Cead bóthair agus bearradh gruaige arís agus srianta á scaoileadh

Tá cead ón lá inniu ag trí líon tí cruinniú le chéile i ngairdíní tí agus a thuilleadh srianta dianghlasála á scaoileadh

Cead bóthair agus bearradh gruaige arís agus srianta á scaoileadh

Tá cead bóthair ar fud na tíre arís ag daoine agus a thuilleadh srianta sóisialta agus eacnamaíochta scaoilte.

Tá seirbhísí pearsanta amhail gruaigeadóirí ar ais i mbun oibre agus beidh músaeim, dánlanna agus leabharlanna ar oscailt arís.

Tá spóirt foirne ceadaithe arís inniu agus tá cead ag trí líon tí cruinniú le chéile i ngairdíní tí. Tá cead ag seisear ó theaghlaigh éagsúla bualadh le chéile taobh amuigh, agus níl leanaí faoi 12 bliain d’aois san áireamh sa seisear sin. 15 ar a mhéid atá ceadaithe ag ócáidí eagraithe taobh amuigh.

Tá na srianta á scaoileadh tráth a bhfuil líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil agus líon na mbásanna de dheasca an ghalair ag laghdú.

Beirt eile a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí. 514 cás nua den ghalar a deimhníodh tráthnóna inné. 116 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil agus 31 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Tabharfar cead arís inniu seirbhísí eaglasta a reáchtáil agus beidh slua 50 duine ceadaithe ag aifrinn, póstaí agus sochraidí. Ní bheidh cead ach ag seisear ag bainiseacha taobh istigh agus 15 ag bainiseacha taobh amuigh.

Ón lá inniu beidh cead ag daoine ó theaghlach amháin a bhfuil an vacsaín faighte acu bualadh taobh istigh le daoine ó theaghlach amháin eile nach bhfuil an vacsaín faighte acu.

Ar an 17 Bealtaine a osclóidh na siopaí i gceart ach tá seirbhísí cliceáil agus bailigh ceadaithe arís. Tá siopaí faoin aer i mbun gnó arís.

Beidh cead ag 50% dá líon paisinéirí taisteal ar chórais iompair phoiblí ón lá inniu.

Tá oifigigh sláinte phoiblí agus polaiteoirí ag impí ar dhaoine a bheith cúramach agus na srianta á scaoileadh inniu.

Inniu an chéad chéim i bplean athoscailte an Rialtais don samhradh.

Beidh cead gnó ag óstáin, tithe lóistín, lóistín féinfhreastail agus carbháin ar an 2 Meitheamh agus beidh cead seirbhís faoin aer ag tithe tábhairne agus bialanna ar an 7 Meitheamh. An lá céanna a osclófar linnte snámha agus ionaid aclaíochta. Beidh cead athoscailte chomh maith an lá sin ag pictiúrlanna.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar an tseachtain seo caite go bhfuil súil aige go mbeidh formhór na srianta imithe faoi mhí Lúnasa agus go mbeidh an saol ‘réasúnta normálta’ arís an tráth sin.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, go raibh sé “fíorthábhachtach” go mbeidh úinéirí gnóthaí, fostaithe agus custaiméirí fíorchúramach. Dúirt sé gur chóir na prótacail sláinte agus na cleachtais san ionad oibre a athbhreithniú ionas go bhféadfaidh gach duine againn gach ar féidir linn a dhéanamh le muid féin agus ár muintir a chosaint.

“Ná fill ar an ionad oibre mura bhfuil sin riachtanach. Caith an masc i gcónaí, lean ar aghaidh leis an scaradh sóisialta, nigh na lámha agus déan aon chasacht go sábháilte. Má airíonn tú nach bhfuil tú sábháilte in áit atá plódaithe ná bíodh aon leisce ort iompú ar do sháil agus dul abhaile.

“Más úinéir gnó nó fostóir thú, ná déan dearmad go bhfuil dualgas cúraim ortsa i leith na ndaoine atá ag obair duit. Má athosclaítear gnóthaí go stuama laghdóidh sin an baol go scaipfeadh an Covid-19 i measc na foirne san ionad oibre agus cinnteoidh sé go mbeidh deis againn ar fad taitneamh a bhaint as na himeachtaí nua sóisialta agus eacnamaíochta a bheidh ar fáil dúinn ón 10 Bealtaine.”

Fág freagra ar 'Cead bóthair agus bearradh gruaige arís agus srianta á scaoileadh'