Éirí amach sa champa – cén toradh a bhíonn air?

Toisc nach bhfuil aon mhuinín ag imreoirí Mhaigh Eo as a mbainisteoirí, tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh athrú bainistíochta i ndán don chontae, ach cén rath a bhíonn ar éirí amach den sórt seo?

Bainisteoirí Mhaigh Eo, Pat Holmes agus Noel Connelly. INPHO/James Crombie
Bainisteoirí Mhaigh Eo, Pat Holmes agus Noel Connelly. INPHO/James Crombie

Dealraíonn sé go bhfuil a rás rite ag Noel Connelly agus Pat Holmes i Maigh Eo agus é tagtha chun solais nach bhfuil muinín ag a n-imreoirí astu.

seo an chéad uair go ndearna foireann idirchontae agóid mar seo in aghaidh a mbainisteoirí agus ní minic a thagann bainisteoir slán as na heachtraí céanna. Ach faoraor, b’fhéidir,  d’imreoirí Mhaigh Eo, ag breathnú siar ar nuair a dhéantar agóid den chineál seo, is beag rath a bhíonn uirthi.

An Clár v Mike McNamara – 2009

Bainisteoir an Chláir Mike McNamara. INPHO/Morgan Treacy
Iarbhainisteoir an Chláir Mike McNamara. INPHO/Morgan Treacy

Thuill McNamara aitheantas mar thraenálaí ar fhoireann an Chláir nuair a bhuaigh siad Craobh Iomána na hÉireann i 1995 agus i 1997 agus iad faoi cheannas Ger Loughnane. Tar éis dó cúpla iarracht a dhéanamh post an bhainisteora a fháil, tugadh an deis dó ag deireadh 2007.

gur shroich an Clár Cluiche Ceannais na Mumhan ina chéad bhliain, níor bhuaigh na Cláirínigh cluiche sraithe ná cluiche craoibhe le linn 2009 agus bhí na himreoirí ag iarraidh go dtabharfaí fear nua isteach. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, sheol imreoirí an Chláir litir chuig bord an chontae ag rá go raibh siad ag iarraidh athrú. Nuair a caithead  vóta i measc na n-imreoirí faoi McNamara, níor thug ach imreoir amháin a thacaíocht don bhainisteoir. Cé gur chaith sé ag rá go raibh sé ag gabháil ag fanacht sa phost, ghéill McNamara ar deireadh agus d’éirigh sé as i lár mhí na Nollag agus rinne sé cáineadh ar na h-imreoirí agus é ag imeacht.

Is é an t-iarimreoir Ger O’Loughlin a tháinig i gcomharbacht ar McNamara agus, cé gur shroich sé cluiche ceannais Roinn 2 faoi dhó, i 2010 agus 2011, níor bhuaigh an Clár cluiche craoibhe agus eisean ina bhainisteoir orthu agus d’fhág sé an post i samhradh na bliana 2011.

Corcaigh v Gerard McCarthy – 2008/2009

Donal Óg Cusack ag labhairt ag ócáid preasa i rith ba stailce 2009. INPHO/Morgan Treacy
Donal Óg Cusack ag labhairt ag ócáid preasa i rith stailc na bliana 2009. INPHO/Morgan Treacy

Bhí taithí ag iománaithe Chorcaí ar dhul ar stailc faoin am seo tar éis dóibh na camáin a fhágáil ar leataobh i 2002 agus iad in adharca le bord an chontae agus arís i rith an gheimhridh i 2007 nuair a thacaigh siad le foireann peile an chontae, a bhí ar stailc ag an am freisin.

Aimsíodh réiteach ar an scéal sin i mí Feabhra 2008 ach níor mhair an síochán i bhfad. Nuair a chaill Corcaigh cluiche leathcheannais na bliana sin, bhí deireadh tagtha le tréimhse dhá bhliain McCarthy mar bhainisteoir agus, cé go raibh sé ráite ag na himreoirí go raibh siad ag iarraidh bainisteoir nua, ceapadh McCarthy an athuair. Arís ar ais, rinne na himreoirí cinneadh dul ar stailc agus cé gur lean McCarthy leis ar feadh tamaill le painéal iomlán nua, d’éirigh sé as ar deireadh i mí an Mhárta 2009.

Ainmníodh Denis Walsh mar bhainisteoir nua Chorcaí ag deireadh mhí an Mhárta ach níor éirigh leis mórán dul chun cinn a dhéanamh leo. Chaill siad sna babhtaí cáilithe den chraobh faoi dhó agus chlis siad i gcoinne Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na bliana 2010.

An Cabhán v Val Andrews – 2012

Iarbhainisteoir an Chabháin Val Andrews. INPHO/Morgan Treacy
Iarbhainisteoir an Chabháin Val Andrews. INPHO/Morgan Treacy

Ba é an Baile Átha Cliathach, Val Andrews a bhí i gceannas ar fhoireann peile an Chabháin i 2012. Níor bhuaigh na hUltaigh ach péire de na seacht gcluiche a bhí acu i Roinn 3 agus ba é tuairim na n-imreoirí gur ar Andrews a bhí an locht.

Chas an painéal le chéile agus d’fhógair siad ar bhord an chontae go raibh athrú ag teastáil uathu. I gcomparáid leis an méid a tharla roimhe sa Chlár agus i gCorcaigh, ní próiseas fadálach a bhí i gceist anseo agus d’éirigh Andews as an bpost cúpla lá ina dhiaidh sin.

Ba é Terry Hyland a tháinig isteach in áit Andrews mar bhainisteoir agus cé gur éirigh leis ardú céime a bhaint amach sa tsraith agus cluiche ceathrú ceannais na hÉireann a shroicheadh i 2013, bhí daoine ag súil le níos mó ó chontae a raibh an-rath orthu faoi aois le cúpla bliain roimhe sin.

Fág freagra ar 'Éirí amach sa champa – cén toradh a bhíonn air?'