Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Ainm?

@Europarl_GA (Parlaimint na hEorpa)

Cé hé féin?

Cuntas atá á reachtáil ag foireann gréasáin Phairlimint na hEorpa. Tá cuntas ag feidhmiú i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus is é seo an cuntas Gaeilge.

Céard faoin a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Bíonn an cuntas ag scaipeadh nuachta ó Phairlimint na hEorpa. Den chuid is mó, bíonn ort nasc a leanacht go suíomh gréasáin, mar sin, ní hé is fearr le bheith ag breathnú air ar fhón. Ina dhiaidh sin féin, bíonn pictiúir le cuid mhaith de na giolcacha agus blúiríní cainte ó cheannaire na hEorpa agus polaiteoirí móra á scaipeadh go minic aige.

Cén fáth a leanfainn é?

Ní mór don té ar spéis leo polaitíocht na hEorpa agus go deimhin polaitíocht na hÉireann an cuntas seo a leanacht. Tá go leor dá bhfuil ann an-spéisiúil agus ábhartha go maith do shaol an tsaoránaigh sa tír seo. Is annamh a bhíonn deis againn breathnú agus léamh i nGaeilge faoin a bhfuil ag tarlú sa Bhruiséil agus i Strasburg ach is iontach an léargas a fhaightear anseo.

Giolc na Seachtaine

Tá a fhios ag gach mac máthair go raibh Mark Hamill in iarthar Chiarraí ag tarraingt piontaí agus é ag taifeadadh don scannán nua The Force Awakens ar Oileán Star Wars (nó Sceilg Mhíchíl mar a thugann na seanfhondúirí air).   Fiafraíodh de faoina chuid scileanna teanga sa Ghaeilge ach níor éirigh leis leagan cainte i mBéarla na hÉireann a scríobh. Bheartaigh Dermot Looney ceacht beag Gaeilge a thabhairt dó: ‘go raibh an chumhacht leat’. Is minic a dhéanann aisteoirí neamhaird ar ghiolcacha ó lucht a leanta ar Twitter ach sa chás seo thug @HamillHimself réaltóg bhuí don ghiolc – an comhartha é sin go mbeidh an Ghaeilge i measc na dteangacha a chloisfear sa scannán nua?   Ragham amú tamall eile D’eisigh TG Lurgan dhá fhíseán le cúpla lá anuas, ach seo é an ceann is fearr linne. Is féidir an ceann eile, Imeachtaí, a fheiceáil ar an leathanach YouTube. Seo leagan draíochta Gaeilge den amhrán Someone That I Used to Know le Gotye. Tá cáil ar TG Lurgan as na léiriúcháin mhóra atá déanta acu le blianta beaga anuas ach an samhradh seo is léir go bhfuil treo difriúil á glacadh chuige féin ag an gcoláiste agus stíleanna éagsúla á dtriail aige.   Sa bhfíseán seo, feiceann muid an próiseas léirithe ‘taobh thiar den cheamara’. Fágann sé sin go bhfuil ár n-aird dírithe ar an gceol é féin agus is ansin atá an draíocht ann. Níl aon uirlis cheoil in úsáid ag scoláirí Chúrsa C ach, faoi stiúir Jenny Ní Ruiséil agus Ian Mhic Ghabhann, éiríonn leo leagan álainn acapella den amhrán a chanadh.   An chaint sa sráidbhaile ar líne…   An tseachtain seo caite, bhí go leor cainte sa sráidbhaile ar líne faoi alt Victoria White san Irish Examiner. Thug Gaeil an Idirlín a gcuid freagraí uirthi ar na meáin shóisialta ach an tseachtain seo foilsíodh roinnt altanna ‘ar son na Gaeilge’ ar nuachtáin chlóite na tíre.   Bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, i measc na ndaoine a chur peann le pár.  


Bhí alt ar nuachtán eile faoin tionchar a bhíonn ag ailt ar nós an cheanna a bhí ag White agus é molta anseo ag @aighne_kearney

Bhí alt eile ag Sharon Ní Chonchúir ina ndúirt sí go mba cheart dúinn breathnú i dtreo na Breataine Bige agus muid ag caint ar chearta teanga sa tír seo. 


Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'