Cead amach gan cheadúnas sa Fhrainc den chéad uair le 55 lá

Tá deireadh á chur go mall, staidéartha leis na srianta dianghlasála i dtíortha áirithe san Eoraip, ach tá sé ina imní sa tSín go dtosóidh ráig eile

Cead amach gan cheadúnas sa Fhrainc den chéad uair le 55 lá

Tá na chéad chéimeanna á dtabhairt go mall, staidéartha as an dianghlasaíl ag an bhFrainc, an Spáinn agus tíortha eile.

Cé go bhfuil srianta diana fós i bhfeidhm i gcathracha móra sa Spáinn, tá cead ag daoine i gceantair áirithe tuaithe bualadh le cairde agus gaolta arís i dtithe tábhairne agus bialanna a bhfuil spás taobh amuigh acu.

123 bás eile a tuairiscíodh sa Spáinn inniu, an líon is lú básanna le seacht seachtaine. An uair ba mheasa a bhí an ráig sa Spáinn fógraíodh lá amháin i dtús mhí Aibreáin bás 950 duine.

Thug Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez, rabhadh don phobal, áfach, go bhféadfadh líon na gcásanna den víreas tosú ag fás arís.

“Níl deireadh fós leis an dtroid in aghaidh na heipidéime mar níl an ruaig curtha againn ar an ngalar agus ní bheidh nó go mbeidh vacsaín againn nó go mbeidh leigheas ceart againn air,” arsa Pedro Sánchez.

Sa Fhrainc, den chéad uair le 55 lá anuas, tá cead amach chun taistil ag daoine arís gan ceadúnas a bheith acu. Ón lá inniu tá cead ag daoine dul 100 ciliméadar ó bhaile.

Chuaigh gruagairí, siopaí stáiseanóireachta agus gnóthaí eile i mbun gnó den chéad uair le hocht seachtaine ach tá an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm go láidir iontu go léir. Tá bialanna, caiféanna agus músaeim fós iata.

Tuairiscítear go raibh deacrachtaí ann an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm ar an gcóras iompair poiblí i bPáras inniu.

Tá bunscoileanna sa Fhrainc oscailte arís chomh maith ach rialacha diana i bhfeidhm faoi líon na ndaltaí a cheadaítear a bheith ar an láthair ag aon am amháin. Is amhlaidh an scéal san Ísiltír mar a bhfuil na bunscoileanna ag oscailt ach srianta éagsúla i bhfeidhm leis an dara ráig den víreas a sheachaint.

Tá scoileanna oscailte arís san Eilvéis mar a bhfuil siopaí agus bialanna i mbun gnó athuair freisin.

Sa Bhreatain tá treoir tugtha ag an Rialtas do dhaoine a n-aghaidh a chlúdach aon áit nach féidir an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm.

Idir an dá linn, tá sé ina imní sa tSín go bhféadfadh ráig eile den víreas tosú toisc gur aimsíodh braisle cásanna gar de theorainn na Rúise. Thángthas chomh maith ar chásanna nua in Wuhan, an chathair inar thosaigh an galar anuraidh.

17 cás nua den ghalar a d’fhógair údaráis nua na Síne inné, an líon is mó cásanna le beagnach coicís.

De réir an áirimh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins, breis is 4.1 milliún cás den ghalar atá deimhnithe sa domhan agus nach mór 285,000 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa Bhreatain agus san Iodáil a tuairiscíodh an líon is mó básanna go dtí seo.

 

Fág freagra ar 'Cead amach gan cheadúnas sa Fhrainc den chéad uair le 55 lá'