Cead taistil agus cuartaíochta aimsir na Nollag beartaithe ag an Rialtas

Dheimhnigh an Tánaiste Leo Varadkar go mbeidh roinnt céimeanna i gceist le plean díchuibhrithe an Rialtais

Cead taistil agus cuartaíochta aimsir na Nollag beartaithe ag an Rialtas

Tá ráite ag an Tánaiste Leo Varadkar go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas na srianta a mhaolú ar feadh coicíse aimsir na Nollag chun cead a thabhairt do dhaoine taisteal ó bhaile le cuairt a thabhairt ar thithe daoine eile.

De réir tuairiscí, d’fhéadfadh go mairfeadh an maolú ar na srianta ón 18 nó an 19 Nollaig go dtí an 3 Eanáir agus beidh cead chun an tí ag trí theaghlach.

Dúirt an Tánaiste chomh maith go gcuirfí na srianta i bhfeidhm arís dá mbeadh ardú ar ráta scaipthe an ghalair.

Dheimhnigh Varadkar go mbeidh roinnt céimeanna agus tréimhsí i gceist le plean díchuibhrithe an Rialtais agus go gcuirfear tús leis an gcéad tréimhse an tseachtain seo chugainn.

“Na rudaí a dhéanfaimid ag an dtús, sin iad na rudaí a bhfuil a fhios againn go bhfuil siad níos sábháilte, oscailt na siopaí, oscailt na n-ionad aclaíochta, cead a thabhairt do dhaoine bearradh gruaige a fháil,” arsa Leo Varadkar.

Dé hAoine a fhógrófar plean díchuibhrithe trí chéim an Rialtais. Sa Tuaisceart agus i Sasana beidh cead ag trí theaghlach cuairt a thabhairt ar theaghlach eile amach sa mhí seo chugainn chun deis a thabhairt do dhaoine ceiliúradh a dhéanamh ar an Nollaig i dteannta a chéile.

Ní mhairfidh an cead sin ach cúig lá – idir an 23-27 Nollaig – ach dúirt Varadkar gur coicís atá i gceist ag an Rialtas toisc ráta scaipthe an ghalair a bheith níos ísle sna 26 contae.

Shéan an Tánaiste go raibh cinneadh déanta cheana féin nach mbeadh cead oscailte ag tithe tábhairne agus bialanna go dtí an dara céim den phlean díchuibhrithe.

Dúirt sé, áfach, go raibh ciall leis an bplean na srianta a mhaolú céim ar chéim agus nach mbeadh sé sábháilte iad go léir a scaoileadh ag an am céanna an tseachtain seo chugainn.

Daoine a bheith ag cruinniú go d’ócáidí sóisialta ba mhó is cúis le scaipeadh an ghalair, a dúirt an Tánaiste. “I dtreo an deiridh” a scaoilfí na srianta sin dá bharr, ar sé.

Dúirt Varadkar go rabhthas chun na srianta a mhaolú aimsir na Nollag chun deis a thabhairt do dhaoine gnáthlá Nollag a bheith acu “oiread agus ab fhéidir”.

“Tá a fhios againn go bhfuil sé i gceist ag daoine é a dhéanamh ar aon nós, agus b’fhearr mar sin go dtabharfaí deis dóibh é a dhéanamh ar bhealach sábháilte,” arsa Varadkar.

Dúirt sé nach bhféadfaí tréimhse dianghlasála eile sa bhliain nua a chur as an áireamh, ach dá dtarlódh a leithéid go ndéanfadh an Rialtas gach iarracht tréimhse dianghlasála fhada náisiúnta a sheachaint.

“Chonaiceamar sa Ghearmáin agus san Iodáil, tíortha a raibh ráta i bhfad níos ísle acu ná mar a bhí againne, go raibh brúisc mhór go tobann acu taobh istigh de sheachtain nó dhó. Mar sin ní féidir tréimhse eile Leibhéal 5 uair éigin an bhliain seo chugainn a chur as an áireamh,” a dúirt an Tánaiste Leo Varadkar.

“Má tharlaíonn sé bheadh sé i gceist againn gur tréimhse i bhfad níos giorra a bheadh ann, abair coicís nó trí seachtaine seachas sé seachtaine mar a bhí againn cheana.”

Fág freagra ar 'Cead taistil agus cuartaíochta aimsir na Nollag beartaithe ag an Rialtas'