Ceann de na rudaí is deacra ar domhan ná léirmheas a scríobh

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bíonn ar léirmheastóir saothar a cháineadh más gá, ach gan an t-ealaíontóir a ghortú más féidir

Ceann de na rudaí is deacra ar domhan ná léirmheas a scríobh

Ceann de na rudaí is deacra ar domhan, dar liom, ná léirmheas a scríobh.

Léirmheas a bheadh cothrom don dá thaobh.

An dá thaobh?

Is ea, an dá thaobh.

Ní hionann agus nach mór chuile chineál scríbhneoireachta eile, bíonn an léirmheas dírithe ar dhá spriocghrúpa éagsúil ar leith: ar an bpobal i gcoitinne ar thaobh amháin agus ar údar an tsaothair ar an taobh eile.

Bíonn an pobal i gcoitinne ag iarraidh fáil amach ar fiú dóibh a gcuid airgid a chaitheamh ar leabhar, ar thicéad amharclainne nó pictiúrlainne, nó ar cheart dóibh bacadh le sraith nua ar an teilifís.

Bíonn an scríbhneoir, an foilsitheoir, cliar na hamharclainne nó an scannáin agus lucht léirithe an chláir teilifíse ag súil le haiseolas proifisiúnta – aiseolas nach mbíonn ar fáil ó mhórán foinsí eile, go háirithe in earnáil na litríochta.

Mar léirmheastóir, bíonn ort an dá thrá a fhreastal i gcónaí.

Bíonn ort blaiseadh a thabhairt den saothar gan an scéal a mhilleadh.

Bíonn ort ceisteanna teicniúla a phlé gan an gnáthléitheoir a bhodhrú le téarmaíocht chasta.

Bíonn ort saothar a cháineadh más gá, ach gan an t-ealaíontóir a ghortú más féidir.

An ceann deireanach úd an ceann is deacra ar fad.

Is agamsa atá a fhios.

Tá léirmheas á scríobh agam faoi láthair faoi shaothar a chuaigh i bhfeidhm orm ar go leor bealaí ach a bhfuil fadhb shuntasach ag baint le gné amháin de, dar liom.

Ní bheadh sé cóir ná cothrom ar léitheoirí a bheadh ag iarraidh an saothar sin a léamh gan an fhadhb sin a lua sa léirmheas.

Ag an am céanna tuigim go bhfuil dualgas orm an fhadhb sin a phlé ar bhealach nach gcuirfidh údar an tsaothair dá bhuille.

Déanfaidh mé iarracht.

Ar an drochuair, daoine goilliúnacha iad scríbhneoirí (más aon fhianaise mo phearsantacht féin agus pearsantachtaí na scríbhneoirí a bhfuil aithne agam orthu.) Má mholtar naoi ngné dá saothar i léirmheas ach má dhéantar cáineadh faoi ghné amháin, is ar an gcáineadh amháin a chuimhneoidh siad – ar feadh na mblianta fada.

Ó, dá mbeinn in ann an saothar a bhfuil léirmheas á scríobh agam faoi a phlé leis an údar agus cupán caife á ól againn.

Ach ní mar sin a oibríonn cúrsaí.

Fág freagra ar 'Ceann de na rudaí is deacra ar domhan ná léirmheas a scríobh'