
Tá cead tugtha ag an Roinn Dlí agus Cirt do mhuintir Ware fanacht in Éirinn.
Bhí cás mhuintir Ware i mbéal an phobail an le tamall anuas toisc go raibh díbirt thar tír amach le déanamh orthu.
Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 tráthnóna go bhfuil Visa Stampa 4 le bronnadh ar Kate agus Shannon Ware agus a dtriúr cailíní a thabharfaidh cead dóibh fanacht anseo. Dúirt Kate Ware tráthnóna go raibh “lúcháir orthu”.
Tharraing an scéal go raibh díbirt thar tír amach le déanamh ar muintir Ware go leor airde an mhí seo caite agus thug pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta suntas ar leith don scéal mar gheall ar a Ghaelaí is atá cailíní óga atá ag freastal ar Scoil Mhichíl Naofa i mBaile na Sceilg. Cuireadh síos ar Zoe, an cailín is sine, mar ‘ealaíontóir den scoth’ a bhfuil an-suim go deo aici sa traidisiún dúchais agus sa Ghaeilge.
Tháinig muintir Ware go hÉirinn cúig bliana ó shin agus an mhí seo caite d’impigh siad ar an Aire Dlí agus Cirt teacht i gcabhair orthu agus cead a thabhairt dóibh fanacht sa tír.
MaitiUbNYC
Is iontach an scéal seo! Tá mé sásta dóibh!
Pól Réamainn
Dea-scéal
Dáithí Mac Cárthaigh
Iontach