Ceann amháin eile. Bhuel, an ceann seo agus ceann amháin eile…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ina colún deireanach sa tsraith seo ‘Ag tógáil clainne’, tá ár gcolúnaí faoi bhos an chait ag Beainín na Naíonáin Bheaga agus a sainmhíniú siúd ar ‘ceann amháin eile’

Ceann amháin eile. Bhuel, an ceann seo agus ceann amháin eile…

‘Tá tú alright a Mhamaí,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga liom nuair a d’fhiafraigh mé di an raibh sí ag iarraidh go gclutharóinn sa leaba í an oíche cheana. “Tá mé i mo chailín mór anois, sé bliana atá mé,’ a mhínigh sí dom amhail is go raibh tráma chóisir an lae breithe curtha díom agam.

Is dócha nár thug sí faoi deara go raibh na trí seachtaine ó shin caite agam ag mungailt Haribo Tangtastics is ag dúiseacht i lár na hoíche, allas liom, is mé ag béiceadh ‘an bhfuil éinne ag iarraidh tuilleadh píotsa?’.

‘Ní theastaíonn aon bharróg, ná aon duine ag luí sa leaba liom go dtitfidh mé i mo chodladh,’ a dúirt sí go lom, tomhaiste agus Winnie-the-Pooh á chroitheadh amach is á chur isteach faoin bpluid aici mar is nós léi.

Tháinig an fógra aniar aduaidh orm. Ní haon iontas é nach raibh aon súil agam leis nuair is é nádúr an pháiste a bheith ag iarraidh rud éicint chuile nóiméad ón uair go n-éiríonn sé ar maidin go dtí go dtiteann sé i laige san oíche.

‘Ceann amháin eile, Mamaí,’ a bhéic sí orm go truamhéalach leathuair roimhe sin nuair a rinne mé iarracht an teilifís a mhúchadh.  

Thuig mé nach bhfuil a leithéid de rud ann agus dul i gcomhair ‘deoch amháin’, ach ní raibh a fhios agam go bhfuil an scéal amhlaidh ag Haribo Tangtastics agus eagráin de Paw Patrol.

Mar a deir an seanfhocal deoch amháin is deoch é, dhá dheoch is é do dhóthain é, trí dheoch ní leath do dhóthain é. Is cosúil go bhfuil sé fíor i gcúrsaí cartún chomh maith le cúrsaí dí.

Bhain sí triail as na béasa ar dtús. ‘Más é do thoil é, Mamaí, uair amháin eile, just ceann?’ Ní oibríonn na béasa riamh. Tá sé ró-éasca iad a eiteachtáil. Ach nuair a chuimhním anois air, is dócha nach gcuireann sé sin an ‘teachtaireacht cheart’ chucu ach oiread maidir le béasa agus múineadh.

Céim a dó san iarratas ar thuilleadh cartún í an gheonaíl. Is fearr a oibríonn sí ná béasa, faraor. ‘Mááááááááááámaí, ceann amháááááááááááin eile, waaaaaaaaa!!!!’ a d’impigh Beainín na Naíonáin Bheaga orm.

Níor sheas mé dhá nóiméad faoin ionsaí. ‘Ok, ok, féadfaidh sibh ceann amháin eile a bheith agaibh, ach sin é!’

‘Sin é, ceann amháin eile,’ a dúirt sí agus í ag aontú liom. ‘An ceann seo agus ceann amháin eile,’ a dúirt sí.

‘Nach shin péire? Ceann a dúirt mé,’ a d’fhreagair mé agus mearbhall orm.

‘Ní hea,’ a dúirt sí amhail is go raibh imní uirthi fúm is gur cheart dom aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh bhunúsacha ar mo chuid scileanna comhairimh.

‘Ceann amháin EILE, a dúirt tú,’ a mhínigh sí.


Léigh tuilleadh altanna sa tsraith Ag Tógáil Clainne le Bridget Bhreathnach anseo


Fág freagra ar 'Ceann amháin eile. Bhuel, an ceann seo agus ceann amháin eile…'