Cead ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar as féin ón mBreatimeacht – ECJ

Labhair Príomh-Aire na Breataine Theresa May leis an Taoiseach Leo Varadkar aréir agus tuairiscí ann go bhfuil fúithi vóta cinniúnach an lae amárach in Westminster a chur siar

Cead ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar as féin ón mBreatimeacht – ECJ

 D’fhéadfadh an Ríocht Aontaithe stop a chur as féin leis an bpróiseas Breatimeachta de réir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Agus vóta beartaithe in Westminster amárach faoi mhargadh Breatimeachta Theresa May, féachfar ar chinneadh an ECJ mar spreagadh dóibh siúd atá ag iarraidh go mbeadh reifreann eile ann faoin mBreatimeacht.

Ba é breithiúnas na cúirte ná go bhféadfadh aon bhallstát fógra imeachta alt 50 a tharraingt siar gan cead a fháil ó na ballstáit eile.

Dhiúltaigh an chúirt Eorapch d’áitiú Rialtas na Breataine agus an Choimisiúin Eorpaigh nach bhféadfaí cinneadh aontaobhach a ghlacadh tarraingt siar ó fhógra imeachta.

Idir an dá linn, labhair Príomh-Aire na Breataine Theresa May leis an Taoiseach Leo Varadkar aréir agus ráflaí ann go bhfuil fúithi vóta cinniúnach an lae amárach a chur siar ar mhaithe le filleadh ar an mBruiséil chun dul i mbun idirbheartaíochta arís faoin gcúlstop.

Dúirt rúnaí timpeallachta na Breataine Michael Gove ar maidin go mbeadh an vóta amárach ann agus gur cuma faoi chinneadh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ó tharla go raibh reifreann cheana faoin mBreatimeacht agus go rabhthas ag dul ar aghaidh leis.

Ina ainneoin sin, tá tuairiscí ann i gcónaí go gcuirfidh May an vóta faoin margadh Breatimeachta in Westminster siar ag an nóiméad deireanach agus an chuma ar chúrsaí go vótálfadh móramh mór ina choinne.

Fág freagra ar 'Cead ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar as féin ón mBreatimeacht – ECJ'