad agus contaetha eile, ach aon uair a dtabharfaidh Áth Cliath agus Ciarraí aghaidh ar a chéile, beidh sé ina chogadh dearg.

Cé go bhfuil Dessie Farrell tagtha isteach in áit Jim Gavin, bhí Áth Cliath chomh tomhaiste ina gcuid imeartha agus a bhí siad riamh. Bhí Brian Fenton ina mháistir i lár na páirce agus cé go raibh Áth Cliath trí phointe chun deiridh agus cúig nóiméad fágtha, níor ghéill siad. Mar a tharla go mion minic cheana, ba iadsan ba láidre sa tréimhse chinniúnach sin.

Bhí Ciarán Kilkenny i mbarr a mhaitheasa sa tréimhse chéanna. Fuair sé dhá chúilín agus bhuaigh sé cic saor cinniúnach, cic a shlánaigh Dean Rock chun Áth Cliath a chur chun tosaigh agus an t-am nach mór caite.

Bhí dóthain ama fágtha ag David Clifford le Ciarraí a shábháil, áfach, leis an gcic deireanach. Bhí an cúilín sin mar bhiseach ar an gcúl iontach a scóráil sé sa chéad leath. Níl an choimhlint seo ach ina tús.

Tús maith ag Gaillimh agus Joyce ach bóthar fada rompu

Iarracht ar chúl ag Cristopher McGuinness (Muineachán). Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Nuair a séideadh an fheadóg dheiridh i Staid an Phiarsaigh inné, d’ardaigh Pádraic Joyce a lámha go caithréimeach. Agus cluichí as baile rompu in aghaidh Chiarraí agus Dhún na nGall, bhí a fhios ag an mbainisteoir nua go raibh sé thar a bheith tábhachtach an bua a fháil ar Mhuineachán ina chéad chluiche sraithe.

Bhí idir mhaith agus olc le feiceáil ó Ghaillimh inné. Tá sé ráite ag Joyce go bhfuil stíl pheile oscailte uaidh agus b’amhlaidh a bhí sa chéad leath. Bhain imreoirí na Gaillimhe úsáid as an gcicphas chun an liathróid a chur isteach i dtreo na dtosaithe go sciobtha agus d’éirigh le Shane Walsh, Adrian Varley agus Finnian Ó Laoi deiseanna a chruthú.

Chuir Gaillimh tús maith leis an dara leath freisin agus ba cheart go mbeadh a dhara cúl aimsithe ag Robert Finnerty go luath i ndiaidh an bhrisidh. Ach chaith Gaillimh an stíl pheile a bhí ag cruthú go maith dóibh i dtraipisí agus lig siad Muineachán ar ais sa gcluiche.

D’fhág siad triúr tosaithe gar do chúl Mhuineacháin sa chéad 40 nóiméad ach de réir mar a bhí an cluiche ag dul ar aghaidh, thosaigh siad cúlú siar. D’fhág sin nach raibh aon duine ann chun pas coise a thabhairt dóibh nuair a d’éirigh le Gaillimh seilbh a fháil ar an liathróid.

Ba léir sa tréimhse sin go bhfuil go leor oibre le déanamh ag cosantóirí na Gaillimhe chomh maith. D’éirigh go maith le fear Árann, Seán Ó Maoilchiaráin, agus é ag imirt sa tsraith den chéad uair ach ó tharla nach bhfuil Gaillimh ag imirt le cosantóir le cois a thuilleadh, ní fios fós an mbeidh na cosantóirí sách maith astu féin leis na tosaithe is fearr sa tír a choinneáil faoi chois.

Fuair Conor McManus an ceann is fearr ar Johnny Heaney inné, ach níl sé féaráilte a bheith ag súil go ndéanfaí imreoir lánchúil de Heaney  thar oíche. Mar sin féin, níl aon suaimhneas i ndán d’fhear Chill Aithnín agus comhraic le leithéidí David Clifford agus Patrick McBrearty roimhe amach.

Na caitíní rómhaith d’Áth Cliath

Paddy Smith (Áth Cliath) agus Billy Ryan (Cill Chainnigh). Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Agus iad ag imirt a gcéad chluiche ceart ó tháinig Laois aniar aduaidh orthu i gcraobh na bliana seo caite, bhí deis ag iománaithe Átha Cliath toradh maith a fháil i bPáirc Uí Nualláin inné. Bhí imreoirí Bhaile Héil agus scata eile ar iarraidh ar Chill Chainnigh agus níor thosaigh inné ach seisear den fhoireann a chuaigh chun páirce i gcluiche ceannais na hÉireann mí Lúnasa seo caite.

Ach bhí ionadaithe na gCat iad féin i bhfad rómhaith d’Áth Cliath.

Chuir fir na príomhchathrach tús réasúnta maith leis an gcluiche agus bhí siad chun tosaigh tar éis ocht nóiméad. D’aimsigh Ger Aylward an chéad chúl sa chluiche go luath ina dhiaidh sin agus thosaigh rudaí ag dul in olcas d’Áth Cliath.

Chuir Cian O’Callaghan pas amú 30 slat amach óna chúl féin, botún a thug deis do Billy Ryan cúl a scóráil. Bhí Cill Chainnigh sé phointe chun tosaigh nuair a cuireadh Richie Leahy den pháirc agus 26 nóiméad imeartha ach fiú agus fear sa bhreis acu, theip ar Áth Cliath aon dul chun cinn a dhéanamh. Bhí rith an ráis le Cill Chainnigh sa dara leath agus faoin am ar tháinig deireadh leis an gcluiche, bhí dhá phointe dhéag idir na foirne.

Dúirt Mattie Kenny nach raibh Eoghan O’Donnell, Chris Crummey, Seán Moran agus a leithéidí ach tar éis teacht ar ais ag traenáil agus beidh Kenny ag súil go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí go luath, go háirithe agus Laois ag teacht chucu i bPáirc Parnell an tseachtain seo.

Trírín Murray ag déanamh gaisce do Phort Láirge

Imreoir Phort Láirge Katie Murray. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Bhí cúpla toradh gan choinne sa chéad bhabhta den tsraith i bPeil na mBan agus theip ar an dá fhoireann a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh a gcéad chluichí a bhuachan.

Thug seaimpíní chraobh shinsir na hÉireann, Áth Cliath, aghaidh ar Thiobraid Árann, seaimpíní idirmheánacha 2019, i mBaile Baodáin inné agus rinne laoch na Muimhneach, Aisling Moloney, an beart do Thiobraid Árann nuair fuair sí cúilín an chomhscóir sa séú nóiméad d’am cúitimh. Fuair Moloney, a fuair ainmniúchán do ghradam All Star anuraidh, cúl iontach sa chéad leath freisin agus 1-6 san iomlán aici.

Níor éirigh le Gaillimh, a chaill i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, an comhscór féin a fháil in aghaidh Phort Láirge inné. Bhí na Déisigh ag imirt a gcéad chluiche i Roinn 1 tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach anuraidh agus chuir siad tús iontach leis an séasúr nuair a chloígh siad na Gaillimhigh i gCora Finne.

D’aimsigh Port Láirge cúig chúl sa chluiche agus bhí an bua acu 5-4 in aghaidh 1-15. Bhí trírín ag imirt do Phort Láirge, Emma, Aoife agus Katie Murray agus fuair siad triúr cúl sa chluiche.

Fág freagra ar 'Ceannas Átha Cliath agus Chiarraí, dúshlán Joyce, cumas na gcaitíní agus trírín na nDéiseach'