Cead pleanála faighte ag an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich tar éis 15 bliain

Dúirt Ó Beaglaoich gur tugadh le fios sa litir a fuair sé go raibh treoracha Chomhairle Contae Chiarraí féin sáraithe acu maidir le cead pleanála sa Ghaeltacht

Cead pleanála faighte ag an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich tar éis 15 bliain

Pictiúr: Seán Mac an tSíthigh, Nuacht RTÉ

Tá scéal faighte ag an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich go bhfuil cead pleanála faighte aige chun teach a thógáil i gCorca Dhuibhne.

Tá an Beaglaoch 15 bliain ag fanacht ar chead pleanála a fháil ó Chomhairle Contae Chiarraí chun teach a thógáil ar shuíomh leis féin i mBaile na bPoc i bParóiste Mórdhach agus thosaigh sé feachtas chun aird a tharraingt ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath.

Deir Ó Beaglaoich go bhfuil cead pleanála anois faighte aige chun teach aon urláir a thógáil ar an láthair tar éis dó achomharc a dhéanamh leis an gComhairle Contae.

“Ualach dem chroí is ea é,” arsa Ó Beaglaoich, “agus is dóigh gur ualach de chroí na háite is ea é go bhfuil deis anois ag muintir na háite, go háirithe an ghlúin óg, maireachtaint sna bailte inar rugadh agus a tógadh iad.”

Agus é ag labhairt ar chlár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, rinne Ó Beaglaoich cur síos ar an scéal fadálach agus an tionchar a bhí aige air.

“Chailleas codladh na hoíche go minic mar gheall air seo agus chailleas a lán oícheanta codlata mar gheall air,” a dúirt sé.

Maidir leis an gcostas a bhain le lorg na gceadúnas agus na n-achomharc, dúirt Ó Beaglaoich go bhfuil ar “a laghad €20,000 nó €25,000 caite le haer an tsaoil nach gcífidh mé go deo arís”.

Dúirt sé gur tugadh le fios sa litir a fuair sé go raibh treoracha Chomhairle Contae Chiarraí féin sáraithe acu maidir le cead pleanála sa Ghaeltacht.

“Tá sé go diail go bhfaca an Bord Pleanála réasún faoi dheireadh thiar. Le cúnamh Dé, cabhróidh sé seo leis an nGaeltacht.”

Dúirt Ó Beaglaoich nach bhfuil aon seanbhlas aige ar an gComhairle Contae mar thoradh ar an scéal agus go neartófar cás mhuintir na Gaeltachta atá ag iarraidh a dtithe féin a thógáil.

“Le cúnamh Dé, féachfaidh Comhairle Contae Chiarraí go dian air seo, ar mhaithe linne. Ní hiad ár naimhde iad, níor chóir gurb iad ár naimhde iad.”

Cé go bhfuil a chead pleanála féin faighte aige, dúirt Ó Beaglaoich go gcaithfear leanúint ar aghaidh leis an bhfeachtasaíocht ar son mhuintir na Gaeltachta agus na tuaithe.

“Caithfimid gluaiseacht ar aghaidh anois agus caithfimid an cath seo a throid níos mó, go háirithe an ghlúin óg atá ag iarraidh maireachtaint anseo, má tá aon seans scoileanna Gaelainne a bheith anseo, má tá aon seans foirne caide agus rugbaí agus sacair agus mar sin, má tá aon seans ag an dtuath a bheith beo,” a dúirt Ó Beaglaoich.

“Tá deis againn seans a thabhairt don nGaeltacht, seans a thabhairt don dtuath, na rialacha a athrú ar ár son.”

Fág freagra ar 'Cead pleanála faighte ag an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich tar éis 15 bliain'

  • Eamonn O'Donaill

    Más mall …

  • Antoine Ó Coileáin

    Más maith is mithid. Bua suntasach do Bhreanndán. Treise leis!

  • Déaglán Ó Connachtáin

    Maith thú a Bhreanndáin! Táim sár ghliondárach a bhfuil cothrom na Féinne mbainte agat faoi dheireadh ! (Ón iar-dhalta PE Choláiste Mhuire.)