Ceadúnas séarachais Uisce Éireann don Cheathrú Rua á fhiosrú ag an EPA

Tá iarrtha ag cigirí an EPA ar Aonad Uiscí Snámha na gníomhaireachta tús a chur le fiosrúchán ar na tránna in aice le Céibh an tSrutháin

Ceadúnas séarachais Uisce Éireann don Cheathrú Rua á fhiosrú ag an EPA

Céibh an tSrutháin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá fiosrúchán curtha ar bun ag an EPA, an Ghníomhaireacht Um Chaomhnú Comhshaoil, maidir leis an gceadúnas atá ag Uisce Éireann córas nua cóireála séarachais a bhunú ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Tuigtear gur cuireadh tús leis an bhfiosrúchán i ndiaidh don EPA gearán a fháil nár luaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe, a rinne an t-iarratas ar an gceadúnas an chéad lá riamh, go mbíonn daoine ag snámh ar na tránna ó dheas de Chéibh an tSrutháin agus go mbítear i mbun ranganna seoltóireachta, spóirt uisce agus féilte bád gar don áit a mbeadh an séarachas á chur i bhfarraige i gCuan Chasla.

Cé nach raibh na láithreacha atá i gceist aitheanta go hoifigiúil mar láithreacha snámha nuair a rinneadh an t-iarratas ar cheadúnas, tá an EPA den tuairim go bhfuil dóthain fianaise ann le go ndéanfaí scrúdú agus iniúchadh breise ar choinníollacha an cheadúnais agus ar na láithreacha atá i gceist.

Chuige sin, tuigtear go bhfuil iarrtha ag cigirí an EPA ar Aonad Uiscí Snámha na háisíneachta tús á chur le fiosrúchán maidir leis na láithreacha ar an gCeathrú Rua atá luaite leis an ngearán, trá na Reilige, trá an Chaoráin Mhóir, trá an Chaoráin Bhig agus an trá mhóir.

An fhorbairt atá beartaithe ag Gleann Mór Cuan Teoranta do Chéibh an tSrutháin

Tuigtear chomh maith go bhfuil an EPA ag glacadh leis go gcaithfeadh Uisce Éireann iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar cheadúnas na Ceathrún Rua sa chás go ndéanfaí athrangú ar na láithreacha, nó ar cheann díobh, mar láithreacha snámha.

Tá an suíomh ar a bhfuil sé beartaithe ag Uisce Éireann an t-ionad cóireála séarachais nua a thógáil ag Céibh an tSrutháin go mór i mbéal an phobail ó tháinig sé chun solais go bhfuil iarratas déanta ag úinéirí na talún sin ar chead pleanála chun ionad oidhreachta, spóirt, mara agus turasóireachta a thógáil ann.

Tá úinéirí an tsuímh, Gleann Mór Cuan Teoranta, ag súil ionad tuarseoireachta a thógáil ina mbeadh áiseanna spóirt uisce, caifé, ionad don Gharda Cósta, músaem do bháid dhúchasacha Chonamara agus áiseanna eile.

Tá ráite ag Uisce Éireann go bhfuil fúthu ordú ceannach éigeantach a dhéanamh ar an suíomh ag Céibh an tSrutháin chun an t-ionad séarachais nua a thógáil.

Sa chás go socródh an EPA gur láithreacha aitheanta snámha atá sna tránna agus uiscí in aice leis an gCéibh agus gur ghá do Uisce Éireann iarratas nua a dhéanamh, bheadh coinníollacha níos déine le comhlíonadh.

Fág freagra ar 'Ceadúnas séarachais Uisce Éireann don Cheathrú Rua á fhiosrú ag an EPA'