Ceangal idir Conamara agus New Orleans briste

Chuir an speirling ‘Katrina’ 10 mbliana ó shin deireadh leis an gcaidreamh idir New Orleans agus lucht currachaí Chonamara

New Orleans

I ndeireadh na 1980óidí a chuaigh na deartháireacha Danny agus Pádraig Ó Flatharta as an Aird Mhóir i gConamara i mbun gnó i gCeathrú na bhFrancach – French Quarter – i New Orleans.  Teach tábhairne, ionad ceoil agus siopa seoid chuimhneacháin a bhí ann. O’Flaherty’s Irish Channel Pub a bhaist siad ar an áit. Bunaíodh ceangal ann idir Conamara agus New Orleans. An tubaiste ar ar tugadh ‘Hurricane Katrina’ a bhris an ceangal sin deich mbliana go ham seo.

Bhí ceangal in ainm gnó agus theach tábhairne na bhFlathartach  –  ‘The Irish Channel’ –  le stair na nÉireann i New Orleans, i bhfad siar.  Bhí an oiread acu ann sa 19ú aois agus gur tugadh an t-ainm sin ar cheantar sa gcathair.  “Irlandais Manche”, a thug na Francaigh air; b’iad na Francaigh ba mhó a bhí ann roimhe sin.  Mar a bhíodar i chuile áit eile i Meiriceá, bhí na hÉireannaigh cliste ar an bpolaitíocht agus bhaineadar stádas amach i New Orleans ar feadh tamaill.

Tá cuntais ann ar dhaoine as an tír seo ag déanamh a mbealaigh ansin roimh 1800.  Ach ba th’éis na bliana 1820 ba thréine a bhí trial na nÉireannach ar New Orleans.  Chuaigh cuimse acu ann ag obair ar an New Basin Canal idir 1832 agus 1838.  As Learpholl Shasana ba mhinící a théidís chun seoil; bhí báid ag teacht ansin as deisceart Mheiriceá le hualí cadáis agus bhíodh úinéirí na mbád ag iarraidh go mbeadh buntáiste acu as an aistear ar ais go New Orleans freisin.  Aistear fada agus anróiteach a bhí ann ag na hÉireannaigh agus is beag compord a bhí ar bord.

Obair throm a bhí amach roimh a bhformhór ar imeall Mhurascáil Mheicsiceo agus ní raibh cleachtadh acu ar an aeráid mheirbh agus mharbhánta sa gcuid sin de Mheiriceá.

Ní bheidh aon chuntas cruinn go deo ar an líon fear as an tír seo a bhásaigh le linn don New Basin Canal a bheith á bhaint. Bhí ceangal fíorthábhachtach taistil agus gnó i gceist anseo idir Loch Ponchartrain agus lár na cathrach. Tá sé ráite gur cuireadh obair ar na hÉireannaigh nach n-iarrfaí ar sclábhaí féin a dhéanamh. 

Bhásaigh na mílte Éireannach; tá an figiúr curtha chomh hard le 20,000 ag cuid de na stairithe. Cuireadh sa talamh go leor acu san áit a rabhadar ag obair. Le himeacht na haimsire, dúnadh agus líonadh isteach an New Basin Canal.

Sna 1980óidí, bhí sé ar intinn ag údaráis na cathrach agus ag Stát Louisiana mótarbhealach nua a fhorbairt san áit a raibh cuid den New Basin Canal ach throid sliocht na nÉireannach sa gcathair an socrú sin. Dúradh go mba náireach an rud é cartadh a dhéanamh ar áit a bhí ina uaigh ag cuimse Éireannach. Stopadh an plean.  Ar an 4 lá de Shamhain, 1990, nochtadh Crois Cheilteach ar láthair na canálach i gcuimhne ar na hÉireannaigh a bhásaigh ann agus bhí Ambassadóir na hÉireann ag an ócáid.

Bhí Danny Ó Flatharta ansin an lá sin agus é bainteach leis an ócáid.  Thosaigh sé an Celtic Nations Foundation of Louisiana agus dhírigh sé aird shliocht na hÉireann agus na dtíortha Ceilteacha arís ar an oidhreacht a bhí fágtha acu sa gcuid sin de na Stáit Aontaithe. Is í an Fhondúireacht – agus Danny i gcroílár na hoibre ann – a bhunaigh Féile Cheilteach New Orleans agus Louisiana.

Ba uaidh sin a tosaíodh an ceangal idir New Orleans agus na currachaí ar chósta thiar na hÉireann. Ó 1993 ar aghaidh, théadh buaiteoirí shraith rásaí na gcurrach i gConamara, in Árainn agus ar chósta thiar na hÉireann chuig an bhFéile Cheilteach i New Orleans.  Rinneadh forbairt ar an gceangal de réir a chéile agus tugadh seaimpíní na bhfear agus na mban ann.  B’iontach an duais í; bhí chuile shórt in aisce. 

Thagadh muintir Chonamara ann as Boston, Chicago, San Francisco agus áiteacha eile, cuid acu ag rith rásaí currach agus tuilleadh acu ag teacht chuig an bhFéile le casadh le cairde agus daoine aitheantais. Rití na rásaí ar Loch Ponchatrain. Bunaíodh cumann currachaí i New Orleans, rinneadh sé churrach chabháis traidisiúnta i mBoston agus tugadh ó dheas iad. Ach tháinig spéirling ‘Katrina’ i 2003.

Tugadh isteach na currachaí agus cuireadh iad ar an áiléar i dteach tabháirne na bhFlathartach. Níor bhain aon damáiste dóibh. Ach ní mba mar sin ag an ngnó féin.

Ach an oiread le go leor eile, cuireadh drochbhail ar ghnó an ‘Irish Channel Pub’ – gnó na bhFlathartach. Rinneadh scrios freisin ar thithe cónaithe. 

D’athraigh na Flathartaigh amach as New Orleans. Coinníodh ceangal na gcurrach ag imeacht ar feadh riar eile blianta i mbailte ar nós Lake Charles gar do Texas ach éiríodh as, de réir a chéile.

Deich mbliana go ham seo, chuir ‘Katrina’ deireadh leis an gceangal neamhghnách agus stairiúil idir Conamara agus cathair New Orleans; cuid bheag den scrios atá á thabhairt chun cuimhne na laetheanta seo.

Fág freagra ar 'Ceangal idir Conamara agus New Orleans briste'