Cead pleanála speisialta mar ‘leigheas’ ar fhadhb na dtithe saoire agus Airbnbs sa Bhreatain Bheag

Mar atá tarlaithe i gceantair Ghaeltachta in Éirinn, fágann líon na dtithe saoire i gceantair áirithe sa Bhreatain Bheag go mbíonn sé deacair ag cainteoirí Breatnaise teach a fháil ina gceantar féin

Cead pleanála speisialta mar ‘leigheas’ ar fhadhb na dtithe saoire agus Airbnbs sa Bhreatain Bheag

Tá sé fógartha ag Rialtas na Breataine Bige go bhfuiltear chun dul i mbun comhairliúcháin maidir le beartais a chur i bhfeidhm a chinnteodh go mbeadh deis ag cainteoirí Breatnaise tithe a fháil ina gceantar dúchais.

Ar na bearta atá á lua, moltar go mbeadh cead pleanála speisialta ag teastáil ó dhaoine a bheadh ag iarraidh teach atá acu a úsáid mar theach saoire nó é a ligean ar cíos ar bhonn gearrthéarmach.

D’fhógair an tAire Tithíochta sa Bhreatain Bheag, Julie James, le gairid go rabhthas ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb atá cruthaithe ag an líon mór tithe saoire atá sna ceantair is láidre ó thaobh labhairt na Breatnaise.

Mar a deirtear atá ag tarlú i gceantair áirithe Ghaeltachta in Éirinn, fágann líon na dtithe saoire agus líon na dtithe atá á ligean ar leithéidí Airbnb go bhfuil sé deacair ag an nglúin óg tithe dá gcuid féin a fháil ina gceantar dúchais. Is údar imní an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfadhb sin ar thodhchaí na Breatnaise sa bpobal.

“Tá muid ag iarraidh go mbeadh seans réalaíoch ag daoine óga tithe inacmhainne a cheannach nó a fháil ar cíos san áit ar tógadh iad ionas go mbeidh siad in ann maireachtáil agus slí bheatha a bhaint amach ina bpobal áitiúil,” a dúirt an tAire James.

Dúirt James go bhféadfaí an Bhreatnais a chur i mbaol dá mbeadh an iomarca tithe saoire i gceantar ina bhfuil an teanga láidir i measc an phobail.

Dúirt sí go mbíonn an Bhreatain Bheag ag brath ar an turasóireacht chun airgead a thabhairt isteach agus postanna a chruthú ach nach rabhthas ag iarraidh ach oiread go mbeadh bailte “tréigthe” le linn an gheimhridh nuair a bheadh na turasóirí imithe leo.

Beidh an comhairliúchán a d’fhógair an tAire Tithíochta ina chuid d’ullmhú Plean Tithíochta do Phobail Labhartha na Breatnaise atá fógartha ag an Rialtas.

Pléadh fadhb na tithíochta sna ceantair Ghaeltachta i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo.

Thug ionadaithe ó údaráis áitiúla le fios go rabhthas ag iarraidh go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála agus forbartha ar leith don Ghaeltacht.

Tá údaráis áitiúla Chiarraí, Phort Láirge, Chorcaí agus na Mí ag moladh chomh maith go dtabharfaí reachtaíocht isteach a thabharfadh cead dóibh tús áite a thabhairt do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta sóisialta sa Ghaeltacht.

Ag an gcruinniú a bhí ag na húdaráis áitiúla le Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, Moira Murrell,  go rabhthas ag díriú ar cheist na tithíochta i gCorca Dhuibhne agus ag dul i ngleic le fadhb na dtithe a ligtear ar cíos ar bhonn gearrthéarmach sa cheantar.

Dúirt Murrell, go raibh obair déanta cheana féin ag an gComhairle chun an fhadhb chéanna a leigheas i gCill Airne agus go rabhthas anois ag obair i dtreo na mbeartas céanna a chur i bhfeidhm i gCorca Dhuibhne.

Fág freagra ar 'Cead pleanála speisialta mar ‘leigheas’ ar fhadhb na dtithe saoire agus Airbnbs sa Bhreatain Bheag'