An chuid againn i bparóiste Charna agus i bparóiste Ros Muc a bhfuil spéis againn sa nginealas aireoidh muid uainn Dave Riley a bhásaigh i Rhode Island Mheiriceá le gairid. Ní raibh duine ar bith is mó a raibh tuiscint aige ar ghéaga ginealaigh an dreama a tháinig romhainn ná eisean agus ba fial flaithiúil uaidh a chuid eolais a roinnt linn i gcónaí.
Is gearr a bhíonn gaol ag scaipeadh agus ní furasta cuntas a choinneáil ar an dream ónar shíolraigh muid. ‘D’aithneoinn as na daoine thú,’ a deirtí fadó. Ní minic a chloisfeá anois é. Ba mhaith a chuir an file Máirtín Ó Direáin é:
Fir na scéal mo léan!
Is an bás á leagadh,
Mná na seál á leanacht
Is mise fós ar marthain
I measc na bplód gan ainm
Gan ‘Cé dhár díobh é’ ar a mbéal
Ná fios mo shloinne acu
D’imigh an comhrá agus an seanchas cois teallaigh ach má d’imigh féin tá an ríomhaire agus an t-idirlíon anois ann agus roinnt daoine, mar a bhí Dave Riley, leis an eolas a bhailiú agus a roinnt.
Eolas é a mbíonn an-tóir ag Gael-Mheiriceánaigh air agus ag a gclann sin aríst. Tá rud eile fúthusan agus is é sin go mbíonn scéal iomlán a muintire uathu. Ní chuireann sé corrabhuais ar bith orthu má chuaigh duine dá sinsir i mbradaíl nó má tugadh duine acu os comhair cúirte faoi choir éicínt.
Tá na hAstrálaigh ar an gcaoi chéanna: údar bróid dóibh gur díbríodh duine dá sinsir go Van Diemen’s Land, mar shampla.
Níor thug mé suas ceart críochnaithe do Dave Riley é gur tháinig bean as Florida an taobh seo ag cur tuairisc mhuintir Ghiolla Máirtín a raibh gaol aici leo. Mar a tharla bhí gaol aici le mo bhean chéile féin freisin.
Mhínigh mise di go bhfuil aill i Maínis a dtugtar Aill Mháirtín Aodha uirthi. Duine de mhuintir Ghiolla Máirtín ba ea Máirtín Aodha. Bhí sé ag cur fhataí lá agus é ag obair chomh dícheallach gur chúlaigh sé amach thar imeall na haille síos ar an gcladach. Níor maraíodh é ach gortaíodh é.
Thart ar 200 bliain ó shin a tharla sé sin. D’aistrigh a dhream aniar go Roisín na Mainiach ina dhiaidh sin agus bhí an bhean seo as Florida ag iarraidh pictiúr a fháil anois d’fhothrach an tseantí.
Tráthnóna garbh báistí a bhí ann. Thug mé síos í trí phuiteach, trí aiteann agus trí dhriseacha. Bhí sí thart ar dheich mbliana agus trí fichid d’aois ach ní stopfadh tada í. Go fiú nuair a bhí sreang dheilgneach romhainn dúirt sí liom go diongbháilte go gcaithfeadh muid a dhul thairis.
Thóg sí an pictiúr agus d’fhiafraigh sí díom ansin cén ceangal go díreach a bhí aici le Máirtín Aodha?
‘Níl freagra na ceiste sin agam dhuit, a dheirfiúirín,’ arsa mise ‘beidh orm scéala a chur go Rhode Island chuig fear darbh ainm Dave Riley.’
‘Go Rhode Island!’ arsa sise agus ionadh an domhain mhóir uirthi.
‘Sea,’ arsa mise ‘sin é an fear a inseos dhúinn é.’
Taobh istigh de bheagán laethanta bhí an t-eolas ar ais ó Dave. Ní hé amháin go ndeachaigh sé siar an dá chéad bliain go dtí aimsir Mháirtín Aodha ach rianaigh sé a shliocht anuas go dtí bean Florida agus go dtí an mac is óige againne, Colm.
Cén bhrí ach ní Éireannach a bhí i Dave Reilly ar chor ar bith ach Meiriceánach. I mBostún a rugadh é. Ceannasaí i gcabhlach Mheiriceá a bhí ann. Thug sé seirbhís i Vítneam agus i Murascaill na Peirse.
Ba as an bparóiste seo bean Dave, is í sin Treasa Ní Bhriain. Is cinnte gurbh ise a spreag é le dhul i mbun taighde orainne. Bhí an-spéis ag Dave i scéal a seanathar Seán Ó Briain. Ba é Dave a chuir chugainn an grianghraf de Sheán atá ag dul leis an alt seo.
Bhí Seán Ó Briain ar dhuine de na seanchaithe ab fhearr in Éirinn lena linn, murarbh é ab fhearr ar fad. Nuair a tháinig an scoláire mór Jeremiah Curtain as Meiriceá go Cill Chiaráin thóg sé scéalta ó Sheán Ó Briain. Blianta ina dhiaidh sin thóg Seán Mac Giollarnáth scéalta uaidh agus d’fhoilsigh sé iad ina leabhar Loinnir Mac Leabhar.
Nuair a bhí Robert Flaherty ag déanamh an scannáin Man of Aran socraíodh an chéad mhír scannánaíochta riamh i nGaeilge a dhéanamh. Seanchaí ag inseacht scéil an t-ábhar a roghnaíodh.
Moladh go láidir gurbh é Seán Ó Briain a d’inseodh an scéal ach bhí an tsláinte ag cliseadh air faoin am seo agus cailleadh é go gairid ina dhiaidh sin. Ba é Seáinín Tom Ó Direáin as Árainn a cuireadh ar an scáileán sa deireadh.
Céad slán leat, a Dave Riley. Ní fheicfidh muid aríst thú ar do chuairt inár measc ag comhrá leis na seanfhondúirí nó istigh i reilig ag tógáil pictiúr de na leachtanna.
Ní fheicfidh ach tá stór mór eolais fágtha i do dhiaidh agat agus beidh muid ag cur leis abhus agus thall de réir a chéile.
Fág freagra ar 'Céad slán leat, a Dave Riley, tá stór mór eolais fágtha i do dhiaidh agat'