Céad slán le Dóirín

Mairfidh oidhreacht agus ainm Dhóirín Mhic Mhurchú go deo na ndeor.

Dóirín1-1

D’fhág muid slán ag duine de cheannródaithe na craoltóireachta spóirt i nGaeilge an tseachtain seo nuair a cuireadh Dóirín Mhic Mhurchú i gcré na cille i Reilig Shéipéil San Nioclás i Rinn Ua gCuanach.

Tá craoltóirí spóirt ban fairsing go leor anois ach ní bhíodh tráth, agus ba bheag an chaint a bhí ar smidiú ná ar an ‘uathleideoir’, nuair a thaistil Dóirín bóithre agus bóithríní na nIar-Dhéise ar a Honda 50 dhá scór bliain ó shin ag soláthar ábhair don stáisiún nuabheirthe Raidió na Gaeltachta agus do leathanaigh chúil na nuachtán náisiúnta.

An té a chuir chruth den chéad uair ar chraoladh spóirt an Raidió, Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, a dhúisigh Dóirín agus é ar thóir duine eicínt a choinneodh an pobal éisteachta ar an eolas faoi na himeachtaí spóirt i bPort Láirge agus sa nGaeltacht ansiúd go háithrid. Ba ghearr gur thuig sé, mar a rinne muid ar fad, go raibh seoid aimsithe aige.

Ní amháin go bhféadfaí brath go hiomlán ar Dhóirín, (an chloch is mó ar phaidirín aon eagarthóra), ach bhí ar a cumas iomlán an scéil a thabhairt uaithi go beacht, cruinn, san achar a bhí ceaptha di.

Agus i nglan na Gaeilge freisin. Bhí blianta caite agam ag éisteacht léi agus mé lánchinnte go mba as an Rinn ó dhúchas di, nó gur dhúirt sí liom lá go mba i Learpholl a rugadh í, gur i gContae an Chabháin a tógadh í agus gur chónaigh sí sa mBreatain Bheagg, i Londain agus san Astráil sula dtáinig sí chun na Rinne.

Cúigear clainne a bhí ar Dhóirín agus ar Éamonn Mac Murchú – Clíona, Áine, Irial, Odhrán agus Fianait.

Nuair a d’éirigh a mháthair as an gcraoltóireacht, ba é Irial a chuaigh i mbun an chúraim.

Ina dhiaidh sin bhunaigh sé an comhlacht léiritheoireachta teilifíse Nemeton agus nach tráthúil an rud é go bhfuil seisean agus a dheartháir Odhrán sáite sa ngairm chéanna agus a lean a máthair.

Go deimhin, chaith Áine í féin roinnt blianta ar fhoireann Raidió na Gaeltachta.

Bhí Áine ar fhoireann eile freisin. Foireann chamógaíochta na Rinne a thug leo Craobh Shóisearach Phort Láirge i dtús na Seachtóidí.

Chuidigh an taithí a bhí ag lántosach na foirne sin go mór lena mbua – seánmháthair óigeanta, aigeanta nár thug sé leath dóthain moladh di féin ina tuairisc ar an gcluiche ceannais ar Raidió na Gaeltachta!

‘Sea, Dóirín Mhic Mhurchú, ceann eile den iomad ruaim a bhí ar a slat aici.

Ná ceap ach an oiread gur fhág í a bheith taobh leis an scútar go raibh aon bhac ar Dhóirín dul thar teorainn na nIar-Dhéise amach. Ní raibh ná é.

Níor chuimhnigh sí an dara huair ar aghaidh a thabhairt ar Pháirc Semple, ar Pháirc an Bhreathnaigh, ar Ros Mhic Thriúin nó ar áit ar bith eile a raibh tuairisciú le déanamh as.

Shíl duine de na maoir i nDurlas lá gur bailithe amú a bhí sí agus Dóirín ag tabhairt aghaidh ar an doras isteach i mbosca lucht na meán. “That’s for the Press” a deir sé. “I am the Press !”, an freagra a fuair sé agus í ag dul tharais de sciotán.

Nuair a fuair Dóirín gluaisteán beag, ní raibh aon teora léi.

Le linn dom féin a bheith i mbun eagair ar chúrsaí spóirt in RnaG, ní cuimhin liom go mba le mífhonn a thug sí faoi aon obair a d’iarr mé uirthi a dhéanamh riamh.

Tá mé cinnte gur minic a bhí rudaí a raibh práinn leo ag titim amach sa mbaile, go raibh uaireanta ann go mb’fhéidir nach raibh sí féin ar fónamh, ní áirím an ‘straidhn‘ (focal mór dá cuid!) a bhain le tógáil cúigear clainne.

Ní dhearna Dóirín Mhic Mhurchú aon chasaoid. Chuaigh sí ar aghaidh leis an gcúram agus, gan teip, shroich an dá nóiméad go leith do dheasc agus neart ama fágtha roimh thús an chláir.

Níor theastaigh aon eagarthóireacht uaidh ach an oiread; é glan, gairimiúíl óna thús gur labhair sí na focail lenar fhág sí slán ag a héisteoirí gach oíche Dhomhnaigh : “…..Dóirín Mhic Mhurchú, anso sa Rinn.”

Bhí an ghriain ag scoilteadh na gcloch Dé Domhnaigh seo caite nuair a bhain mé Rinn Ua gCuanach amach le slán a fhágáil den uair dheireanach le mo sheanchomrádaí.

Bhí sí leagtha amach ina teach sa Linn Bhuí, a clann ina timpeall, a gclann siúd, a gclann siúd arís agus an 4ú glúin de shliocht Dhóirín feicthe aici sular éag sí – Callum Mac Giolla Chuda, a saolaíodh anuraidh, bail ó Dhia air.

Ar m’aistear ó dheas, bhí a glór ag bualadh istigh i mo chloigeann ón am ar thrasnaigh mé teorainn Phort Láirge, i ngar do Chluain Meala.

Thosaigh na háiteacha agus na foirne a bhíodh á liostáil ag Dóirín á léiriú féin ar chomharthaí bóthair os comhair mo dhá shúil: An Uidhir (nach í a bheadh bródúil as a dtaispeántas i gCluiche Ceannais Chlubanna na Mumhan an lá céanna sin); Caisleán Cuanach, Maigh Dheilge, Tuar an Fhíona, Cill Bhriain, Baile Mhic Cairbre, an Cuileagán, Cill Ghobnait, gur shroich mé Dún Garbhán.

Ansiúd ní fhéadfainn gan seasamh ag Páirc Uí Fhearchair, as ar sheol sí na céadta tuairisc. Bhí an áít tréigthe, ciúin, suaimhneach – in ómós Dhóirín, mheasas.

Sular thug mé aghaidh ar an mbaile cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin, bhí aon chuairt amháin eile le déanamh agam.

Chas mé faoi chlé ag Crosaire Roibeaird gur shroich mé an t-ardán féachana atá leathmhíle nó mar sin os cionn agus ar chúl tigh Dhóirín, ar an mbóthar chuig an Seanphobal.

Ag féachaint síos uaim ansiúd, bhain mé lán na súl as Gleann na Liath-Thruisce . Ar thaobh na deasóige bhí Ceann Heilbhic, trasna uaim Teach Solais Bhaile na Cúirte agus eatarthu Cuan Dhún Garbhán ag glioscarnach faoin ngrian, ina léinseach. Radharc níos deise níl ar dhroim na cruinne.

Ansiúd agus i gcluasa éisteoirí Raidió na Gaeltachta, mairfidh oidhreacht agus ainm Dhóirín Mhic Mhurchú go deo na ndeor, mar a mhairfidh i mo chuimhe agus i mo chroí.