Cead pleanála istigh don eastát tithíochta is mó sa Ghaeltacht

Forbairt 197 áit chónaithe, idir thithe agus árasáin, atá beartaithe don Troscaigh Thoir i nGaeltacht Chonamara

Cead pleanála istigh don eastát tithíochta is mó sa Ghaeltacht

Tá cead pleanála istigh d’fhorbairt eastát tithíochta a bheadh ar an fhorbairt Ghaeltachta dá leithéid is mó riamh taobh thiar de chathair na Gaillimhe.

Forbairt 197 áit chónaithe, idir thithe agus árasáin, atá beartaithe don Troscaigh Thoir ó thuaidh de shráidbhaile Bhearna ar bhóthar Mhaigh Cuilinn.

Seo an dara hiarratas le bliain atá déanta ag Burkeway Homes Ltd ar chead pleanála d’eastát tithíochta i mBearna. Diúltaíodh don chéad iarratas ar an bhonn nach raibh dóthain tithe i gceist.

Faoin Scéim Straitéiseach Forbartha Tithíochta an Bhord Pleanála is féidir le forbróirí iarratas a bhfuil níos mó ná 100 teach nó 200 ‘leaba’ do mhic léinn luaite leis a chur díreach chuig an Bhord Pleanála, seachas é a chur faoi bhráid na n-údarás áitiúil i dtosach.

Dhiúltaigh an Bord Pleanála d’iarratas a rinne Burkeway Homes Ltd, comhlacht tógála i nGaillimh, d’fhorbairt 113 teach ar an láthair chéanna i mí Feabhra seo caite toisc nach raibh an soláthar tithíochta ard go leor.

Dúirt an Bord Pleanála gur thángthas ar an chinneadh diúltú don iarratas sin toisc nach raibh na pleananna ag teacht le rialacha a tháinig i bhfeidhm anuraidh maidir le húsáid talaimh.

Dúradh nár chomhlíon an t-iarratas na treoracha sin agus gur diúltaíodh dó ar an bhonn go raibh níos lú ná 30 teach an heicteár beartaithe don fhorbairt.

Mheas an Bord Pleanála chomh maith nach raibh dóthain éagsúlachta sa chéad iarratas sin i dtaca leis an chineál tithíochta a bhí beartaithe agus gur tithe scoite agus leathscoite is mó a bhí i gceist.

Nuair a diúltaíodh don iarratas sin, mhaígh Burkeway Homes Ltd go raibh an fhorbairt tithíochta a bhí beartaithe acu don Troscaigh Thoir i mBearna i measc na bhforbairtí ab fhearr san iarthar agus go mbeadh na tithe ann “foirfe” do theaghlaigh.

Chuir roinnt daoine sa cheantar i gcoinne an chéad iarratas a rinne Burkeway Homes Ltd mar go raibh imní orthu, a dúirt siad, faoi scála an togra a bheith rómhór.

Fág freagra ar 'Cead pleanála istigh don eastát tithíochta is mó sa Ghaeltacht'