Cead bóthair i do chontae féin mar chuid de scaoileadh na srianta 

Tráthnóna inniu a fhógróidh an Taoiseach Micheál Martin cad iad na srianta atá le scaoileadh agus cathain a scaoilfear iad

Cead bóthair i do chontae féin mar chuid de scaoileadh na srianta 

De réir a chéile a dhéanfar maolú beag ar na srianta Covid-19 an mhí seo chugainn, ag áireamh cead a thabhairt do dhaoine taisteal aon áit ina gcontaetha féin.

I ndiaidh an 12 Aibreán agus saoire na Cásca a scaoilfear na srianta taistil cúig chiliméadar. 

Meastar go dtabharfar cead chomh maith do dhá líon tí bualadh le chéile amuigh faoin spéir i spásanna poiblí agus go mbeidh traenáil spórt gan teagmháil ceadaithe do pháistí. 

Amach sa mhí chomh maith a thabharfar cead arís don traenáil idirchontae, de réir na dtuairiscí.

Ní dócha anois go dtabharfar cead do shiopaí seirbhís cliceáil agus bailigh a eagrú arís an mhí seo chugainn.

Tuairiscítear go maolófar cuid de na srianta i dtionscal na tógála do thógáil tithe príobháideacha ach nach n-athosclófar an earnáil ar fad.

Is é an aidhm atá leis an bplean na srianta a scaoileadh de réir a chéile ná líon na gcásanna den choróinvíreas a choinneáil íseal le linn saoire na scoileanna. 

Tuairiscítear chomh maith gur thug an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le fios go bhféadfadh maidhm eile cásanna a bheith ann go dtí lár an tsamhraidh dá scaoilfí an iomarca srianta. 

Ar an dtaobh eile den scéal, dúradh go bhféadfaí an baol go mbeadh an ceathrú maidhm ann a laghdú idir 50-70% ach cur chuige coimeádach a bheith ann i dtaobh na srianta a mhaolú.

Tráthnóna inniu a fhógróidh an Taoiseach Micheál Martin pé cinneadh a dhéanfaidh an Rialtas, ach ní dhéanfar aon mhaolú mór mar go bhfuil an-imní ann go bhféadfadh an ceathrú maidhm a bheith chugainn san Aibreán nó sa mBealtaine.

D’fhéadfadh go dtabharfaidh an Taoiseach uchtach beag do dhaoine trína insint céard a d’fhéadfadh tarlú sa mBealtaine agus sa Mheitheamh ó thaobh siopaí neamhriachtanacha a athoscailt agus cead ithe agus óil lasmuigh de thithe bia is óil.

Bheadh aon mhaolú ansin ag brath chomh maith ar chúrsaí sláinte phoiblí a bheith feabhsaithe.

Ar ndóigh bheadh a leithéid de mhaolú ag brath freisin ar an tsnáthaid in aghaidh an víris a bheith faighte ag na daoine is leochailí sa bpobal agus acusan atá os cionn 70 bliain d’aois.

An gad is gaire don scornach ag an Rialtas an ceathrú maidhm a sheachaint sula mbeidh tromlach na ndaoine fásta sa tír vacsaínithe in aghaidh an víris agus na scoileanna a bheith in ann oscailt arís ar an 12 Aibreán do na daltaí ar fad.

Inné a chuir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí comhairle ar an Rialtas agus thug coiste rialtais an Covid-19 a mbeannacht dá gcuid moltaí aréir roimh chruinniú Rialtais an lae inniu.

Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tíortha Eorpacha amhail an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil curtha ar an liosta is déanaí de thíortha a molfar tréimhse coraintín do na cuairteoirí astu. 

Fág freagra ar 'Cead bóthair i do chontae féin mar chuid de scaoileadh na srianta '