Ceann de phríomhspriocanna phlean nua na Ceathrún Rua curtha as an áireamh

Tá sé mar sprioc i bplean gníomhaíochta na Ceathrún Rua aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach ach tá daonra 1,000 duine ag teastáil chun an t-aitheantas sin a fháil

Ceann de phríomhspriocanna phlean nua na Ceathrún Rua curtha as an áireamh

Tá ceann de na príomhspriocanna i bplean gníomhaíochta cúig bliana a sheol Údarás na Gaeltachta le déanaí curtha as an áireamh cheana féin ag Roinn na Gaeltachta.

Seoladh plean gníomhaíochta An Cheathrú Rua 2021-2026 ag deireadh na míosa seo caite agus ceann de na príomhscpriocanna  gearrthéarmacha atá luaite ann ná go mbeadh an Cheathrú Rua ainmnithe go hoifigiúil mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ag Roinn na Gaeltachta.

Ach thug an Roinn le fios do Tuairisc.ie nach gcomhlíonann an Cheathrú Rua na critéir chun aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, caithfidh daonra 1,000 duine ar a laghad a bheith i mbaile, de réir an daonáirimh is deireanaí, sular féidir é a áireamh mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Deir Údarás na Gaeltachta agus an comharchumann áitiúil go bhfuil siad ag tuar go dtiocfaidh ardú beagnach 30% ar dhaonra na Ceathrún Rua taobh istigh de chúig bliana agus an plean gníomhaíochta á chur i bhfeidhm.

Nuair a bhí na Bailte Seirbhíse Gaeltachta á roghnú ag Roinn na Gaeltachta in 2014, ba iad torthaí Dhaonáireamh 2011 a cuireadh san áireamh mar a bhain sé le gnóthaí daonra de. I  nDaonáireamh 2011 daonra 814 a bhí ar an gCeathrú Rua in 2011. Tháinig laghdú 4% ar dhaonra an bhaile sna cúig bliana ina dhiaidh sin de réir Dhaonáireamh 2016 (781).

“Fágann sé seo uile nach bhféadfadh an baile a bheith aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ó thaobh daonra de,” a dúirt urlabhraí de chuid le na Roinne le Tuairisc.ie.

Tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta, áfach, go bhfuil sé fós i gceist iarracht a dhéanamh aitheantas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach.

“Plean cúig bliana atá i gceist agus glactar leis go bhfuil an beartas seo ar cheann de na gníomhaíochtaí a mbeidh an comharchumann ag díriú air trína phlé leis na páirtithe cuí le linn shaolré an phlean,” a dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta le Tuairisc.ie.

Más leis an Cheathrú Rua daonra 1,000 duine a bhaint amach, bheadh ardú 28% ag teastáil ar an daonra a bhí ann i nDaonáireamh 2016.

Beidh an chéad Daonáireamh eile á reáchtáil an bhliain seo chugainn agus beidh ceann eile ann in 2026.

Tá an Limistéar Pleanála Teanga ina bhfuil an Cheathrú Rua suite i mbun plean teanga an limistéir a chur i bhfeidhm faoin bpróiseas pleanála teanga ó 2018 agus maoiniú bliantúil €100,000 á chur ar fáil chun an plean sin a chur i bhfeidhm.

Tá ceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga go dtí seo –  Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.

Tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás ceithre bhaile eile freisin – Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.

I measc na spriocanna eile atá i bplean gníomhaíochta na Ceathrún Rua, tá tógáil ‘Ionad Domhanda na Gaeilge’ agus lárionad do sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge a bhunú ar an mbaile.

Maítear go bhféadfaí níos mó ná 300 post nua a chruthú i gceantar na Ceathrún Rua dá mbeadh rath ar an bplean gníomhaíochta.

Fág freagra ar 'Ceann de phríomhspriocanna phlean nua na Ceathrún Rua curtha as an áireamh'

  • Liam

    Sílim gur bhfearr go ndéanfaí càs an Cheathrú Rua a bheith a fhorbairt mar an príomhbhaile gaeltachta don tír uilig. Bhí plé dearfach ar seo i measc lucht sinsearach an Údaráis ag an am. Is é ag an baile seo atá an seans is fearr a bheith pleanáilte agus forbartha mar fhíor príomhbhaile le stádas cuí. Seo mar ará roinnt bailte sa Bhreatain Bheag.