Ceannaigí na bachlóga Bruiséile, tá an Nollaig á cur ar ceal ag Fine Grinch

DIALANN UÍ MHUIRÍ: Cealú na Nollag; comhaireamh na vótaí; caithréim na gCaitliceach; agus iontais na réaltaí

Ceannaigí na bachlóga Bruiséile, tá an Nollaig á cur ar ceal ag Fine Grinch

Fine Grinch agus cealú na Nollag

Tá Fine Grinch ag iarraidh an Nollaig a chealú. Ní luaithe go dtugann Leo Varadkar a cheann as conspóid an chonartha go gcothaíonn sé raic eile. Ba é a mholadh, an iarraidh seo, nár cheart d’Éireannaigh thar sáile focal a chur ar eitilt abhaile don Nollaig go fóill beag.

Cadránta go maith a bhí sí mar iarraidh nó bíonn daoine ag súil le teacht abhaile an t-am seo bliana agus ba mhór an briseadh croí é ag mórán daoine mura mbeadh deis acu a ndaoine muinteartha a fheiceáil.

An dtabharfá aird air dá mbeifeá thar sáile?

Bhuel, ceist agam ort, má tá cead ag comhlachtaí oibrithe séasúracha a thabhairt isteach ón mhór-roinn, cad chuige nach mbeadh cead ag an Éireannach teacht abhaile fosta? I ndeireadh thiar thall, má bhíonn duine ciallmhar cúramach, cad é an dochar? An bhfuil sé contúirteach seal a chaitheamh sa bhaile le do dhaoine muinteartha féin i ndáiríre? Más ea, cad chuige nach séantar cead taistil idirnáisiúnta ar óg, aosta, Éireannach agus eachtrannach?

Ach caithfidh an gnáth-Éireannach na rialacha a leanstan; caithfidh tú éisteacht leis an Tánaiste nár éist leis na heolaithe féin tá tamall gairid ó shin. An bhfuil cead agat, mar sin, gan éisteacht leis an fhear nár éist leis an chomhairle é féin, má thuigeann tú leat mé?

Mo chomhairle féin ar dhuine ar bith a stoptar, abair leis na húdaráis go bhfuil tú ag teacht abhaile mar oibrí séasúrach le bachlóga Bruiséile a phiocadh.

Caitliceach agus Caitliceach eile

Thréaslaigh easpaig Chaitliceacha na Stát Aontaithe a bhua le Joe Biden. Is é Biden an dara Caitliceach a toghadh ina uachtarán sna Stáit Aontaithe, is é sin, má thagann sé slán ó fheachtas dlí Trump. John F. Kennedy an chéad Chaitliceach a toghadh agus – a Thiarna, éist linn – caiméilireacht ann faoi chúrsaí vótála.

Aisteach an rud bheith ag amharc ar chúrsaí creidimh sna meáin mhóra sna Stáit. Tá píosaí beaga éadroma anois le feiceáil ag moladh Biden as freastal ar Aifreann agus deirtear go mbíonn paidrín leis i gcónaí. Is duine cráifeach é, thuigfeá, i gcomparáid leis an fhear eile. Níl a chuid comrádaithe sa Pháirtí Dhaonlathach á ionsaí as a bheith ina Chaitliceach nó tacaíonn Biden le ginmhilleadh, mar shampla, polasaí docht daingean de chuid an pháirtí sin.

Cuir iompar na nDaonlathaithe agus lucht tuairimíochta i leith Biden i gcomparáid leis an dóigh ar chaith ionadaithe an pháirtí sin agus na meán mór le hAmy Coney Barrett, breitheamh agus Caitliceach eile. Chaith siad mórán ceisteanna géara agus maslaí ina treo agus í os comhair sheanadóirí Daonlathacha ar na mallaibh. Bhí imní orthu go mbeadh tionchar aici, amach anseo, ar dhlíthe ginmhillte sna Stáit, cinneadh Roe v Wade, ach go háirithe.

Dá réir sin, is dea-Chaitliceach é Biden nach leanann treoir na hEaglaise agus is droch-Chaitliceach í Coney Barrett a leanann treoir na hEaglaise céanna.

Is ait an mac an spioradáltacht.

Oíche na Gaoithe Móire 2020

B’fhiú “Oíche na Gaoithe Móire 2020” a thabhairt ar an oíche a chuir na húdaráis i gceithre stát deireadh le comhaireamh na vótaí i dtoghchán na huachtaránachta. Tá an saol lán gaoithe ó shin agus mórán tuairimí ann faoinar tharla.

Bhí an tUachtarán Trump ag déanamh go maith sna stáit sin ag deireadh na hoíche agus chuaigh a lucht tacaíochta a luí agus iad den tuairim go raibh an lá leo. Mhúscail siad ar maidin agus fuair siad amach go raibh sé anois ar gcúl sna stáit chéanna. Ansin a thosaigh an séideadh agus níor stad sé ó shin.

Is trua nár leanadh de chuntas na vótaí sna stáit ar fad nó thabharfadh a leithéid léargas ar thrá agus lán mara na vótaí agus bheadh barúil ní b’fhearr ag daoine cad é mar a carnadh iad. Thug an sos marfach sin ábhar cantail agus amhrais do chuid mhór de lucht tacaíochta an Uachtaráin Trump.

Tá na meáin mhóra sna Stáit, idir stáisiúin teilifíse agus nuachtáin, ag déanamhh beag is fiú dá ngearán ach tá neart daoine cumasacha coimeádacha ar líne leis an scéal a fhiosrú agus an dé a choinneáil ann mar scéal. Beidh le feiceáil cad é an chríoch a bheas ar an chaint ar fad gan amhras.

Mar sin féin, cinneadh tubaisteach a bhí ann gan na vótaí uilig a chuntas in aon rabharta amháin os comhair an phobail, cibé cén chúis a bhí leis.

Clábar agus réaltaí

Caithfidh muid na súile a ardú chun na spéire in amanna. Agus an chaint ar fad ar talamh faoi thoghchán na Stát Aontaithe, bhí rud inteacht eile ar fad ag tarlú ar neamh – chonacthas beoshruthú ar mhisean SpaceX Crew-1 agus iad ag nascadh leis an stáisiún idirnáisiúnta spáis an tseachtain seo.

Baineann sé an anáil díom smaointeamh go bhfuil daoine den chine dhaonna beo i spásárthach os ár gcionn. Tá sé dochreidte i ndáiríre. Bhí mo chroí ag dul amach ar mo bhéal agus mé ag amharc ar an tsoitheach bheag spáis ag tarraingt ar an stáisiún. Daoine cróga gan cheist.

Is minic a bhíonn muid sáinnithe sa chlábar ach is fiú seal beag féin a chaitheamh i measc na réaltaí.

Fág freagra ar 'Ceannaigí na bachlóga Bruiséile, tá an Nollaig á cur ar ceal ag Fine Grinch'